EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0763

Rialacha comhchoiteanna maidir le bailiú sonraí um dhaonáireamh agus um áireamh thithíochta

Rialacha comhchoiteanna maidir le bailiú sonraí um dhaonáireamh agus um áireamh thithíochta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 maidir le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach ann na rialacha comhchoiteanna maidir le staidreamh daonáirimh áirimh thithíocht in AE.

Tá sé mar aidhm leis scaipeadh cuimsitheach agus solúbtha sonraí áirimh a bhaint amach chomh maith lena dtrédhearcacht maidir lena gcáilíocht.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sonraí a chur isteach

Ceanglaítear ar thíortha AE sonraí maidir leis an daonra a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach (Eurostat) faoina gcumhdaítear:

  • saintréithe éagsúla déimeagrafacha, sóisialta agus eacnamaíocha daoine, teaghlach agus líonta tí;
  • tithíocht ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

Tá na sonraí sin leagtha amach in iarscríbhinn an rialacháin agus ina rialacháin cur chun feidhme.

Foinsí sonraí

Leagtar amach sa rialachán na foinsí sonraí ar a gcaithfidh tíortha AE a staidreamh a bhunú. Ina measc sin tá:

  • gnáth-dhaonáirimh;
  • daonáirimh atá bunaithe ar chláir;
  • teaglaim de dhaonáirimh thraidisiúnta agus de shuirbhéanna samplacha;
  • teaglaim de dhaonáirimh atá bunaithe ar chláir agus de shuirbhéanna samplacha;
  • teaglaim de dhaonáirimh thraidisiúnta agus de dhaonáirimh atá bunaithe ar chláir;
  • teaglaim de dhaonáirimh atá bunaithe ar chláir, de shuirbhéanna samplacha agus de dhaonáirimh thraidisiúnta agus
  • suirbhéanna iomchuí a bhfuil samplaí ag baint leo de réir uainíochta (daonáireamh rollach).

Cosaint sonraí

Ní mór do thíortha AE gach beart is gá a dhéanamh chun na ceanglais um chosaint sonraí a chomhlíonadh. Ní dhéanfar difear dá rialacha um chosaint sonraí féin leis an rialachán seo.

Tarchur sonraí

Ní mór do gach tír AE dáta lena mbaineann a sonraí a shocrú (dáta tagartha), agus ní mór do bheith sa bhliain tagartha. Is é 2011 an chéad bhliain tagartha. Is i dtús gach tréimhse deich mbliana a bheidh na blianta tagartha.

Cuirfidh tíortha AE athbhreithniú nó ceartú ar bith ar an staidreamh a tharchuirtear in iúl do Eurostat chomh maith le hathruithe ar bith ar na foinsí sonraí agus ar an modheolaíocht a roghnaíodh. Ní mór é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná 1 mhí roimh eisiúint na sonraí athbhreithnithe.

Ní mór do thíortha AE onraí críochnaitheacha, bailíochtaithe, comhiomlánaithe agus meiteashonraí a chur ar fáil do Eurostat laistigh de 27 mí ó dheireadh gach bliana tagartha.

Chun ceanglais an rialacháin seo a chomhlíonadh, in 2010 ghlac an Coimisiún Eorpach chéad chlár de na sonraí staidrimh agus de na meiteashonraí a bhí le tarchur don bhliain tagartha 2011 agus, in 2017 ghlac sé an dara clár don bhliain tagartha 2021.

Tarchuireann tíortha AE na sonraí chuig Eurostat i gcomhréir le dlí AE ar tharchur sonraí de réir rúndacht staidrimh, mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Ní mór dóibh a áirithiú nach mbeifear ábalta na haonaid staidrimh a shainaithint go díreach leis na sonraí a tharchuirtear. Déantar an tarchur i bhfoirm leictreonach agus tá sé i gcomhréir leis na sonraíochtaí arna gcomhaontú ag Coiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh, an coiste a thugann cúnamh agus comhairle don Choimisiún (Eurostat).

Measúnú cáilíochta

Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcomhlíonfaidh na foinsí sonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh chun ceanglais an rialacháin a shásamh gnéithe riachtanacha na ndaonáireamh agus na háireamh tithíochta atá leagtha síos sa rialachán, i.e.:

  • áireamh aonair,
  • comhuaineacht,
  • uilíocht laistigh de chríoch sainithe,
  • infhaighteacht sonraí ceantar beag, agus
  • tréimhsiúlacht shainithe.

Ní mór do thíortha AE tuarascáil a sholáthar do Eurostat maidir le cáilíocht na sonraí a tarchuireadh, ina léirítear a mhéid is a chomhlíonann na foinsí sonraí agus an mhodheolaíocht gnéithe riachtanacha na ndaonáireamh na n-áireamh tithíochta.

Déanann an Coimisiún measúnú ar cháilíocht na sonraí. I gcomhar le húdaráis inniúla thíortha AE, soláthraíonn sé moltaí modheolaíocha atá ceaptha chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a sholáthraítear a áirithiú, ag aithint, go háirithe, na Moltaí ó Chomhdháil Staitiseoirí na hEorpa do Dhaonáireamh agus d’Áireamh Tithíochta 2010.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 2 Meán Fómhair 2008.

CÚLRA

Chun go mbeidh AE ábalta a bheartais réigiúnacha, shóisialta agus chomhshaoil a fhorbairt, ní mór sonraí inchomparáide agus iontaofa a bheith ar fáil dó maidir leis an daonra agus príomh-shaintréithe teaghlaigh, sóisialta, eacnamaíocha agus tithíochta daoine.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le daonráirimh agus áirimh thithíochta (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 14-20)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2017/881 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daonráirimh agus áirimh thithíochta, i ndáil le modúlachtaí agus struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta agus maidir leis an bhformáid theicniúil le haghaidh tarchur sonraí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh, 1151/2010 (IO L 135, 24.5.2017, lgh. 6-14)

Rialachán (AE) 2017/712 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena mbunaítear an bhliain tagartha agus clár na sonraí staidrimh agus meiteashonraí maidir le daonráirimh agus áirimh thithíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 105, 21.4.2017, lgh. 1-11)

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/543 ón gCoimisiún an 22 Márta 2017 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daonráirimh agus áirimh thithíochta i ndáil le sonraíochtaí teicniúla na dtopaicí agus a miondealú (IO L 78, 23.3.2017, lgh. 13-58)

Rialachán (AE) 1151/2010 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daonráirimh agus áirimh thithíochta, i ndáil le modúlachtaí agus struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta agus maidir leis an bhformáid theicniúil le haghaidh tarchur sonraí (IO L 324, 9.12.2010, lgh. 1-12)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2010 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 519/2010 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2010 lena nglactar clár na sonraí staidrimh agus na meiteashonraí maidir le daonráirimh agus áirimh thithíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 151, 17.6.2010, lgh. 1-13)

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 1201/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daonráirimh agus áirimh thithíochta i ndáil le sonraíochtaí teicniúla na dtopaicí agus a miondealú (IO L 329, 15.12.2009, lgh. 29-68)

Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste na gComhphobal Eorpach um an gClár Staidrimh (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 164–173)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 07.11.2017

Barr