EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0948

Comhar airgeadais le tíortha neamh-AE maidir le sábháilteacht núicléach 2021-2027

Comhar airgeadais le tíortha neamh-AE maidir le sábháilteacht núicléach 2021-2027

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (Euratom) 2021/948 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach agus lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach. Beidh an clár sin i bhfeidhm ar feadh thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an Aontais Eorpaigh (AE) ó 2021 go 2027. Leagtar amach ann an méid seo a leanas maidir leis an gclár:

  • cuspóirí ginearálta agus sonracha
  • méid, foirmeacha agus rialacha mhaoiniú AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad príomhchuspóirí an rialacháin seo ná:

  • tacú le hardchaighdeán de shábháilteacht núicléach, le cosaint ar radaíocht agus le cur i bhfeidhm coimircí ábhair núicléach go héifeachtúil agus go héifeachtach i dtíortha nach tíortha AE iad;
  • tógáil ar ghníomhaíochtaí AE laistigh de reachtaíocht ábhartha de chuid an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom);
  • an trédhearcacht a spreagadh maidir le cinntí a bhaineann le cúrsaí núicléacha i dtíortha nach tíortha AE iad.

Is iad cuspóirí sonracha na hionstraime ná:

  • Cultúr éifeachtach maidir le sábháilteacht núicléach agus cosaint ar radaíocht a chur chun cinn leis na caighdeáin cur chun feidhme is airde agus le feabhsúchán leanúnach;
  • an bainistiú slán sábháilte de bhreosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach agus díchoimisiúnú iar-shuíomhanna núicléacha agus iar-mhonarchana;
  • coimircí ábhair núicléach éifeachtúil agus éifeachtach i dtíortha nach tíortha AE iad.

Is é EUR 300 milliún (praghsanna reatha) an buiséad 7 mbliana chun an clár a chur chun feidhme. Féadfaidh é seo a úsáid i gcomhair:

  • deontas
  • conarthaí sóláthair phoiblí i gcomhair seirbhísí nó soláthairtí
  • chun saineolaithe seachtracha a íoc
  • cumasc*.

Cláir ilbhliantúla:

  • soláthraíonn siad an creat i gcomhair comhoibriú idir AE agus tíortha nach tíortha AE iad agus réigiúin nach réigiúin AE iad;
  • spriocanna AE a chur in iúl ar shlí atá ar aon dul lena thosaíochtaí féin, le riachtanais agus gníomhaíochtaí a chomhpháirtithe, agus le cúrsaí idirnáisiúnta;
  • an breisluach de thionscnaimh a mhíniú agus conas a sheachnaíonn siad dúbláil le cláir eile;
  • réimsí tosaíochta a leagan amach maidir le maoiniú, cuspóirí faoi leith, torthaí ionchasacha agus táscairí feidhmíochta;
  • tá siad bunaithe ar phlé le tíortha comhpháirtíochta agus geallsealbhóirí ábhartha.

Glacann an Coimisiún Eorpach leis an méid seo a leanas:

  • Na cláir ilbhliantúla, tar éis dul i gcomhairle le Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach agus, nuair is gá, athbhreithniú a dhéanamh orthu — agus uasdátú a dhéanamh orthu más gá — 4 bliana ar a laghad tar éis glacadh leo;
  • pleananna gníomhaíochta bliantúla bunaithe ar na cláir ilbhliantúla agus ar bhearta speisialta agus tacaíochta, a shonraíonn na cuspóirí do gach tír nach tír AE í nó réigiún nach réigiún AE é, na
    • Spriocanna, nósanna imeachta bainistíochta agus na tionscadail le maoiniú
    • tráthchlár táscach, torthaí ionchasacha agus príomhghníomhaíochtaí

Na critéir incháilitheachta le haghaidh maoiniú ón Ionstraim:

  • tugann siad tús áite do dhaoine agus eintitis ó thíortha (aontacha, ar iarrthóirí iad agus iarrthóirí ionchasacha iad) atá incháilithe chun chur isteach ar bhallraíocht AE agus do na comharsana is giorra dó in oirthear agus deisceart na hEorpa i mbeartas comharsanachta na hEorpa agus caibidlíocht maidir le méadú;
  • ligeann siad d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus d’eintitis dhlítheanacha bunaithe i liosta fada de thíortha páirt a ghlacadh i soláthar poiblí, nósanna imeachta maidir le bronnadh deontas agus gradam.

