This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32016L1164
Dul i ngleic le seachaint cánach corparáidí
Treoir (AE) 2016/1164 — cosc a chur ar chuideachtaí cáin a sheachaint
Tugtar isteach léi rialacha chun cosc a chur ar chuideachtaí cáin a sheachaint agus mar sin dul i ngleic leis an bhfadhb maidir le pleanáil ionsaitheach cánach i margadh aonair AE.
Tá feidhm ag an treoir maidir le gach cáiníocóir a bhfuil cáin chuideachta le híoc acu i dtír AE amháin nó níos mó, lena n–áirítear buanfhorais eintiteas i dtír AE amháin nó níos mó a bhfuil cónaí orthu i dtír neamh-AE chun críche cánach.
Dul i ngleic le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS)1
Leagtar síos leis an treoir rialacha in aghaidh seachaint cánach i gceithre réimse shonracha chun BEPS a chomhrac:
Toisc nár pléadh ach neamhréireanna hibrideacha2 i dTreoir (AE) 2016/1164 laistigh de AE, glacadh Treoir nua (AE) 2017/952 lenar síneadh an raon feidhme lena áirithiú go gcumhdaítear neamhréireanna hibrideacha le tíortha neamh-AE. Glacann rialacha na treorach sin áit na rialacha maidir le neamhréireachtaí hibrideacha Threoir AE 2016/1164.
Rialacha maidir le neamhréireachtaí hibrideacha: i gcás go mbaineann cáiníocóirí corparáideacha leas as difríochtaí idir córais náisiúnta chánach chun a ndliteanas foriomlán a laghdú, mar shampla trí asbhaint dhúbailte (i.e. asbhaint ar an dá thaobh den teorainn) nó asbhaint as an ioncam ar thaobh amháin den teorainn gan é a chur san áireamh ar an taobh eile. Chun éifeachtaí na socruithe um neamhréireanna hibrideacha a chur ar ceal, leagtar síos sa treoir rialacha lenar ceart do 1 dlínse nó 2 dhlínse i neamhréir asbhaint íocaíochta as a dtagann toradh dá leithéid a shéanadh.
Tá feidhm le Treoir (AE) 2016/1164 ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .
Tá feidhm le Treoir Leasaitheach (AE) 2017/952 ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin (nó faoin i gcás neamhréireanna hibrideacha).
Forbraítear leis an treoir an Plean Gníomhaíochta um Chánachas Corparáideach Cothrom agus Éifeachtach agus tá sí mar fhreagairt ar thabhairt i gcrích an tionscadail in aghaidh Chreimeadh an Bhoinn Cánach agus Aistriú Brabúis ón G20 agus ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECEF).
Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an lena leagtar síos na rialacha in aghaidh cleachtais seachanta cánach a théann i bhfeidhm go díreach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, , Igh. 1-14)
nuashonrú is deireanaí