EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013D0040

Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré

Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré

 

ACHOIMRE AR:

Creat-Chomhaontú idir AE agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus an Chóiré, ar an taobh eile

Cinneadh 2013/40/AE — síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chreat-Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Cóiré, ar an taobh eile

Cinneadh 2014/278/AE — maidir le cur i gcrích an Chreat-Chomhaontaithe idir AE agus tíortha AE, ar thaobh amháin, agus an Chóiré Theas, ar an taobh eile, seachas ábhair a bhaineann le hathligean isteach

Cinneadh 2014/279/AE — cur i gcrích an Chreat-Chomhaontaithe idir AE agus tíortha AE, ar thaobh amháin, agus an Chóiré Theas, ar an taobh eile, maidir le hábhair a bhaineann le hathligean isteach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Cuirtear ar fáil leis an gcomhaontú bunús le comhar neartaithe eacnamaíoch agus polaitiúil idir AE agus an Chóiré Theas le roinnt aidhmeanna lena n-áirítear:
    • aontú ar fhís don todhchaí chun neartú a dhéanamh ar an gcomhpháirtíocht agus ar chomhthionscadail leis an bhfís a chur i bhfeidhm;
    • comhar eacnamaíoch a chothú i réimsí leasa choitinn;
    • róil agus próifílí an dá pháirtí a mhéadú i réigiúin a chéile;
  • Le Cinneadh 2013/40/AE marcáiltear síniú an chomhaontaithe agus le cinneadh 2014/278/AE agus cinneadh 2014/279/AE cuirtear an comhaontú i gcrích thar ceann AE.
  • Baineann Cinneadh 2014/279/AE go heisiach le hathligean isteach i.e. na hoibleagáidí agus nósanna imeachta d’údaráis na Cóiré Theas agus na dtíortha AE i dtaca le cathain agus conas daoine a thógáil atá ina gcónaí go neamhrialta ina dtíortha faoi seach a thógáil ar ais.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá comhar idir AE agus an Chóiré Theas bunaithe ar roinnt prionsabal lena n-áirítear ceangal le:

Réimsí comhair

Aontaíonn na páirtithe freisin comhar agus idirphlé a fhorbairt i réimsí leasa choitinn uile ach gan béim ar leith ar réimsí ar leith:

  • 1.

    Idirphlé agus comhar polaitiúil i dtaca le nithe amhail:

    • cearta an duine;
    • neamhleathadh arm adhmhillte;
    • frithsceimhlitheoireacht; agus
    • rannpháirtíocht in eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta.
  • 2.

    Forbairt eacnamaíoch ar nithe amhail:

    • réimsí leasa choitinn a bhaineann le trádáil agus infheistíocht;
    • comhar eacnamaíoch;
    • cánachas;
    • custaim;
    • sochaí na faisnéise;
    • iompar; agus
    • fuinneamh.
  • 3.

    Forbairt inbhuanaithe ar nithe amhail:

    • sláinte;
    • fostaíocht agus gnóthaí sóisialta;
    • comhshaol agus athrú aeráide; agus
    • talmhaíocht agus iascaigh.
  • 4.

    Cultúr agus oideachas maidir le nithe amhail:

    • meáin chlosamhairc; agus
    • faisnéis agus cumarsáid.
  • 5.

    Ceartas, saoirse agus slándáil maidir le nithe amhail:

    • cosaint sonraí pearsanta;
    • comhar dlíthiúil;
    • coireacht eagraithe agus éillitheacht;
    • sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta; agus
    • drugaí aindleathacha a chomhrac.
  • 6.

    Réimsí eile amhail:

    • turasóireacht;
    • sochaí shibhialta; agus
    • riarachán poiblí.

Maoirseacht

Bunaítear leis an gcomhaontú Comhchoiste ar a bhfuil ionadaithe bhaill Chomhairle AE agus an Choimisiúin Eorpaigh chomh maith le hionadaithe na Cóiré Theas. Cuirtear de chúram air a áirithiú go bhfeidhmíonn an comhaontú go héifeachtúil.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2014.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Cóiré, ar an taobh eile (IO L 20, 23.1.2013, lgh. 2-24)

Cinneadh 2013/40/AE an 10 Bealtaine 2010 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chreat-Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Cóiré, ar an taobh eile (IO L 20, 23.1.2013, lgh. 1-24)

Cinneadh 2014/278/AE an 12 Bealtaine 2014 ar chur i gcrích an Chreat-Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Cóiré, ar an taobh eile, seachas ábhair a bhaineann le hathligean isteach (IO L 145, 16.5.2014, lgh. 1-2)

Cinneadh 2014/279/AE an 12 Bealtaine 2014 ón gComhairle maidir le cur i gcrích an Chreat-Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Cóiré, ar an taobh eile, maidir le hábhair a bhaineann le hathligean isteach (IO L 145, 16.5.2014, lgh. 3-4)

Nuashonraithe 15.07.2020

Barr