This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32013R0526
ENISA - Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise
Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Gníomh AE um Chibearshlándáil' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.
ENISA - Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise
Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) i mí an Mhárta 2004. Leis an rialachán seo, leathnaítear údarás na gníomhaireachta chomh fada leis an bhliain 2020 agus cuirtear lena cumas dul i ngleic le cibear-ionasaithe agus le dúshláin eile maidir le slándáil faisnéise.
ACHT
Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004.
ACHOIMRE
Cuireadh tús le hoibríochtaí ENISA sa Chréit sa bhliain 2005. Tugtar údarás dó:
Trína leithéid a dhéanamh, cabhrófar le feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh.
Cuireadh tús le húdarás nua na gníomhaireachta an 13 Meán Fómhair 2013. Leagtar amach sa rialachán mar seo a leanas na tascanna a chuirtear i bhfeidhm ag an ghníomhaireacht:
Ordaítear sa rialachán gur cheart a bheith sa ghníomhaireacht stiúrthóir feidhmiúcháin agus baill foirne, grúpa scairshealbhóirí buana mar aon le bord bainistíochta a bhíonn freagrach as obair na gníomhaireachta a threorú go ginearálta. Bunaíodh bord feidhmiúcháin faoin rialachán nua chomh maith.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 |
19.6.2013 |
- |
IO L 165 an 18.6.2013, lch. 41 |
Nuashonrú is déanaí: 06.04.2014