EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008DC0725

Lucht saothair cúram sláinte AE

Lucht saothair cúram sláinte AE

 

ACHOIMRE AR:

Páipéar Uaine ón gCoimisiún (COM(2008) 725 final) maidir le lucht saothair AE don tsláinte

Plean Gníomhaíochta (SWD(2012) 93 final) do lucht saothair sláinte AE

CAD IS AIDHM LEIS AN BPLEAN GNÍOMHAÍOCHTA?

  • Is é is aidhm leis cuidiú le tíortha AE dul i ngleic leis na príomhdhúshláin san earnáil sláinte agus leagtar amach gníomhaíochtaí ann chun feabhas a chur ar an gcomhar Eorpach agus ar dhea-chleachtais a chomhroinnt.
  • Léirítear sa Phlean Gníomhaíochta na tosaíochtaí arna sainaithint ag airí sláinte AE i mí na Nollag 2010 agus tógtar ar aiseolas ó chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin ar an bPáipéar Uaine maidir le lucht saothair AE don tsláinte in 2008.

PRÍOMHPHOINTÍ

An Páipéar Uaine

Rinneadh scrúdú sa Pháipéar Uaine ar na dúshláin atá le sárú ag AE maidir lena lucht saothair don tsláinte. Moladh roinnt bealaí ann le dul chun tosaigh, lena n-áirítear:

  • an acmhainn maidir le scagadh a neartú, an tsláinte a chur cinn agus galair a chosc;
  • dea-chleachtas a mhalartú maidir le soghluaisteacht na n-oibrithe sláinte;
  • athmhachnamh a dhéanamh ar na prionsabail maidir le baill foirne a earcú ó thíortha neamh-AE;
  • faisnéis inchomparáide a bhailiú faoi oibrithe sláinte;
  • oiliúint a ráthú do na hoibrithe sin maidir le teicneolaíocht úr a úsáid, chomh maith le scileanna eile;
  • fiontraithe a spreagadh tuilleadh chun dul isteach san earnáil sláinte.

Plean Gníomhaíochta

Sainaithníodh cúig dhúshlán idirghaolmhara sa Phlean Gníomhaíochta do lucht saothair sláinte AE atá ann i ngeall ar dhaonra atá ag dul in aois:

  • méadú ar an éileamh saothair;
  • an gá le cóireálacha úra agus bealaí úra chun cúram a sheachadadh;
  • laghdú i líon na ngairmithe cúram sláinte;
  • deacrachtaí maidir le baill foirne sláinte a earcú agus a choinneáil;
  • ganntanais i lucht saothair an chúraim shláinte ag dul in olcas.

Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, mhol an Coimisiún Eorpach gníomhaíochtaí sna réimsí seo a leanas:

  • Feabhas a chur ar phleanáil agus réamhaisnéis an lucht saothair sláinte
    • gníomhaíocht chomhpháirteach AE 3 bliana maidir le réamhaisnéis a dhéanamh ar riachtanais an lucht saothair sláinte i leith pleanáil éifeachtach in AE, a bhí le lainseáil faoi dheireadh 2012;
    • staidéar a rinneadh ar na hinniúlachtaí struchtúir agus oiliúna in AE.
  • Riachtanais scileanna amach anseo a thuar, agus feabhas a chur ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil
    • comhaontas scileanna earnála AE a thabhairt isteach don tsláinte, chun cúrsaí oiliúna a bhaineann go sonrach leis an earnáil agus cineálacha úra teagaisc ghairmoideachais agus gairmoiliúna a fhorbairt;
    • cláir AE um maoiniú a chur chun cinn níos mó (e.g. Erasmus +) ina soláthrófar tacaíocht d’oideachas agus oiliúint thrasteorann, agus do mhic léinn liachta agus d’oibrithe cúram sláinte chomh maith.
  • Gairmithe cúram sláinte a earcú agus a choinneáil
    • ba cheart an dóigh a mbíonn tionchar ag an timpeallacht oibre ar earcaíocht, ar choinneáil ar shoghluaisteacht agus ar fheidhmíocht oibrithe a chur san áireamh i bpleanáil lucht oibre, chomh maith le haschuir shláinte agus cáilíocht an chúraim d’othair;
    • Ba cheart do thíortha AE cleachtais an aonaid oibre agus an mhargaidh shaothair a ghlacadh chun feabhas a chur ar dheiseanna d’oibrithe scothaosta.
  • Earcú eiticiúil na ngairmithe cúram sláinte

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

An Páipéar Uaine maidir le lucht saothair AE don tsláinte (COM(2008) 725 final, 10.12.2008)

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Plean Gníomhaíochta do Lucht Saothair Sláinte AE — Ag gabháil leis an doiciméad—Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — I dtreo téarnaimh lena gcruthófar poist (SWD(2012) 93 final, 18.4.2012)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — I dtreo téarnaimh lena gcruthófar poist (COM(2012) 173 final, 18.4.2012)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/50/CE maidir leis na coinníollacha ligean isteach agus cónaí náisiúnaigh neamh-AE chun críocha fostaíocht ardchaighdeáin (“Cárta Gorm AE”) (COM(2014) 287 final, 22.5.2014)

Nuashonraithe 09.01.2017

Barr