Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011D0361

    Bainistiú géarchéime — Creat le haghaidh comhaontuithe rannpháirtíochta

    Bainistiú géarchéime — Creat le haghaidh comhaontuithe rannpháirtíochta

     

    ACHOIMRE AR:

    Creat–Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe chun tacaíocht fhrithpháirteach a sholáthar i gcomhthéacs a gcuid misean agus oibríochtaí faoi seach sa réimse

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Peiriú agus Cinneadh (AE) 2022/2193 ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Vítneam agus Cinneadh (AE) 2019/1803 ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Iordáin agus Cinneadh (CBES) 2019/1328 ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus Cinneadh (CBES) 2015/1967 ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Astráil agus Cinneadh (AE) 2015/916 ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Cholóim agus Cinneadh 2014/538/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Chóiré Theas agus Cinneadh 2014/326/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSile agus Cinneadh 2014/71/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia agus Cinneadh 2014/15/AE (féach an ceartúchán) ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv agus Cinneadh 2013/12/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Mhacadóin Thuaidh agus Cinneadh (AE) 2012/768/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Albáin agus Cinneadh (AE) 2012/344/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua–Shéalainn agus Cinneadh 2012/315/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeirbia agus Cinneadh 2011/361/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe agus Cinneadh (AE) 2011/318/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró agus Cinneadh 2011/133/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc agus Cinneadh 2006/482/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ceanada agus Cinneadh 2005/851/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin agus Cinneadh 2005/495/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Iorua agus Cinneadh 2005/191/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn agus Cinneadh 2005/191/CBES ar a shíniú agus ar a thabhairt i gcrích

    CAD IS AIDHM LEIS NA COMHAONTUITHE AGUS LEIS NA CINNTÍ?

    • I gcomhaontú réime an Aontais Eorpaigh (AE)–na Náisiún Aontaithe (NA) leagtar amach na rialacha maidir le tacaíocht fhrithpháirteach lóistíochta, riaracháin agus slándála a sholáthar ó mhisin na Náisiún Aontaithe agus ó oibríochtaí de chuid an Aontais a bhíonn ag gabháil do chásanna géarchéime agus iarchoinbhleachta ar an láthair.
    • Sainítear sna comhaontuithe téarmaí rannpháirtíochta tíortha nach bhfuil san Aontas in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais agus an caidreamh idir na tíortha sin agus an tAontas agus na misin á gcur i gcrích acu.
    • Leis na cinntí formheastar na comhaontuithe faoi seach thar ceann an Aontais Eorpaigh.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Foráiltear le hAirteagal 37 den Conradh ar an Aontas Eorpach agus le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an cúlra dlíthiúil riachtanach lena dtugtar údarás don Aontas Eorpach comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad maidir lena rannpháirtíocht in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais.

    Bainistiú géarchéime an Aontais Eorpaigh

    • Tá an Roinn um Fhreagairt ar Ghéarchéimeanna agus um Chomhordú Oibríochtúil de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí freagrach as Córas Freagartha do Ghéarchéimeanna (CRS) na seirbhíse a ghníomhachtú (ardán géarchéime, seomra staide an Aontais agus bord bainistithe géarchéime). Tá ról lárnach ag an roinn freisin maidir le freagairt thapa agus éifeachtach a áirithiú ar fud chóras an Aontais agus maidir le beartais agus gníomhaíocht chomhsheasmhach i rith na gcéimeanna éagsúla de shaolré na géarchéime.
    • Cumhdaítear sa Chóras Freagartha ar Ghéarchéimeanna géarchéimeanna a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar shlándáil agus leasanna AE a tharlaíonn lasmuigh den Aontas Eorpach, lena n–áirítear iad siúd a dhéanann difear do thoscaireachtaí AE nó d’aon sócmhainn nó duine eile de chuid AE i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Cumhdaítear leis freisin géarchéimeanna a tharlaíonn laistigh den Aontas agus a bhfuil gné sheachtrach ag baint leo. Cuimsítear sa Chóras Freagartha ar Ghéarchéimeanna idir chosc agus ullmhacht, fhreagairt agus aisghabháil, agus é mar aidhm leis cumas cuimsitheach freagartha géarchéime agus bainistithe AE a bhaint amach.

