Córais le haghaidh inrianaitheacht tobac agus gnéithe slándála
ACHOIMRE AR:
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 maidir le caighdeáin theicniúla maidir le bunú agus oibriú córas inrianaitheachta do tháirgí tobac
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/573 maidir le príomhghnéithe de chonarthaí stórála sonraí atá le tabhairt i gcrích mar cuid de chóras inrianaitheachta do tháirgí tobac
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/576 maidir le caighdeáin theicniúla maidir le gnéithe slándála a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí tobac
CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN AGUS LEIS AN GCINNEADH?
- Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 na caighdeáin theicniúla maidir le bunú agus oibriú an chórais inrianaitheachta dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Threoir 2014/40/AE.
- Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/573 na príomhghnéithe atá le háireamh i gconarthaí stórála sonraí nach mór a thabhairt i gcrích idir monaróir/allmhaireoir táirgí tobac agus soláthraithe stór príomhúil, dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Threoir 2014/40/AE.
- Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/576 leagtar síos caighdeáin theicniúla maidir leis na gnéithe slándála a chuirtear i bhfeidhm maidir le haonad-phaicéid táirgí tobac a chuirtear ar mhargadh an Aontais, dá bhforáiltear dó in Airteagal 16 de Threoir 2014/40/AE.
Eascraíonn gach ceann acu ó Threoir 2014/40/AE, a leagann amach rialacha an Aontais maidir le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara — féach achoimre.
PRÍOMHPHOINTÍ
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574
- Éilítear le Treoir 2014/40/AE go marcálfar aonad-phaicéid táirgí tobac le haitheantóir uathúil (AU) d’fhonn a ngluaiseachtaí tríd an slabhra soláthair a thaifeadadh.
- Leagtar amach sa rialachán cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis an AU:
- ní mór do gach tír AE eisitheoir aitheantais neamhspleách a cheapadh a bheidh freagrach as aitheantóirí uathúla a ghiniúint agus a eisiúint;
- Ní mór aitheantóirí uathúla a ghineann eisitheoirí ID a úsáid chun aonad-phaicéid táirgí tobac a mharcáil;
- Tá aitheantóirí uathúla bailí ar feadh 6 mhí ón dáta a fuair an chuideachta ordaithe iad;
- ní mór do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí a chinntiú go bhfíoraítear na haitheantóirí uathúla a chuirtear i bhfeidhm i dtéarmaí a bhfeidhmiú ceart agus a n-inléiteachta.
- Leagtar amach leis comhpháirteanna agus tréithe ginearálta an chórais stór chun sonraí a stóráil maidir le gluaiseachtaí táirgí tobac agus idirbhearta gaolmhara.
- Leagtar amach leis rialacha maidir le taifead agus tarchur gluaiseachtaí táirgí agus faisnéis idirbheartaíochta.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/573
- Chun inrianaitheacht éifeachtach agus chomhlíontach táirgí tobac a chinntiú, ní mór na príomhsheirbhísí a leanas a áireamh i gconarthaí stórála sonraí a chuirtear i gcrích idir monaróirí agus allmhaireoirí táirgí tobac agus soláthraithe na bpríomhstór:
- bunú agus oibriú príomhstóir (chun na sonraí a stóráil) de réir an Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2018/574;
- a bheith rannpháirteach i mbunú agus oibriú an dara stóir (chun cóip de na sonraí a stóráil) agus ródaire an chórais.
- foráil, arna iarraidh sin do sheirbhísí coimhdeacha teicniúla eile bainteach le hoibriú an phríomhstóir agus a chuireann ar chumas an chórais feidhmiú i gceart.
- Caithfidh sonraíochtaí a bheith sa chonradh a bhaineann le hinoibritheacht, infhaighteacht, feidhmíocht agus neamhspleáchas airgeadais agus eagraíochtúil na seirbhísí a chomhlíonann na híoscheanglais mar atá leagtha amach sna rialacháin tarmligthe agus sna rialacháin chur chun feidhme.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/576
- Ceanglaítear le Treoir 2014/40/AE go mbíonn gné slándála crioscaíldíonach ar gach aonad-phaicéad de tháirgí tobac a chuirtear ar an margadh, comhdhéanta d’eilimintí infheicthe agus dofheicthe, chun cabhrú le seiceáil an bhfuil táirgí tobac barántúil.
- Ní mór do thíortha AE a cheangal go mbeidh gnéithe slándála comhdhéanta de chúig chineál gnéithe fíordheimhnithe ar a laghad, agus orthu sin tá an méid a leanas ar a laghad:
- tá ceann neamhcheilte;
- tá ceann leathcheilte;
- tá ceann ceilte.
- Ní mór do thríú páirtí neamhspleách ceann amháin ar a laghad de na heilimintí fíordheimhnithe a sholáthar a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos sa chinneadh cur chun feidhme.
- Ní mór do thíortha AE a cheangal go gcuirfear gnéithe slándála i bhfeidhm ar aonad-phaicéid táirgí tobac ag úsáid aon cheann de na modhanna a leanas:
- greamú;
- priontáil;
- meascán de ghreamú agus priontáil.
- Caithfidh tíortha AE a bheith in ann anailís a dhéanamh ar gach teaglaim d’eilimintí fíordheimhnithe údaraithe lena chinntiú go bhfuil an táirge barántúil.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG NA RIALACHÁIN AGUS AG AN GCINNEADH?
- Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 i bhfeidhm ón 6 Bealtaine 2018.
- Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/573 i bhfeidhm ón 6 Bealtaine 2018.
- Tá Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2018/576 i bhfeidhm ón 18 Nollaig 2017.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 an 15 Nollaig 2017 maidir le caighdeáin theicniúla chun córas inrianaitheachta do tháirgí tobac a bhunú agus a oibriú (IO L 96, 16.4.2018, lgh. 7-55)
Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/574 sa bhunthéacs. Is de luach doiciméadach amháin é an leagan comhdhlúite seo.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/573 ón gCoimisiúin an 15 Nollaig 2017 maidir le príomhghnéithe de chonarthaí stórála sonraí atá le tabhairt i gcrích mar chuid de chóras inrianaitheachta do tháirgí tobac (IO L 96, 16.4.2018, lgh. 1-6)
Cinneadh Chun Feidhme (AE) 2018/576 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2017 maidir le caighdeáin theicniúla maidir le gnéithe slándála a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí tobac (IO L 96, 16.4.2018, lgh. 57-63)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin na mBallstát maidir le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lgh. 1-38)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 18.08.2020