EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011L0093

Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2011/93/AE — mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi an chosaint a fhaigheann leanaí ar mhí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach a fheabhsú. D’fhonn é sin a bhaint amach, cuirtear oibleagáid léi ar thíortha AE:

  • bearta coiscthe a ghlacadh;
  • íospartaigh ar leanaí iad a chosaint;
  • ciontóirí a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

D’fhonn ionchúiseamh ciontóirí a éascú, déantar na nithe seo a leanas sa treoir:

  • coiriúlú ar raon leathan cásanna mí-úsáide gnéasaí agus teacht i dtír gnéasach (20 cion agus iarracht);
  • tugtar isteach leibhéil mhéadaithe pionós. Ní bheidh na huasleibhéil arna socrú sa reachtaíocht náisiúnta níos ísle ná leibhéil a ghabhann idir 1 bhliain agus 10 mbliana príosúnachta, ag brath ar thromchúis an chiona. Ba cheart roinnt imthosca géaraitheacha a bhreithniú freisin;
  • síntear reacht na dtréimhsí tar éis don íospartach stádas duine fásta a shroicheadh;
  • baintear bacainní rúndachta maidir leis an tuairisciú a dhéanann lucht gairme arb é a bpríomhdhualgas oibriú le leanaí;
  • tugtar isteach dlínse sheach-chríochach do chiontóirí ar náisiúnaigh iad, ionas gur féidir iad a ionchúiseamh ina dtír as coireanna a dhéanann siad thar lear;
  • éilítear go mbaintear bacainní nós imeachta maidir le coireanna a rinneadh thar lear a ionchúiseamh;
  • cinntítear go gcaithfidh uirlisí éifeachtacha imscrúdaitheacha a bheith ar fáil do na póilíní, amhail na cinn a úsáidtear i gcoinne coireachta eagraithe agus tromchúisí, agus ní mór aonaid speisialta a bhunú chun íospartaigh pornagrafaíochta leanaí a shainaithint.

D’fhonn íospartaigh ar leanaí iad a chosaint, tugtar rialacha isteach sa treoir maidir leo seo a leanas:

  • bearta forleithne cúnaimh agus tacaíochta d’íospartaigh ar leanaí iad, go háirithe chun cruachás breise a chosc trína bheith rannpháirteach in imscrúduithe agus i nósanna imeachta coiriúla;
  • rochtain ar chúnamh agus ar thacaíocht a luaithe is atá forais réasúnta ann chun a bheith amhrasach go ndearnadh cion;
  • cosaint speisialta do leanaí a thuairiscíonn mí-úsáid laistigh den teaghlach;
  • gan cúnamh agus tacaíocht a bheith ag brath ar chomhar le himeachtaí coiriúla;
  • cosaint do phríobháideachas, aitheantas agus d’íomhá íospartaigh.

D’fhonn coireanna a chosc, éilítear na nithe seo a leanas sa treoir:

  • go ndéanfar measúnú ar gach ciontóir cúisithe maidir leis an gcontúirt a bhaineann leo agus ar an mbaol go bhféadfadh siad cion gnéasach a dhéanamh i gcoinne linbh arís;
  • go gcuirfidh tíortha AE cláir nó bearta idirghabhála (amhail cóireáil) ar fáil do chiontóirí cúisithe agus do dhaoine a bhfuil faitíos orthu go bhfuil siad in ann coir a dhéanamh;
  • is féidir ciontóirí cúisithe a chosc ó ghníomhaíochtaí gairmiúla lena mbíonn teagmháil dhíreach agus rialta acu le leanaí;
  • tá sé de cheart ag fostóirí gníomhaíochtaí gairmiúla agus deonacha eagraithe ina mbíonn teagmháil dhíreach rialta i gceist le leanaí faisnéis a iarraidh faoi chiontuithe agus dícháilíocht ar bith agus malartú níos fearr ar thaifid choiriúla a iarraidh, ionas go n–áirítear ciontuithe i dtír amháin i ndeimhnithe coiriúla arna n–eisiúint i dtíortha eile d’fhonn seiceálacha cúlra a éascú;
  • Áirithíonn tíortha AE go mbaintear go pras leathanaigh ghréasáin ina mbíonn pornagrafaíocht leanaí nó trína scaiptear pornagrafaíocht leanaí ina gcríoch agus go n–oibrítear chun go mbainfear leathanaigh den sórt sin má óstáiltear iad lasmuigh dá gcríoch. Féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh freisin bac a chur ar rochtain d’úsáideoirí ina gcríoch ar leathanaigh ghréasáin den sórt sin le cosaintí chun mí-úsáid a chosc;
  • Cuireann tíortha AE gníomhaíochtaí coiscthe i gcrích trí oideachas, ardú feasachta agus oifigigh a chur faoi oiliúint.

Gníomhaíocht leantach

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach dhá thuarascáil in 2016. Breathnaíodh sa chéad tuarascáil ar an treoir trí chéile, agus féachadh go sonrach sa dara tuarascáil ar na bearta a tugadh isteach i dtaca le láithreáin ghréasáin ina bhfuil pornagrafaíocht leanaí nó trína scaiptear pornagrafaíocht leanaí (Airteagal 25).

An Comhaontas Domhanda i gcoinne Drochúsáid Ghnéasach Leanaí ar líne

I bhforbairt ar leithligh ach forbairt ghaolmhar mar sin féin, ar tionscnamh comhpháirteach de chuid AE agus na Stát Aontaithe é, chláraigh 54 thír ar fud an domhain, in 2012, le Comhaontas Domhanda i gcoinne Drochúsáid Ghnéasach Leanaí ar líne. Bhí siad meáite ar phríomhspriocanna beartais dírithe orthu seo a leanas:

  • líon níos mó íospartach a thabhairt slán;
  • ionchúiseamh níos éifeachtaí; agus
  • laghdú foriomlán ar líon na n–íomhánna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí atá ar fáil ar líne.

Rinneadh an Comhaontas Domhanda a chónascadh le tionscnamh WeProtect na Ríochta Aontaithe (1) chun Comhaontas Domhanda WeProtect a bhunú chun deireadh a chur le teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne, a dhéanann stocaireacht ar bhreis is 80 rialtas, 20 cuideachta teicneolaíochta domhanda agus 24 príomheagraíocht idirnáisiúnta agus idir-rialtasach chun leanaí a chosaint ó theacht i dtír gnéasach ar líne.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 17 Nollaig 2011 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 18 Nollaig 2013.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, a chuirtear in ionad an Chinnidh Réime ón gComhairle 2004/68/CGB (IO L 335, 17.12.2011, lgh. 1-14)

Ceartúchán

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Threoir 2011/93/AE a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina ndéantar measúnú ar a mhéid a ghlac na Ballstáit na bearta riachtanacha d’fhonn cloí le Treoir 2011/93/AE an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac (COM(2016) 871 críochnaitheach, 16.12.2016)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina ndéantar measúnú ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 25 de Threoir 2011/93/AE an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac (COM(2016) 872 críochnaitheach, 16.12.2016)

Nuashonraithe 28.03.2018



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Barr