    Rannpháirtíocht in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh

    • Cinneann gach tír nach tír den Aontas Eorpach í a chumhdaítear sna comhaontuithe glacadh leis an gcuireadh chun páirt a ghlacadh in oibríochtaí faoi stiúir an Aontais Eorpaigh cás ar chás. Má ghlacann sí leis, geallann an tír freisin cloí le téarmaí an chinnidh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh lenar chinn an AE an oibríocht lena mbaineann a sheoladh.
    • D’fhéadfadh pearsanra sibhialta, pearsanra míleata agus ábhair a bheith i gceist le rannchuidiú na dtíortha. Comhaontaíonn na páirtithe freisin ar rannchuidiú féideartha le buiséad na hoibríochta. Glacann an tír nach tír den Aontas í leis na costais go léir a bhaineann lena rannpháirtíocht, ach amháin i gcás ina ndéantar soláthar maidir leis na costais sin sa bhuiséad.
    • Tráth ar bith, féadfaidh an tír a chinneadh tarraingt siar go hiomlán nó go páirteach ón oibríocht mhíleata tar éis dul i gcomhairle leis an Aontas Eorpach.
    • Go bunúsach, is cinneadh de chuid an Aontais é an cinneadh deireadh a chur leis an oibríocht bainistithe géarchéime, cé nach mór dó dul i gcomhairle le haon tír atá fós ag rannchuidiú tráth a bheartaítear an cinneadh a dhéanamh.
    • Socraítear aon díospóidí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm comhaontaithe trí bhealaí taidhleoireachta.

    Stádas na tíre teagmhasaí neamh-AE ar iasacht chuig oibríocht faoi stiúir an Aontais Eorpaigh

    • Tá stádas na tíre teagmhasaí neamh-AE á rialú leis an gcomhaontú maidir le stádas an mhisin idir an tAontas Eorpach agus an tír ina ndéantar an oibríocht. Mura bhfuil a leithéid de chomhaontú tugtha i gcrích go fóill, tagann na páirtithe ar shocrú coibhéiseach roimh an imscaradh.
    • Sainítear le stádas an chomhaontaithe iontrála pribhléidí agus díolúintí an phearsanra ar iasacht.
    • Coinníonn an tír an ceart dlínse a fheidhmiú ar a pearsanra ar iasacht sa tír ina ndéantar an oibríocht. Beidh sé freagrach freisin as aon éilimh a bhaineann lena rannpháirtíocht a fhreagairt i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

    Stiúradh oibríochtaí

    • Tá an tAontas Eorpach i gceannas ar oibríochtaí bainistithe géarchéime a dhéanamh agus sainmhíníonn sé cuspóirí agus treoirlínte na misean. Áirithíonn an tír nach Ballstát den Aontas í go ndéanann a pearsanra agus a haonaid a gcuid cúraimí i gcomhréir leis na treoirlínte sin agus go leanann a pearsanra treo Cheann Misin an Aontais nó Cheannasaí an Aontais, agus go bhfanfaidh siad go hiomlán faoina gceannas féin.
    • Ainmníonn an tír nach bhfuil san Aontas pointe teagmhála náisiúnta chun ionadaíocht a dhéanamh ar a meitheal náisiúnta san oibríocht. Tuairiscíonn sé don Cheann Misin agus tá sé freagrach as cúrsaí araíonachta laistigh de dhíorma na tíre.

    Éilimh a tharscaoileadh

    Mar chuid de gach comhaontú, déanann an tAontas agus an tír nach tír den Aontas Eorpach í éilimh a tharscaoileadh i gcoinne an pháirtí eile ar dhamáistí mar thoradh ar chomhlíonadh a ndualgas oifigiúil, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí–iompair thoiliúil. Ní mór don tír lena mbaineann agus do gach Ballstát AE an tarscaoileadh éileamh sin a dhearbhú.

