EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014D0335

Acmhainní dílse AE

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Acmhainní dílse AE' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

Acmhainní dílse AE

Ghlac an tAontas Eorpach (AE) le rialacha maidir le leithdháileadh “acmhainní dílse” mar a dtugtar orthu, .i. a ioncam. Gníomhaíonn AE ar bhonn buiséid chomhardaithe. Mar sin, ní féidir leis an Aontas Eorpach ach acmhainní dílse a úsáid chun caiteachas AE a mhaoiniú.

GNÍOMH

Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

ACHOIMRE

Ghlac an tAontas Eorpach (AE) le rialacha maidir le leithdháileadh “acmhainní dílse” mar a dtugtar orthu, .i. a ioncam. Gníomhaíonn AE ar bhonn buiséid chomhardaithe. Mar sin, ní féidir leis an Aontas Eorpach ach acmhainní dílse a úsáid chun caiteachas AE a mhaoiniú.

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH SEO?

Déantar cur síos ar “acmhainní dílse” sa chinneadh seo. Is éard is acmhainní dílse ann ná:

  • dleachtanna a ghearrtar ar allmhairí ó lasmuigh den Aontas Eorpach agus cánacha ar an táirgeadh siúcra in AE (ar a dtugtar acmhainní dílse “traidisiúnta”);
  • ioncam atá bunaithe ar sciar den cháin bhreisluacha (CBL), cáin tomhaltais atá á bailiú ag tíortha AE;
  • ioncam atá bunaithe ar ollioncam náisiúnta* (OIN) gach tíre AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá uasteorainn iomlán leagtha amach le haghaidh na n-acmhainní dílse a úsáidtear chun leithreasaí bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí AE (.i. leithdháiltí íocaíochtaí ón mbuiséad AE) a chumhdach, nach ceadmhach di 1.23 % d’OIN na dtíortha AE uile a shárú. Déantar é sin chun smacht buiséadach a chinntiú.
  • I gcás acmhainní dílse traidisiúnta, is féidir le tíortha AE 20 % den airgead a bhailíonn siad a choimeád, trí bhíthin costas bailiúcháin (.i. na costais a bhaineann le dleachtanna nó le cánacha a bhailiú).
  • I gcás CBL, gearrtar ráta caighdeánach ar bhonn comhchuibhithe CBL gach tíre AE. Ní féidir 50 % d’OIN na tíre a shárú agus bonn measúnaithe á leagadh amach chun na gcríoch sin. Is ionann an tomhaltas (agus CBL mar sin) agus sciar OIN níos mó sna tíortha is lagrathúla ná sna tíortha saibhre. Mar sin, cinntíonn an riail seo nach mbíonn ar na tíortha is lagrathúla íoc go díréireach as méid mór airgid.
  • Maidir le hacmhainn dhílis OIN-bhunaithe, gearrtar céatadán aonfhoirmeach ar OIN gach tíre AE. Is í an acmhainn dhílis seo ná príomhfhoinse ioncaim an bhuiséad AE agus úsáidtear í chun an chuid sin den bhuiséad nach bhfuil cumhdaithe ag foinsí ioncaim eile a mhaoiniú.
  • Cuirtear sásra ceartúcháin i bhfeidhm i gcás tíortha áirithe, tíortha a mheastar go an iomarca á híoc acu leis an mbuiséad AE, toisc a rathúnas coibhneasta. Tá an Ghearmáin, an Ísiltír, an Ostair, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe (1) sa chatagóir sin agus íocann siad as ranníocaíochtaí laghdaithe.

CÚLRA

Tá Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle ar cheann de na trí ghníomh a chruthaíonn an pacáiste “acmhainní dílse” mar a dtugtar air, pacáiste atá nasctha leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil AE - an plean caiteachais AE don tréimhse 2014-2020. Is iad seo a leanas an dá ghníomh eile:

  • Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus leis an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta agus acmhainní dílse atá bunaithe ar CBL agus ar OIN a chur ar fáil, agus leis na bearta chun ceanglais airgid thirim a chomhlíonadh;
  • Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN GCINNEADH?

Ón 1 Eanáir, 2014 ar aghaidh.

Féach “Cá háit óna dtagann an t-airgead?”ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Ollioncam náisiúnta (OIN) - suim ioncaim na ndaoine atá ina gcónaí i ngeilleagar i dtréimhse áirithe.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Dáta cur chun feidhme

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle

An chéad lá den mhí i ndiaidh dó a bheith daingnithe ag na Ballstáit uile

1.1.2014

-

IO L 168, 7.6.2014, lgh. 105-111

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lgh. 29-38)

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus leis an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta agus acmhainní dílse atá bunaithe ar CBL agus ar OIN a chur ar fáil, agus leis na bearta chun ceanglais airgid thirim a chomhlíonadh (Athmhúnlú) (IO L 168, 7.6.2014, lgh. 39-52)

Nuashonraithe 23.08.2015



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Barr