This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013DC0279
Plean gníomhaíochta um straitéis mhuirí maidir le limistéar an Atlantaigh
Plean gníomhaíochta um straitéis mhuirí maidir le limistéar an Atlantaigh
Ghlac an Coimisiún Eorpach le plean gníomhaíochta an Atlantaigh sa bhliain 2013. Féachtar leis an bplean na geilleagair mhuirí san imchuach farraige sin (an Fhrainc, Éire, an Phortaingéil, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe) a athbheochan trína chumas eacnamaíoch agus comhshaoil a chothú.
GNÍOMH
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta um Straitéis Mhuirí maidir le limistéar an Atlantaigh - Fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur ar fáil (COM(2013) 279 final an 13 Bealtaine 2013)
ACHOIMRE
Ghlac an Coimisiún Eorpach le plean gníomhaíochta an Atlantaigh sa bhliain 2013. Féachtar leis an bplean na geilleagair mhuirí san imchuach farraige sin (an Fhrainc, Éire, an Phortaingéil, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe) a athbheochan trína chumas eacnamaíoch agus comhshaoil a chothú.
CÉARD A DHÉANANN AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA SEO?
Leanann an plean gníomhaíochta seo straitéis an Atlantaigh de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), arna glacadh ag an gCoimisiún Eorpach sa bhliain 2011, agus an straitéis um fhás gorm, arna glacadh sa bhliain 2012. Tugtar achoimre sa phlean gníomhaíochta ar an gcaoi ar féidir le páirtithe leasmhara (údaráis phoiblí, gnó, grúpaí saoránach, taighdeoirí, srl.) sna cúig thír AE san imchuach farraige seo obair le chéile chun fás inbhuanaithe agus cruthú fostaíochta a chur chun cinn, agus cobhsaíocht chomhshaoil agus éiceolaíochta an limistéir á cosaint.
PRÍOMHPHOINTÍ
Braitheann rath an phlean ghníomhaíochta ar mheascán iarrachtaí i dtrí réimse dhifriúla ionas gur féidir barr cumais an gheilleagair ghoirm a bhaint amach:
Aithníodhceithre thosaíocht :
Fiontraíocht agus nuálaíocht a chur chun cinntrí :
Cumas thimpeallacht mhuirí agus chósta an Atlantaigh a chosaint, a dhaingniú agus a fhorbairt, mar shampla trí:
Inrochtaineacht agus nascacht a fheabhsútrí:
Samhail forbartha réigiúnaí a chruthú atá inbhuanaithe agus atá cuimsitheach ar bhonn sóisialtatrí :
Féadfar na tosaíochtaí forbartha agus taighde a aithnítear sa phlean gníomhaíochta a mheas, chun féachaint an dtabharfar maoiniú AE dóibh.
Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreán gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.
GNÍOMH GAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Mhuirí a fhorbairt do Limistéar an Aigéin Atlantaigh (COM(2011) 782 final an 21 Samhain 2011)
Nuashonraithe 30.09.2015