    CATHAIN A THAGANN NA CINNTÍ AGUS NA COMHAONTUITHE I BHFEIDHM?

    Tháinig an creat–chomhaontú AE-NA i bhfeidhm ar 29 Meán Fómhair 2020.

    Tír

    Cinneadh

    Comhaontú

    Peiriú

    22 Nollaig 2021

    Vítneam

    18 Iúil 2019

    An Iordáin

    18 Feabhra 2019

    An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

    9 Márta 2012

    An Astráil

    22 Iúil 2013

    An Cholóim

    8 Iúil 2014

    An Chóiré Theas

    28 Eanáir 2014

    An tSile

    18 Samhain 2013

    An tSeoirsia

    18 Samhain 2013

    An Mholdóiv

    25 Deireadh Fómhair 2012

    An Mhacadóin Thuaidh

    9 Márta 2012

    29 Deireadh Fómhair 2012

    An Albáin

    23 Márta 2012

    5 Meitheamh 2012

    An Nua–Shéalainn

    19 Nollaig 2011

    An tSeirbia

    20 Nollaig 2010

    8 Meitheamh 2011

    Na Stáit Aontaithe

    31 Márta 2011

    17 Bealtaine 2011

    Montainéagró

    21 Feabhra 2011

    22 Feabhra 2011

    An Tuirc

    10 Márta 2006

    Ceanada

    21 Samhain 2005

    An Úcráin

    13 Meitheamh 2005

    1 Bealtaine 2008

    An Iorua

    18 Deireadh Fómhair 2004

    1 Eanáir 2005

    An Íoslainn

    18 Deireadh Fómhair 2004

    1 Aibreán 2005

    NB:

    • Níor tháinig roinnt comhaontuithe i bhfeidhm go fóill. Tagann comhaontuithe i bhfeidhm an chéad lá den chéad mhí tar éis do na páirtithe a chéile a chur ar an eolas go bhfuil na nósanna imeachta dlí inmheánacha riachtanacha curtha i gcrích.
    • Cuireadh comhaontuithe comhchosúla i gcrích leis an mBulgáir agus leis an Rómáin sular ghlac siad ballraíocht san Aontas Eorpach.

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Creat–Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe chun Tacaíocht Fhrithpháirteach a Sholáthar i gcomhthéacs a gcuid misean agus oibríochtaí faoi seach sa réimse (IO L 389, 19.11.2020, lgh. 2-20)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú lena mbunaítear creat le haghaidh rannpháirtíocht Phoblacht na Cóiré in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 292, 11.11.2022, lgh. 14-23)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Phoblacht Shóisialach Vítneam lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Vítneam in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 276, 29.10.2019, lgh. 3-11)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Ríocht Haisimíteach na hIordáine in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 207, 7.8.2019, lgh. 3-11)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus Heirseagaivéin lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht na Boisnia agus Heirseagaivéin in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 288, 4.11.2015, lgh. 4-11)

    Comhaontú í idir an tAontas Eorpach agus an Astráil lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht na hAstráile in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 149, 16.6.2015, lgh. 3-10)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Colóime lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na Colóime in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 251, 23.8.2014, lgh. 8-15)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré lena mbunaítear creat le haghaidh rannpháirtíocht Phoblacht na Cóiré in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 166, 5.6.2014, lgh. 3-10)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile lena mbunaítear creat le haghaidh rannpháirtíocht Phoblacht na Sile in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 40, 11.2.2014, lgh. 2-7)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia lena mbunaítear creat le haghaidh rannpháirtíocht Phoblacht na Cóiré in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 14, 18.1.2014, lgh. 2-7)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na Moldóive in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 8, 12.1.2013, lgh. 2-7)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht iar–Iúgslavach na Macadóine in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 338, 12.12.2012, lgh. 3-10)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na hAlbáine in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 169, 29.6.2012, lgh. 2-7)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua–Shéalainn lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht na Nua–Shéalainne in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 160, 21.6.2012, lgh. 2-7)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na Seirbia in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 163, 23.6.2011, lgh. 2-7)

