This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32014B0067
An chaoi a bhfuil a bhuiséad don bhliain 2014 á chaitheamh ag an Aontas Eorpach
Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.
An chaoi a bhfuil a bhuiséad don bhliain 2014 á chaitheamh ag an Aontas Eorpach
Cuireann buiséad an Aontais Eorpaigh (AE) le beartais AE a chur i bhfeidhm i raon leathan réimsí, amhail fostaíocht, forbairt réigiúnach, taighde agus oideachas, an comhshaol, cabhair dhaonnúil agus tacaíocht do thíortha i mbéal forbartha.
ACHT
Buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain 2014 a ghlacadh go críochnúil (2014/67/AE, Euratom).
ACHOIMRE
CÉARD É PRÍOMHCHUSPÓIR BHUISÉAD AN AONTAIS EORPAIGH?
Cuireann buiséad an Aontais Eorpaigh (AE) le beartais AE a chur i bhfeidhm i raon leathan réimsí, amhail fostaíocht, forbairt réigiúnach, taighde agus oideachas, an comhshaol, cabhair dhaonnúil agus tacaíocht do thíortha i mbéal forbartha.
Chun tionscadail a mhaoiniú ina leithéid de réimsí, sainítear buiséad AE bunaithe ar chreat airgeadais ilbhliantúil a chuimsíonn tréimhse seacht mbliana. Is é buiséad na bliana 2014 an chéad bhuiséad faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil 2014-20 nua.
PRÍOMHTHOSAÍOCHTAÍ
Is príomhuirlis é an buiséad AE chun fás agus dlúthpháirtíocht atá cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur ar bun idir thíortha AE agus réigiúin AE. Maidir leis seo, bhí buiséad AE na bliana 2014 dírithe ar an bhfás agus ar fhostaíocht, agus tugadh aird ach go háirithe ann ar an dífhostaíocht i measc an ógra.
Laistigh de theorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2014-20 (leithreasaí gealltanais a bhfuil luach EUR 960 billiún orthu (féach thíos) don tréimhse 7 mbliana, ag praghsanna na bliana 2011), is é méid iomlán an bhuiséid 2014 ná gealltanais de thimpeall EUR 143 bhilliún (praghsanna reatha).
Roinntear an buiséad sin de réir réimsí, mar seo a leanas (gealltanais, praghsanna reatha):
Fás cliste uilechuimsitheach: 44.9 % - EUR 63.986 billiún lena n-áirítear:
Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha: 41.6 % - EUR 59.267 billiún (caitear EUR 43.778 billiún den tsuim sin ar an margadh agus ar íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí)
Slándáil agus saoránacht: 1.5 % - EUR 2.172 billiún
Eoraip dhomhanda: 5.8 % - EUR 8.325 billiún
Riarachán: 5.9 % - EUR 8.405 billiún (caiteachas na n-institiúidí AE den chuid is mó).
Caitear an t-airgead ar na nithe seo a leanas:
CATHAIN A CHUIRFEAR BUISÉAD AE 2014 I BHFEIDHM?
Ón 1.1.2014 go dtí an 31.12.2014.
CÚLRA
Is ionann buiséad AE agus timpeall 1 % de shaibhreas eacnamaíoch AE (ollioncam náisiúnta - OIN). Molann an Coimisiún buiséad gach bliain, a thagann laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil, agus glacann Parlaimint na hEorpa agus Comhairle AE leis an mbuiséad sin.
EOCHAIRFHOCAIL
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach láithreán Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid agus gluais bhuiséid an Choimisiúin Eorpaigh.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
1.1.2014 |
- |
Nuashonraithe 02.03.2015