Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32006D1855

    Clár cultúir (2007-2013)

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

    Clár cultúir (2007-2013)

    Leis an gCinneadh seo bunaítear ionstraim mhaoinithe agus chláraithe do chomhar cultúrtha ar feadh na tréimhse 1 Eanáir 2007 go dtí 31 Nollaig 2013. Foráiltear ann le haghaidh buiséad EUR 400 milliún chun comhar cultúrtha trasnáisiúnta a fhorbairt idir oibreoirí ó thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) nó ó thíortha nach tíortha de chuid an AE iad atá rannpháirteach sa chlár. Is í aidhm an Chláir Chultúir tacú le gníomhaíochtaí comhair cultúrtha, le heagraíochtaí Eorpacha atá gníomhach i réimse an chultúir, chomh maith le faisnéis i réimse an chultúir a bhailiú agus a scaipeadh.

    ACHT

    Decision No 1855/2006/EC of the European Parliament and of the Council of 12 December 2006 establishing the Culture Programme (2007 to 2013) (Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 ag bunú an Chláir Chultúir (2007 go 2013)) [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha]

    ACHOIMRE

    Ag leanúint sampla na gclár cultúrtha roimhe seo is é cuspóir ginearálta an Chláir Chultúir an réimse chultúrtha atá i bpáirt ag Eorpaigh a fheabhsú chun saoránacht Eorpach a mhisniú chun teacht chun cinn.

    Trí chuspóir

    Trí chuspóir lárnacha atá ag an gclár agus breisluach suntasach Eorpach ag gabháil leis:

    • tacú le gluaisteacht trasnáisiúnta gairmithe san earnáil chultúrtha;
    • scaipeadh saothar ealaíne agus táirgí ealaíonta agus cultúrtha a mhisniú lastall de theorainneacha náisiúnta;
    • idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn.

    Chun tacaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) a fháil, beidh ar na tionscadail roghnaithe ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin a chomhlíonadh.

    Trí leibhéal idirghabhála

    Chun na cuspóirí thuas a chomhlíonadh, soláthraíonn an Coimisiún trí leibhéal idirghabhála, a fhreagraíonn do riachtanais ar leith:

    • tacaíocht do ghníomhaíochtaí cultúrtha. Sainaithnítear sa Chinneadh seo trí chineál gníomhaíochta cultúrtha a cháilíonn do thacaíocht ón AE:
    • tacaíocht d’eagraíochtaí atá gníomhach sa réimse chultúrtha. Is d’eagraíochtaí a bhfuil tionchar iarbhír acu ar leibhéal an AE nó a chumhdaíonn seacht gcinn de thíortha Eorpacha ar a laghad an cúnamh seo. Féadfaidh eagraíochtaí leas a bhaint as an tacaíocht seo má sholáthraíonn siad ionadaithe ar leibhéal an AE, má scaipeann siad faisnéis a éascaíonn comhar cultúrtha ar leibhéal an AE nó má bhíonn siad rannpháirteach i dtionscadail chomhair chultúrtha i gcáil ambasadóirí don chultúr Eorpach. Déanfar an roghnú tar éis gairm tograí;
    • tacaíocht d’anailís, do bhailiú agus do scaipeadh eolais agus chun an éifeacht atá ag tionscadail i réimse an chomhair chultúrtha agus na forbartha beartais a bharrfheabhsú. An cuspóir atá leis an tacaíocht sin ná méid agus caighdeán an eolais agus na sonraí ar chomhar cultúrtha agus ar fhorbairt beartais ar an leibhéal Eorpach a mhéadú, chomh maith lena scaipeadh a chur chun cinn, ar an idirlíon i measc bealaí eile. Féachann sé, leis, le faisnéis spriocaimsithe phraiticiúil i dtaobh an chláir a bheith scaipthe go háitiúil. Chuige sin, bunófar pointí teagmhála cultúir chun an clár a chur chun cinn, chun rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an chláir a mhisniú i measc a mhéad gairmithe agus oibreoirí i réimse an chultúir is féidir agus chun nasc éifeachtach a chruthú leis na hinstitiúidí éagsúla a sholáthraíonn tacaíocht chultúrtha i dtíortha an AE.

