EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012XG0615(02)

Oidhreacht chultúrtha na hEorpa a dhigitiú agus a chaomhnú ar líne le rochtain a bheith ag cách uirthi

Oidhreacht chultúrtha na hEorpa a dhigitiú agus a chaomhnú ar líne le rochtain a bheith ag cách uirthi

 

ACHOIMRE AR:

Conclúidí maidir le digitiú an ábhair chultúrtha agus lena rochtain ar líne agus maidir le caomhnú digiteach

CAD IS AIDHM LEIS NA CONCLÚIDÍ?

  • Sonraíonn an Chomhairle a thábhachtaí is atá digitiú ábhair chultúrtha agus rochtain ar líne uirthi agus an caomhnú digiteach.
  • Deir sí go gcuireann an próiseas seo ar chumas cách cultúr agus eolas a rochtain sa ré dhigiteach, agus saibhreas oidhreacht chultúrtha na hEorpa mar aon lena héagsúlacht á gcur chun cinn.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Acmhainn thábhachtach do thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha na hEorpa is ea an t-ábhar digitithe cultúrtha, acmhainn lena spreagtar an geilleagar agus poist. Cuirtear chun cinn léi chomh maith an margadh aonair digiteach, trí bhíthin táirgí agus seirbhísí nuálacha nua a thairiscint ar líne.
  • Deir an Chomhairle freisin, áfach, go gcaithfidh an AE a ghníomh a chomhordú, agus sineirgí a chruthú idir iarrachtaí náisiúnta agus a chinntiú go mbaintear “tairseach criticiúil” amach maidir le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa a rochtain ar líne.
  • Cuireann an Chomhairle béim chomh maith ar an athrú a tháinig ó 2006 i leith ar chomhthéacs na n-iarrachtaí digitithe agus an chomhoibrithe ar leibhéal Eorpach. Is í an fhorbairt is tábhachtaí ná Europeana — comhphointe ilteangach rochtana ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa ar líne. Seoladh an leabharlann, iarsmalann agus cartlann seo, a chuirtear ar fáil go digiteach, sa bhliain 2008, agus, ina dhiaidh sin, leagadh amach pleananna maidir le forbairt na háise sa bhliain 2010 i gconclúidí na Comhairle maidir le Europeana: na chéad chéimeanna eile.
  • Cuireann an Chomhairle fáilte roimh Mholadh an Choimisiúin Eorpaigh den 27 Deireadh Fómhair 2011 maidir le digitiú ábhair chultúrtha agus lena rochtain ar líne agus maidir le caomhnú digiteach (2011/711/AE) mar chuid den chlár oibre digiteach don EoraipÁirítear ar an moladh sin sraith nuashonraithe beart chun dlús a chur le hiarrachtaí digitithe, lena n-áirítear
    • iarrachtaí digitithe agus cistiúchán a chur le chéile,
    • comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha chun úsáidí nuálacha an ábhair a spreagadh,
    • dálaí feabhsaithe le haghaidh digitithe agus le haghaidh rochtana ar líne ar ábhar atá faoi chóipcheart, agus
    • spriocanna cainníochtúla oibiachtaí digitithe a mbíonn rochtain orthu trí bhíthin Europeana

Moltaí

Agus aitheantas tugtha ag an Chomhairle don dul chun cinn atá déanta sa réimse seo ag tíortha AE agus don obair luachmhar atá déanta ag Europeana, cuirtear béim ar an ghá atá ann:

  • le saibhreas oidhreacht chultúrtha na hEorpa ar líne a chur in iúl agus le cruthú inneachair agus seirbhísí nua ar líne a chur chun cinn;
  • le hinmharthanacht fhadtéarmach Europeana a chinntiú, lena n-áirítear caighdeán agus cineál an inneachair chultúrtha dhigitithe a fheabhsú;
  • le cáilíocht agus caighdeáin theicniúla inneachar Europeana a chur chun cinn, trí bhíthin thíortha AE agus an Choimisiúin;
  • le hobair bhreise a dhéanamh ar chaighdeáin theicniúla le haghaidh digitithe agus meiteashonraí, lena n-áirítear trí bhíthin Europeana;
  • le tuilleadh eolais faoi chóipcheart a chur ar fáil trí Europeana;
  • le comhaontuithe deonacha a chur chun cinn a bhaineann le digitiú mórscála agus le rochtain ar líne ar oibreacha as tráchtáil, lena mbaineann deimhneacht dhlíthiúil i gcomhthéacs náisiúnta agus trasteorann;
  • le cearta maoine intleachtúla a chur san áireamh maidir le digitiú oidhreacht chultúrtha ar líne na hEorpa agus lena rochtain ar líne.

CÚLRA

Tá tuilleadh eolais a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conclúidí ón gComhairle an 10 Bealtaine 2012 maidir le digitiú ábhair chultúrtha agus lena rochtain ar líne agus maidir le caomhnú digiteach (IO C 169, 15.6.2012, lgh. 5-8)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Conclúidí ón gComhairle maidir le Digitiú Ábhair Chultúrtha agus lena Rochtain Ar Líne agus maidir le Caomhnú Digiteach (IO C 297, 7.12.2006, lgh. 1–5)

Conclúidí ón gComhairle an 10 Bealtaine 2010 maidir le Europeana: na chéad chéimeanna eile (IO C 137, 27.5.2010, lgh. 19-21)

Moladh ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2011 maidir le digitiú ábhair chultúrtha agus lena rochtain ar líne agus maidir le caomhnú digiteach. (2011/711/AE) (IO L 283, 29.10.2011, lgh. 39-45)

Nuashonraithe 03.08.2016

Barr