Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R0670

    Faireachas AE ar allmhairí táirgí áirithe iarainn agus cruach de thionscnamh thíortha áirithe neamh-AE

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

    Faireachas AE ar allmhairí táirgí áirithe iarainn agus cruach de thionscnamh thíortha áirithe neamh-AE

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/670 — lena dtugtar isteach réamhfhaireachas an Aontais Eorpaigh ar allmhairí táirgí áirithe iarainn agus cruach de thionscnamh thíortha áirithe neamh-AE

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Tugtar isteach leis scéim um cheadúnú allmhairiúcháin “réamhfhaireachais” chun feabhas a chur ar allmhairí táirgí áirithe iarainn agus cruach.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Raon feidhme

    • In Iarscríbhinn 1 den rialachán leagtar amach cóid na dtáirgí a chumhdaítear sa rialachán.
    • Tá feidhm ag an rialachán maidir le hallmhairí a mbaineann glanmheáchan nach mó ná 2 500 cileagram leo.

    Comhrialacha AE

    Ceadúnas faireachais

    • Deonóidh an tír AE lena mbaineann ceadúnas faireachais i leith táirgí a chomhlíonann na rialacha allmhairiúcháin sin agus scaoilfear an táirge le haghaidh saorchúrsaíochta ar mhargadh AE.
    • Ní mór d’allmhaireoirí faisnéis áirithe a chur ar fáil, lena n–áirítear:
      • ainm agus seoladh an iarratasóra;
      • cur síos ar na hearraí, a gcainníocht agus a luach;
      • fianaise thráchtála maidir leis an rún allmhairiú a dhéanamh, amhail cóip den chonradh díola nó ceannaigh nó den sonrasc pro forma.
    • Má tá difríocht níos lú ná 5% idir an t–aonad praghas ag a ndearnadh an t–idirbheart, nó méid iomlán an táirge a cuireadh i láthair leis an méid atá sonraithe ar an gceadúnas faireachais sin, ní chuirfear bac leis ar shaorchúrsaíocht an táirge.

    Tuairisciú

    • Ní mór do thíortha AE an Coimisiún Eorpach a choinneáil ar an eolas ar bhonn rialta (gach mí ar a laghad) faoi na cainníochtaí agus na méideanna ar eisíodh ceadúnais faireachais ina leith.
    • Ní mór dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas chomh maith maidir le haimhrialtachtaí nó cásanna calaoise ar bith a dtiocfadh siad orthu agus, maidir leis an mbonn lenar diúltaíodh ceadúnas ar bith.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ón 30 Aibreán 2016 go dtí an 15 Bealtaine 2020.

    CÚLRA

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/670 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2016 lena dtugtar isteach réamhfhaireachas an Aontais maidir le hallmhairí táirgí áirithe iarainn agus cruach de thionscnamh tríú tíortha áirithe (IO L 115, 29.4.2016, lgh. 37-47)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/670 a chorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 33-49)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lgh. 16-33)

    Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch — Ionstraim Chríochnaitheach — Dearbhuithe Comhpháirteacha — Dearbhuithe arna ndéanamh ag Rialtais Bhallstáit an Chomhphobail agus Stáit CSTE — Socruithe — Miontuairiscí Comhaontaithe — Dearbhuithe ag ceann amháin nó níos mó de Pháirtithe Conarthacha Chomhaontú an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (IO L 1, 3.1.1994, lgh. 3-522)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1-101)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 23.05.2019

    Barr