Idir-inoibritheacht feidhmchlár teileamaitice le haghaidh lasta an chórais iarnróid in AE
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 — sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na feidhmchláir theilceamaitice le haghaidh fhochóras lasta an chórais iarnróid san Aontas Eorpach
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Leagtar amach leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na “feidhmchláir theilceamaitice le haghaidh fhochóras lasta” an chórais iarnróid in AE.
- Aisghairtear leis Rialachán (CE) Uimh. 62/2006.
PRÍOMHPHOINTÍ
Sonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht (STIanna)
- Ciallaíonn idir-inoibritheacht acmhainn córais iarnróid gluaiseacht shábháilte gan cur isteach traenacha a éascú agus na leibhéil feidhmíochta is gá á gcomhlíonadh acu.
- Sainítear le STIanna na caighdeáin theicniúla agus oibriúcháin nach mór do gach fochóras nó gach cuid den fhochóras a chomhlíonadh chun na ceanglais riachtanacha a chomhlíonadh agus idir-inoibritheacht le córas iarnróid AE a áirithiú.
- Le haghaidh gach fochórais, ní mór na ceanglais riachtanacha a shainiú agus na sonraíochtaí teicniúla a chinneadh, go háirithe maidir le codanna agus comhéadain, chun na ceanglais riachtanacha sin a chomhlíonadh.
- Áirítear le ceanglais riachtanacha:
- sábháilteacht;
- iontaofacht agus infhaighteacht;
- an tsláinte;
- cosaint an chomhshaoil;
- comhoiriúnacht theicniúil;
- inrochtaineacht.
Feidhmchláir theilceamaitice le haghaidh seirbhísí lasta
- Tá fochóras na bhfeidhmchlár teilceamaitice le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus seirbhísí lasta araon sainithe i dTreoir 2008/57/CE (féach an achoimre maidir le Comhoiriúnacht chórais iarnróid AE a áirithiú).
- Le Treoir (AE) 2016/798 aisghairtear Treoir 2008/57/CE agus gabhann sí ina ionad na treorach sin ón 16 Meitheamh 2019 (féach an achoimre maidir le sábháilteacht iarnróid ar fud AE).
- Áirítear le feidhmchláir theilceamaitice le haghaidh seirbhísí lasta:
- córais faisnéise (monatóireacht fíor-ama ar lasta agus ar thraenacha);
- córais cur in eagar agus leithdháilte;
- córais áirithinte, íocaíochta agus sonrascaithe;
- bainistíocht ar cheangail le modhanna eile iompair;
- soláthar doiciméad leictreonacha tionlacain.
Raon feidhme
Clúdaítear sa rialachán:
- sainmhíniú ar fhochóras agus ar raon feidhme;
- ceanglais riachtanacha;
- saintréithe an fhochórais;
- comhpháirteanna idir-inoibritheachta;
- measúnú ar an gcomhréireacht/oiriúnacht maidir le húsáid na gcomhpháirteanna agus seiceálacha ar an bhfochóras;
- cur chun feidhme — arna dhéanamh ag Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/278 leasaítear iarscríbhinní teicniúla (Iarscríbhinn D2 go hIarscríbhinn E) an rialacháin maidir le
- struchtúr na dteachtaireachtaí a mhalartaítear idir Gnóthais Iarnróid agus Bainisteoirí Bonneagair;
- samhail na sonraí agus na dteachtaireachtaí;
- na meiteashonraí maidir le Bunachar Sonraí Oibriúcháin na Vaigíní agus an Aonaid Ilmhodúil; agus
- sainítear an caighdeán TF le haghaidh shraith chumarsáide an Chomhéadain Choitinn* a úsáidtear chun teachtaireachtaí a mhalartú idir na hoibreoirí thuasluaite (Gnóthais Iarnróid agus Bainisteoirí Bonneagair).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2015.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Comhéadan Coiteann: uirlis theicniúil a thacaíonn le malartú comh-inoibritheach na dteachtaireachtaí.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na feidhmchláir theilceamaitice le haghaidh fhochóras lasta an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 62/2006 (IO L 356, 12.12.2014, lgh. 438-488)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht ar iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lgh. 102-149)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lgh. 1-43)
Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (Athmhúnlú) (IO L 191, 18.7.2008, lgh. 1-45)
Féach an leagan comhdhlύite.
Nuashonraithe 16.05.2019