    Creat–Chomhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le rannpháirtíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (OJ L 143, 31.5.2011, lgh. 2-6)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Mhontainéagró in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 57, 2.3.2011, lgh. 2-7)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Tuirce lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na Tuirce in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 189, 12.7.2006, lgh. 17-22)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ceanada lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Cheanada in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 315, 1.12.2005, lgh. 21-26)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht na hÚcráine in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 182, 13.7.2005 lgh. 29-34)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Ríocht na hIorua in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 67, 14.3.2005, lgh. 8-13)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na hÍoslainne in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 67, 14.3.2005, lgh. 2-7)

    Cinneadh (AE) 2022/2193 ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht Pheiriú in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 292, 11.11.2022, lgh. 12-13)

    Cinneadh (AE) 2019/1803 ón gComhairle an 18 Iúil 2019 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Phoblacht Shóisialach Vítneam lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Vítneam in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 276, 29.10.2019, lgh. 1-2)

    Cinneadh (CBES) 2019/1328 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Ríocht Haisimíteach na hIordáine in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 207, 7.8.2019, lgh. 1-2)

    Cinneadh (CBES) 2015/1967 ón gComhairle an 9 Márta 2012 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 288, 4.11.2015, lgh. 2-3)

    Cinneadh (AE) 2015/916 ón gComhairle an 22 Iúil 2013 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Astráil lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht na hAstráile in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 149, 16.6.2015, lgh. 1-2)

    Cinneadh 2014/15/CBES ón gComhairle an 18 Samhain 2013 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht na Seoirsia in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 14, 18.1.2014, lch. 1).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2014/15/CBES a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh 2014/71/CBES ón gComhairle an 18 Samhain 2013 idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na Sile in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 40, 11.2.2014, lch. 1).

    Cinneadh 2014/538/CBES ón gComhairle an 8 Iúil 2014 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Colóime lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na Colóime in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 251, 23.8.2014, lch. 7).

    Cinneadh 2014/326/CBES ón gComhairle an 28 Eanáir 2014 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na Cóiré in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 166, 5.6.2014, lgh. 1-2).

    Cinneadh 2013/12/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na Moldóive in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 8, 12.1.2013, lch. 1).

    Cinneadh 2012/768/CBES ón gComhairle an 9 Márta 2012 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht iar-Iúgslavach na Macadóine in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 338, 12.12.2012, lgh. 1-2)

    Cinneadh 2012/344/CBES ón gComhairle an 23 Márta 2012 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na hAlbáine in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 169, 29.6.2012, lch. 1).

    Cinneadh 2012/315/CBES ón gComhairle an 19 Nollaig 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Nua–Shéalainn lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht na Nua–Shéalainne in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 160, 21.6.2012, lch. 1).

    Cinneadh 2011/361/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na Seirbia in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 163, 23.6.2011, lch. 1).

    Cinneadh 2011/318/CBES ón gComhairle an 31 Márta 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le rannpháirtíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 143, 31.5.2011, lch. 1).

    Cinneadh 2011/133/CBES ón gComhairle an 21 Feabhra 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Mhontainéagró in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 57, 2.3.2011, lch. 1).

    Cinneadh 2006/482/CBES ón gComhairle an 10 Aibreán 2006 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Tuirce lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na Tuirce in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 189, 12.7.2006, lch. 16).

    Cinneadh 2005/851/CBES an 21 Samhain 2005 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ceanada lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Cheanada in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 315, 1.12.2005, lch. 20).

    Cinneadh 2005/495/CBES ón gComhairle an 13 Meitheamh 2005 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht na hÚcráine in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 182, 13.7.2005, lch. 28).

    Cinneadh 2005/191/CBES ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua agus an Rómáin lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua agus na Rómáine in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO L 67, 14.3.2005, lch. 1).

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 37 (sean–Airteagal 24 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 36).

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais — Teideal V — Comhaontuithe idirnáisiúnta — Airteagal 218 (sean–Airteagal 300 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 144-146).

    Nuashonraithe 08.09.2023

    Barr