EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014DC0219

Ligean le cumas na seirbhísí móibíleacha sláinte san Aontas Eorpach

Ligean le cumas na seirbhísí móibíleacha sláinte san Aontas Eorpach

Sa Pháipéar uaine ar sheirbhísí sláinte lena dtacaíonn gléasanna móibíleacha (seirbhísí móibíleacha sláinte), arna fhógairt sa phlean gníomhaíochta um ríomhsheirbhísí sláinte 2012-20, cuireadh tús le comhairliúchán poiblí faoin teicneolaíocht seo atá ag teacht chun cinn, teicneolaíocht a bhfuil forbairt thapa á déanamh uirthi agus a thacaíonn le cleachtadh leighis agus le cleachtadh sláinte poiblí trí bhíthin gléasanna móibíleacha.

ACHT

Páipéar Uaine maidir le seirbhísí sláinte lena dtacaíonn gléasanna móibíleacha (seirbhísí móibíleacha sláinte) (COM(2014) 219 final an 10.4.2014)

ACHOIMRE

Sa Pháipéar uaine ar sheirbhísí sláinte lena dtacaíonn gléasanna móibíleacha (seirbhísí móibíleacha sláinte), arna fhógairt sa phlean gníomhaíochta um ríomhsheirbhísí sláinte 2012-20, cuireadh tús le comhairliúchán poiblí faoin teicneolaíocht seo atá ag teacht chun cinn, teicneolaíocht a bhfuil forbairt thapa á déanamh uirthi agus a thacaíonn le cleachtadh leighis agus le cleachtadh sláinte poiblí trí bhíthin gléasanna móibíleacha.

D’fhéadfadh seirbhísí móibíleacha sláinte athrú a chur ar an chúram sláinte agus caighdeán agus éifeachtúlacht an chúraim a fheabhsú. Áirítear le seirbhísí móibíleach sláinte:

  • feidhmchláir a nascann le feistí leighis nó le braiteoirí (m.sh. bráisléidí, uaireadóirí);
  • córais threoraíochta phearsanta;
  • meabhrúcháin um fhaisnéis sláinte a sheoltar amach trí theachtaireacht téacs;
  • teilileigheas a chuirtear ar fáil gan sreang.

Le linn an chomhairliúcháin, tugadh cuireadh do raon páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí maidir le seirbhísí móibíleacha sláinte a chur in iúl, páirtithe leasmhara amhail:

  • údaráis réigiúnacha agus náisiúnta;
  • gairmithe agus cumainn cúram sláinte;
  • tomhaltóirí agus úsáideoirí na bhfeidhmchlár;
  • forbróirí feidhmchlár agus monaróirí gléasanna móibíleacha;
  • cuideachtaí árachais.

Le linn an chomhairliúcháin cuireadh béim ar na buntáistí a bhaineann le seirbhísí móibíleacha sláinte agus lena gcumas, lena n-áirítear margaí domhanda ollmhóra. Ina dhiaidh sin iarradh tuairimí faoin chaoi ar ceart dul i ngleic leis na bacainní agus leis na ceisteanna a bhaineann le húsáid níos leithe a bhaint as seirbhísí móibíleacha sláinte san Eoraip.

Ceisteanna a bhaineann le seirbhísí móibíleacha sláinte

  • cosaint sonraí (m.sh. slándáil na sonraí sláinte pearsanta);
  • sonraí móra (cumas na mbunachar sonraí sláinte mór / comhlíonadh ceanglas dlíthiúil/eiticiúil a uasmhéadú);
  • easpa eolais faoi na dlíthe AE reatha atá infheidhmithe maidir le seirbhísí móibíleacha sláinte;
  • sábháilteacht na n-othar agus trédhearcacht faisnéise;
  • idir-inoibritheacht réiteach agus gléasanna a bhaineann le seirbhísí móibíleacha sláinte;
  • samhlacha aisíocaíochta (le haghaidh othair a úsáideann seirbhísí móibíleacha sláinte);
  • dliteanas (cé a bheidh freagrach as na hothair a ndéanfar díobháil dóibh de bharr réitigh seirbhísí móibíleacha sláinte);
  • taighde agus nuáil maidir le seirbhísí móibíleacha sláinte;
  • comhar idirnáisiúnta (a thacaíonn le comhaontuithe, m.sh. meabhrán tuisceana AE-SAM maidir le ríomhsheirbhísí sláinte/TF sláinte);
  • an mhargadh seirbhísí móibíleacha sláinte (conas tacú leis in AE).

Teacht chun cinn na seirbhísí móibíleacha sláinte

Tá timpeall 100 000 feidhmchlár seirbhísí móibíleacha sláinte le fáil lena n-úsáid ar iliomad ardán móibíleach, feidhmchláir a chuimsíonn spórt, aclaíocht agus sláinte mar shampla. Faoin bhliain 2017, meastar go mbeidh fón cliste ag 3.4 billiún duine ar fud an domhain agus go mbainfidh leath de na daoine seo úsáid as feidhmchláir seirbhísí móibíleacha sláinte. Dá mbainfí úsáid iomlán as cumas na seirbhísí móibíleacha sláinte faoin bhliain 2017, d’fhéadfadh AE €99 mbilliún i gcostais cúram sláinte a shábháil.

Bhí an comhairliúchán poiblí ar siúl idir an 10 Aibreán agus an 10 Iúil 2014. Foilseoidh an Coimisiún Eorpach achoimre de na freagairtí i ndeireadh na bliana 2014. Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar ag na freagairtí seo ar ghníomhartha beartais an Aontais Eorpaigh maidir le seirbhísí móibíleacha sláinte sa bhliain 2015, agus go mbeidh tionchar acu chomh maith ar chláir chistiúcháin amhail Fís 2020.

doiciméad oibre de chuid bhaill foirne an Choimisiúin i ndáil leis an chreat dlíthiúil AE reatha, atá infheidhmithe maidir le feidhmchláir stíle maireachtála agus folláine, ag gabháil leis an Pháipéar Uaine.

ACHTANNA GAOLMHARA

Doiciméad oibre de chuid bhaill foirne an Choimisiúin maidir leis an gcreat dlíthiúil AE reatha atá infheidhmithe maidir le feidhmchláir stíle maireachtála agus folláine: A ghabhann leis an doiciméad Páipéar Uaine maidir le seirbhísí sláinte lena dtacaíonn gléasanna móibíleacha (seirbhísí móibíleacha sláinte) (SWD(2014) 135 final an 10.4.2014).

03.11.2014

Barr