I gcás tíortha nach tíortha AE iad agus ar mian leo comhoibriú le AE, caithfidh:

Cuireann an rialachán in iúl go soiléir nach ag iarraidh an fuinneamh núicléach a chur chun cinn atá AE agus é ag obair i gcomhar maidir le sábháilteacht agus slándáil núicléach.

Comhoibriú faoin rialachán:

  • spriocanna:
    • údaráis rialála maidir le sábháilteacht núicléach agus eagraíochtaí tacaíochta teicniúla
    • gníomhaireachtaí náisiúnta i bhfeighil bainistiú sábháilte de dhramhaíl radaighníomhach
    • geallsealbhóirí náisiúnta atá freagrach as míniú a thabhairt agus smacht a choimeád ar ábhar núicléach
    • oibritheoirí de stáisiúin cumhachta núicléiche;
  • clúdaíonn sé:
    • nósanna imeachta creat rialála agus córais a neartú
    • socruithe éifeachtacha a chur ar bun chun cosc a chur ar thionóiscí le hiarmhairtí raideolaíocha
    • bainistiú sábháilte de bhreosla spíonta agus de dhramhaíl radaighníomhach a fhorbairt agus a chur chun feidhme
    • tacú le bearta cosanta praiticiúla a laghdaíonn rioscaí a bhaineann le radaíocht d’oibrithe agus don phobal
    • straitéisí a cheapadh maidir le stáisiúin núicléacha a dhíchoimisiúnú, seansuíomhanna a dhéanamh sábháilte agus ábhar agus rudaí radaighníomhacha a aisghabháil, fiú más san fharraige atá siad
    • córas rialála a chruthú chun coimircí núicléacha a chur chun feidhme
    • pearsanra a chur faoi oiliúint
    • trealamh a thabhairt d’oibrithe i stáisiúin núicléacha i gcásanna eisceachtúla agus nuair atá údar maith acu leis.

Tá na bearta monatóireachta chun tionchar na hionstraime a mheas bunaithe ar na táscairí seo a leanas:

  • achtanna dlí agus rialála ullmhaithe;
  • dearadh, coincheap nó staidéir féidearthachta chun na caighdeáin is airde de shábháilteacht núicléach a bhaint amach;
  • torthaí de shábháilteacht núicléach, de chosaint radaigníomhach agus de bhearta éifeachtacha maidir le coimircí a fheabhsú.

An Ionstraim:

  • Caithfidh sé bheith ar aon dul leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/947 (féach an achoimre), le gníomhaíochtaí chomhbheartas eachtrach agus slándála AE agus le beartais agus cláir ábhartha eile;
  • d’fhéadfadh sé tacaíocht airgid a fháil ó chláir AE eile, ar an gcoinníoll nach gclúdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna;
  • aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 leis.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Aon áit a dtáirgtear fuinneamh núicléach, caithfear an próiseas iomlán, lena n-áirítear fáil réidh le dramhaíl radaighníomhach agus stáisiúin núicléacha a dhíchoimisiúnú, a dhéanamh ar bhealach slán sábháilte.

Tá an-taithí ag AE sa réimse seo agus úsáideann sé an taithí seo chun cabhrú le tíortha eile chun na caighdeáin sábháilteachta is airde a bhaint amach.

Tá sé mar aidhm ag an rialachán comhleanúnachas agus éifeachtacht bheartais sheachtracha de chuid AE a mhéadú d’fhonn an creat idirnáisiúnta nua a chur chun feidhme arna bhunú ag an gclár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aonaithe, an stráitéis dhomhanda do bheartas eachtrach agus slándála de chuid an Aontais Eorpaigh (féach an achoimre), an Comhdhearcadh Eorpach nua maidir le Forbairt (féach an achoimre) agus Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (féach an achoimre).

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cumasc: deontais theoranta a úsáid chun leas a bhaint as maoiniú ó institiúidí agus ón earnáil phríobháideach d’fhonn tionchar forbartha de thionscadail infheistíochta a mhéadú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (Euratom) 2021/948 ón gComhairle ar 27 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 (IO L 209, 14.6.2021, lgh. 79-90)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach (IO C 210, 30.6.2017, lgh. 1-24)

Fís Chomhroinnte, Oibriú Comónta: Eoraip níos láidre — an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh (Meitheamh 2016, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS))

Nuashonraithe 26.07.2021

Barr