Wybierz funkcje eksperymentalne, które chcesz wypróbować

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Dokument 32020R2221

    REACT-EU — Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do chríocha na hEorpa

    REACT-EU — Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do chríocha na hEorpa

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2020/2221 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar (REACT-EU)

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    • Leasaítear leis Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (féach an achoimre) agus leagtar síos leis na rialacha maidir le EUR 47.5 billiún a leithdháileadh ón gclár cúnaimh téarnaimh don chomhtháthú agus do chríocha na hEorpa (REACT-EU) chun cabhrú le Ballstáit AE agus na réigiúin is mó atá buailte ag paindéim COVID-19.
    • Tá sé beartaithe leis an maoiniú iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na paindéime a mhaolú agus Aontas Eorpach (AE) glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Leithdháileadh

    • Cuimsítear sa leithdháileadh EUR 47.5 billiún (ag praghsanna 2018) EUR 18 milliún i dtacaíocht riaracháin (0.35 % den iomlán) agus déantar é a dháileadh mar a leanas:
      • 2021: EUR 37.5 billiún
      • 2022: EUR 10 mbilliún.
    • Tá sciar gach Ballstáit d’acmhainní REACT-EU bunaithe ar a rathúnas coibhneasta agus ar éifeachtaí socheacnamaíocha COVID-19. Is iad na critéir ualaithe a úsáidtear olltáirgeacht intíre, dífhostaíocht agus dífhostaíocht i measc na hóige.
    • Lena áirithiú go sroichfidh na hacmhainní breise faoi REACT-EU na réigiúin agus na bardais is mó atá buailte ag paindéim COVID-19, is den ríthábhacht é prionsabail na comhpháirtíochta i ndáileadh na n-acmhainní breise a urramú.
    • Féadfaidh na Ballstáit na hacmhainní a dháileadh leis an tsolúbthacht is mó laistigh de na cláir oibríochtúla lena dtacaíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa faoi Rialachán (AE) 2021/1058 (féach an achoimre), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) faoi Rialachán (AE) 2021/1057 (féach an achoimre), an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 (féach an achoimre) agus an tionscnamh fostaíochta don aos óg.

    Beidh na gníomhaíochtaí incháilithe ón 1 Feabhra 2020. Féadfar an maoiniú a úsáid go dtí deireadh 2023.

    Úsáid acmhainní

    Tacóidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa go príomha leo seo a leanas:

    • infheistíocht i seirbhísí sláinte;
    • caipiteal oibre agus maoiniú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;
    • an t-aistriú go geilleagar digiteach agus glas, bonneagar lena soláthraítear seirbhísí bunúsacha do shaoránaigh, nó bearta eacnamaíocha do na réigiúin is mó a bhraitheann ar na hearnálacha a ndeachaigh an ghéarchéim i bhfeidhm orthu, amhail turasóireacht, cultúr agus fáilteachas.

    Tacóidh na hacmhainní CSE go príomha leo seo a leanas:

    • coimeád post, trí scéimeanna oibre gearr-ama agus cabhair do dhaoine féinfhostaithe
    • cruthú post, go háirithe maidir le fostaíocht don aos óg, forbairt scileanna agus daoine i gcásanna leochaileacha
    • rochtain níos fearr ar sheirbhísí sóisialta, lena n-áirítear do leanaí, do dhaoine scothaosta, do dhaoine faoi mhíchumas, do mhionlaigh eitneacha agus do dhaoine gan dídean.

    Cur chun feidhme

    Maidir leis na coinníollacha solúbtha:

    • ní cheanglaítear cómhaoiniú náisiúnta leo, rud a chuireann ar chumas AE tacaíocht 100 % a sholáthar má theastaíonn sé sin ó Bhallstát;
    • ceadaítear leo ardleibhéal (11 %) réamh-mhaoinithe tosaigh chun fadhbanna tosaigh leachtachta a sheachaint;
    • ceadaítear leo maoiniú a chaitheamh in aon chatagóir réigiúin, mar aon le haistrithe idir na cistí réigiúnacha agus sóisialta le linn na tréimhse cur chun feidhme;
    • ceadaítear leo 6 % den mhaoiniú iomlán chun tacú le cláir comhair trasteorann atá ann cheana.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ón 29 Nollaig 2020.

    CÚLRA

    • Tá REACT-EU ar cheann de na tionscnaimh is mó faoi thionscnamh Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh. Tá an maoiniú sa bhreis ar chláir 2014-2020 agus ar mhaoiniú comhtháthaithe 2021-2027.
    • Tá sé mar aidhm leis an bhearna idir an fhreagairt éigeandála láithreach ar phaindéim COVID-19 agus téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta fadtéarmach AE a dhúnadh.
    • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lgh. 30-42)

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 21-59)

    Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 60-93)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/1058 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Rialachán (AE) 2021/1060 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 159-706)

    Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lgh. 1-41)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 320-469)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 01.10.2021

    Barr