EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0235

Daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn i dtíortha nach tíortha d'AE iad (2014-20)

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

Daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn i dtíortha nach tíortha d'AE iad (2014-20)

Cuirtear ar bun faoin rialachán seo ionstraim maoinithe chun an daonlathas agus chun cearta an duine ar fud an domhain a chur chun cinn agus a thacú, agus cúnamh á sholáthar ar neamhchead do thoiliú rialtas na dtíortha lena mbaineann.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain.

ACHOIMRE

Tá sé mar phríomhchuspóir ag an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Cearta an Duine (EIDHR) cúnamh a sholáthar maidir le forbairt agus le comhdhlúthú daonlathais i dtíortha nach tíortha d'AE iad agus maidir le meas ar chearta an duine.

Ceapadh an ionstraim seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) chun meáin eile AE a chomhlánú, meáin a chuireann an daonlathas agus cearta an duine chun cinn (amhail idirphlé polaitiúil nó ionstraimí éagsúla um chomhar airgeadais agus teicniúil).

TACAÍOCHT CHUN CEARTA AN DUINE AR FUD AN DOMHAIN A CHOSAINT

Tacóidh an EIDHR inter alia:

  • le hionadaíocht dhaonlathach níos mó, le hiolrachas polaitiúil a chur chun cinn, le saoirse cainte agus le saoirse Idirlín;
  • le cearta an duine agus le saoirsí bunúsacha a chur chun cinn, amhail i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe (.i. pionós an bháis a chur ar ceal nó an céasadh a chosc agus saoirse smaointeoireachta, reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn);
  • le cosantóirí chearta an duine a chosaint agus le cúnamh a sholáthar dóibh;
  • le béim níos mó a chur ar ghrúpaí leochaileacha (mionlaigh náisiúnta, eitneacha, reiligiúnacha, theanga agus ghnéasacha), agus ar chearta na mban agus na leanaí chomh maith;
  • leis an sochaí shibhialta a spreagadh, .i. rannpháirteachas na saoránach, lena n-áirítear comhar na saoránach le húdaráis áitiúla agus le hinstitiúidí ábhartha stáit;
  • lemisin breathnóireachta toghcháin (EOM) AE, trína gcuid moltaí a leanúint agus trí phróisis dhaonlathacha agus thoghcháin.

CUR CHUIGE SOLÚBTHA CHUN FREAGAIRT DO STAIDEANNA DAINSÉARACHA

Díreofar níos mó faoin EIDHR ar na staideanna éigeandála ina mbíonn cearta an duine agus saoirsí bunúsacha is mó i mbaol. Beidh freagairt níos solúbtha agus níos tráthúla i gceist, a bheidh bunaithe ar mheicníochtaí maoinithe ar leith, amhail deontais dhíreacha i gcásanna nach féidir gairmeacha tograí a dhéanamh mar gheall ar atmaisféar dheacair polaitíochta, mar shampla an seans go gcuirfear imeagla ar dhuine nó go n-imreofar díoltas ar dhuine.

Ní mór go n-áiritheodh AE chomh maith go mbainfí an úsáid is éifeachtaí as na hacmhainní atá ar fáil chun an tionchar a bhíonn aige go háitiúil a bharrfheabhsú.

PRÍOMHRÓL NA SOCHAÍ SIBHIALTA

Cuirfidh an EIDHR ar chumas AE tacaíocht a sholáthar chun sochaithe sibhialta faoi bhláth a fhorbairt agus chun forbairt a dhéanamh ar a ról ar leith mar phríomhghníomhairí i ndáil le cearta an duine agus le daonlathas sna tíortha lena mbaineann.

BUISÉAD AGUS CUR I BHFEIDHM AN CHLÁIR

Is é buiséad an EIDHR don tréimhse 2014-20 ná EUR1.333 bhilliún . Formhór na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an chlár seo a chur i bhfeidhm, cuimsítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, ar rialachán cothrománach é a chuireann ar chomhréim agus a shimplíonn cur i bhfeidhm ionstraimí seachtracha AE.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 235/2014

1.1.2014

-

IO L 77, 15.3.2014, lch. 85-94

Nuashonrú is déanaí: 17.09.2014

Barr