    Clár a bheidh níos fusa a úsáid

    Tá cúram bhainistíocht an chláir á thabhairt ag an gCoimisiún don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus tabharfar isteach modhanna níos simplí do thairbhithe. Tá i gceist, leis, foirmeacha a shimplí agus an nós imeachta dámhachtana a dhéanamh níos trédhearcaí. Is mian leis prionsabail na comhréireachta a chur i bhfeidhm, leis, agus géilleadh ag an am céanna don Rialachán Airgeadais i bhfeidhm.

    Calaois a chosc

    Leanfaidh an Coimisiún de chóras iniúchóireachta a chur i bhfeidhm chun an úsáid a bhaintear as deontais a sheiceáil agus chun a iarraidh ar thairbhithe deontais doiciméid tacaíochta a sholáthar uair ar bith go ceann tréimhse chúig bliana. Beidh teacht aige chomh maith ar oifigí na dtairbhithe agus ar gach eolas riachtanach. D’fhéadfadh cinntí aisghabhála teacht de na hiniúchtaí seo, i gcás inar cuí. Tá na cearta céanna ag an Chúirt Iniúchóirí agus ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

    Comhar le tíortha nach tíortha de chuid an AE iad

    Faoi réir coinníollacha áirithe, féadfaidh na grúpaí seo a leanas bheith rannpháirteach sa chlár:

    • tíortha nach tíortha de chuid an AE iad ach ar tíortha de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch iad (an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin);
    • tíortha is iarratasóirí a thairbhíonn de straitéis réamhaontachais;
    • tíortha na mBalcán thiar.

    Is ceadmhach do thíortha eile nach tíortha de chuid an AE iad ach a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha acu leis an AE ina bhfuil ailt chultúrtha bheith rannpháirteach sa chlár chomh maith.

    Bainistíocht, buiséad agus meastóireacht

    Faigheann an Coimisiún cúnamh ó choiste. Ní mór formhór na mbeart feidhmithe, agus go háirithe na cinn a bhaineann le tacaíocht do ghníomhaíochtaí cultúrtha, a bheith glactha de réir an nós imeachta iniúchta.

    An buiséad tosaigh a beartaíodh d'fheidhmiú an chláir sa tréimhse 2007–2013 ná EUR 400 milliún. Seo thíos miondealú táscach ar an mbuiséad sin:

    • thart ar 77 % le haghaidh tacaíocht do ghníomhaíochtaí cultúrtha;
    • thart ar 10 % le haghaidh tacaíocht d’eagraíochtaí;
    • thart ar 5 % le haghaidh anailíse agus faisnéise;
    • thart ar 8 % le haghaidh bainistíocht clár.

    Ag an bpointe lár bealaigh, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2010, foilseoidh an Coimisiún an chéad tuarascáil mheastóireacht eatramhach ar an gclár. Leanfar an tuarascáil sin le cumarsáid i dtaobh athnuachan an chláir, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2011. Ar deireadh, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2015, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta dheiridh i láthair.

    Cúlra

    Is é Airteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bonn dlíthiúil le haghaidh ghníomhaíocht an AE i réimse an chultúir. Dírítear san Airteagal sin ar éagsúlacht chultúrtha agus an oidhreacht chultúrtha choiteann a chur chun cinn agus meas a léiriú ar phrionsabal na comhréireachta ag an am céanna. Bunaíodh an Clár Cultúir, a thagann de Chlár “Cultúr 2000” agus de na hiarchláir Raphael, Ariane agus Kaleidoscope, laistigh den chreat sin.

    Tagairtí

    Acht

    Teacht i bhfeidhm – Dáta éaga

    Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

    Iris Oifigiúil

    CinneadhUimh. 1855/2006/CE

    28.12.2006–31.12.2013

    IO L 372, 27.12.2006

    An t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha

    Teacht i bhfeidhm – Dáta éaga

    Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

    Iris Oifigiúil

    CinneadhUimh. 1352/2008/CE

    25.12.2008–31.12.2013

    IO L 348, 24.12.2008

    ACHTANNA GAOLMHARA

    Report from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions of 10 January 2011 — Interim evaluation report on the implementation of the Culture programme [COM(2010) 810 final — Not published in the Official Journal] (Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 10 Eanáir 2010 — Tuarascáil mheastóireachta eatramhach ar fheidhmiú an Chláir Chultúir [COM(2010) 810 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

    Nuashonrú is déanaí: 12.04.2011

    Barr