This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1139
An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus Dobharshaothraithe (2021-2027)
Tosaíochtaí
Tacaíonn CEMID le comhbheartas iascaigh AE, beartas muirí AE agus clár AE do rialachas idirnáisiúnta na n–aigéan. Cabhraíonn sé sin le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh agus cuireann sé le cosaint na bithéagsúlachta muirí, le spriocanna AE um maolú ar an athrú aeráide agus le soláthar bia.
Tacaíonn CEMID le tionscaimh nuálacha a cabhraíonn le húsáid inbhuanaithe agus bainistíocht achmhainní uisceacha agus muirí. Go sonrach, éascaítear an méid seo a leanas leis:
Ag tabhairt faoi na cuspóirí sin, dírítear go sonrach in CEMID ar inbhuanaitheacht agus ar bhrabúsacht mioniascach cois cósta agus ar fhorbairt inbhuanaithe na ngníomhaíochtaí muirí sna réigiúin is forimeallaí.
Buiséad
Is é EUR 6 108 000 000 (ag praghsanna 2021) buiséad CEMID don tréimhse 2021-2027, agus tá sé roinnte mar seo a leanas:
Liostaítear in Iarscríbhinn V na hacmhainní domhanda in aghaidh an Bhallstáit ó CEMID do gach bliain idir 2021 go 2027. Maidir le hoibríochtaí sna réigiúin is forimeallaí, ní mór do na Ballstáit lena mbaineann na méideanna seo ar a laghad a leithdháileadh ó na méideanna domhanda sin:
Clárú
Meastóireacht agus faireachán
Déantar faireachán leanúnach ar chur chun feidhme CEMID ar bhealach trédhearcach, i gcomhréir leis na rialacha comhchoiteanna a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1060 agus na rialacha sonracha i Rialachán CEMID.
Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lgh. 1-49)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1972 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 trí na critéir a leagan síos maidir le ríomh na gcostas breise arna dtabhú ag oibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí (IO L 402, 15.11.2021, lgh. 1-3).
Rialachán (AE) 2021/1060 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 159-706)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Cur chuige nua maidir le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas Eorpach – Geilleagar gorm an Aontais a chlaochlú ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe (COM(2021) 240 final, 17.5.2021).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 — An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (COM(2020) 380 final, 20.5.2020).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final, 11.12.2019)
Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lgh. 1-21).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/1004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 1-21).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle ar 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht phobail i réimse beartas na muirthimpeallachtaí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ) (IO L 164, 25.6.2008, lgh. 19-40).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 26.11.2021