Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009DC0082

    Cosc ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine san Aontas Eorpach

    Cosc ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine san Aontas Eorpach

     

    ACHOIMRE AR:

    Teachtaireacht (COIM(2009) 82 leagan deireanach) — Cur chuige an Chomhphobail maidir le cosc ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéantús an duine

    CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

    • Sainítear inti cur chuige an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a thuar agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Maidir leis sin, moltar sraith beart inti a chuirfear chun feidhme ar leibhéal AE.
    • Ullmhaíodh an foras inti chun fócas níos láidre a chur ar chosc i reachtaíocht athbhreithnithe AE um chosaint shibhialta (Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta) ina leagtar amach foras chun beartas forleathan um bainistíocht riosca tubaistí a chur chun feidhme, agus cuirtear cur chuige iomlán chun cinn inti maidir le gach riosca nádúrtha agus gach riosca de dhéantús an duine, ó chosc agus ullmhacht tubaistí go dtí freagairt a thabhairt ar thubaistí.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Is iad bás daoine agus damáiste eacnamaíoch agus comhshaoil na tionchair is tromchúisí le tubaistí nádúrtha agus le tubaistí de dhéantús an duine atá ag méadú de réir cuma i gcomhthéacs líonta agus déine araon. Is iad iarmhairtí an athraithe aeráide agus na forbartha uirbí agus tionsclaíche go háirithe is cúis leis an leochaileacht i leith tubaistí den sórt sin atá ag méadú.

    Tá an straitéis atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach ina cuid de shraith ionstraimí lena bhfuil gné sheachtrach agus inmheánach araon. Ní chumhdaítear éigeandálaí léi a bhaineann le coinbhleachtaí nó gníomhartha sceimhlitheoireachta.

    Príomhbhearta

    Tá straitéis 2009 bunaithe ar 3 phríomhthéama:

    • An t-eolas atá ann cheana a fhorbairt chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht beartas um chosc, áirítear leis sin
      • faisnéis inchomparáide maidir le tosca tubaistí a bhailiú;
      • dea-chleachtas i nósanna imeachta bainistíochta riosca (pleanáil talamhúsáide, pleananna éigeandála, etc.); agus
      • limistéir riosca in AE a mhapáil;
    • méadú a dhéanamh ar chomhar na ndaoine atá páirteach i mbainistíocht tubaistí trí shainlíonra chun feabhas a chur ar chomhordú beart AE, náisiúnta agus réigiúnach agus feabhas a chur ar an bhfaisnéis do shaoránaigh maidir le huimhir éigeandála “112” AE;
    • úsáid a bhaint as na hionstraimí reachtacha agus airgeadais reatha le haghaidh gníomh coisctheach, mar shampla sna réimsí maidir le forbairt tuaithe, cosaint shibhialta, cosaint an chomhshaoil, taighde, agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.

    Fócas níos láidre ar chosc sa reachtaíocht um chosaint shibhialta

    In mí na Nollag 2013, ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an cinneadh maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Agus an cinneadh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014, tugtar fócas láidir isteach leis inter alia maidir le tubaistí a chosc, agus le rialacha a bhaineann le bainistíocht riosca agus measúnú ar chumas na bainistíochta riosca, agus leagtar amach ann sraith uaillmhianach tionscnamh a chuirfidh an Coimisiún chun feidhme (lena n-áirítear measúnú riosca, cumas na bainistíochta riosca agus athbhreithniú piaraí deonach).

    CÚLRA

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Cur chuige an Chomhphobail maidir le cosc ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéantús an duine (COM(2009) 82 leagan deireanach, 23.2.2009)

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 924-947)

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — I dTreo freagairt Eorpach níos láidre ar thubaistí: ról na cosanta sibhialta agus na cabhrach daonnúla (COIM(2010) 600 leagan deireanach, 26.10.2010)

    Nuashonraithe 17.01.2017

    Barr