This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32009L0071
Sábháilteacht saoráidí núicléacha
Sábháilteacht saoráidí núicléacha
D’eisigh an tAontas Eorpach treoir ina ndírítear ar shábháilteacht saoráidí núicléacha a chinntiú (cumhachtstáisiúin núicléacha, gléasraí saibhriúcháin agus athphróiseála, srl.) Is é an aidhm ná an daonra agus oibrithe a chosaint in éadan na rioscaí a chuirtear i láthair leis na saoráidí sin.
ACHT
Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach saoráidí núicléacha.
ACHOIMRE
D’eisigh an tAontas Eorpach treoir ina ndírítear ar shábháilteacht saoráidí núicléacha a chinntiú (cumhachtstáisiúin núicléacha, gléasraí saibhriúcháin agus athphróiseála, srl.) Is é an aidhm ná an daonra agus oibrithe a chosaint in éadan na rioscaí a chuirtear i láthair leis na saoráidí sin.
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR SEO?
Bunaítear creat Eorpach sa treoir maidir le feabhas comhsheasmhach ar shábháilteacht núicléach agus a rialachán a choimeád agus a chur chun cinn. Tá sprioc uaillmhianach sábháilteachta ar fud AE leagtha síos inti chun timpistí a chosc agus dramhaíl radaighníomhach ó shaoráidí núicléacha a sheachaint.
PRÍOMHGHNÉITHE
Oibleagáidí atá de dhualgas ar thíortha AE:
Freagrachtaí atá de dhualgas ar gheallsealbhóirí eile
Tá sealbhóir an cheada freagrach go príomha as sábháilteacht núicléach agus ní féidir leis an bhfreagracht seo a tharmligean i gcás ar bith. Tá sé/sí freagrach as measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht saoráidí núicléacha agus feabhas leanúnach a dhéanamh orthu.
Tugtar an tábhacht a bhaineann leis an toisc dhaonna chun suntais sa treoir maidir le cultúr sábháilteachta núicléiche a chur chun cinn trí oideachas agus oiliúint leanúnach na foirne atá freagrach as sábháilteacht saoráidí.
CATHAIN A THÁINIG AN TREOIR I BHFEIDHM?
Tháinig Treoir 2009/71/Euratom i bhfeidhm an 22.7.2009 agus Treoir 2014/87/Euratom i bhfeidhm an 14.8.2014.
CÚLRA
Tá creat maidir le sábháilteacht núicléach laistigh den Aontas Eorpach a chinntiú glactha ó bhí 2009 ann. I ndiaidh na timpiste in Fukushima in 2011, rinne an Coimisiún feachtas cuimsitheach measúnaithe ar na rioscaí a bhaineann le sábháilteacht saoráidí núicléacha ar fud AE. Bunaithe ar na tástálacha sin, bhí sé d’aidhm ag an gCoimisiún feabhas a chur ar an rialachán a bhí i bhfeidhm.
Tá faisnéis bhreise ar fáil ar shuíomhanna gréasáin Ensreg agus WENRA.
Féach suíomh Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh chomh maith faoin táb Sábháilteacht núicléach, chomh maith leis an bpreaseisiúint ón gCoimisiún Eorpach maidir le treoir úr an Aontais Eorpaigh ar shábháilteacht núicléach agus leis an bpreaseisiúint ón gComhairle maidir le glacadh na treorach seo.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Treoir 2009/71/Euratom |
22.7.2009 |
22.7.2011 |
|
Treoir 2014/87/Euratom |
14.8.2014 |
15.8.2017 |
Nuashonraithe 05.01.2015