Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32006D0871

    Éin Uisce Imirceacha Afracacha–Eoráiseacha a Chaomhnú

    Éin Uisce Imirceacha Afracacha–Eoráiseacha a Chaomhnú

     

    ACHOIMRE AR:

    Comhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha–Eoráiseacha a Chaomhnú

    Cinneadh 2006/871/CE maidir le tabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh an Chomhaontaithe maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha–Eoráiseacha a Chaomhnú

    CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

    Tiomnaítear rialtais sínithe leis an gcomhaontú do:

    • bearta a chomhordú chun dálaí fabhracha caomhnaithe d’éin uisce imirceacha Afracacha–Eoráiseacha a choimeád nó a athchóiriú;
    • aird ar leith a thabhairt ar speicis atá i mbaol agus orthu siúd a bhfuil stádas caomhnaithe neamhfhabhrach acu.

    Déantar an méid seo a leanas leis an gcinneadh ón gComhairle:

    • faomhtar an Comhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha–Eoráiseacha a Chaomhnú;
    • tugtar údarú don Choimisiún Eorpach, thar ceann an Aontais Eorpaigh (AE), leasuithe ar iarscríbhinní an chomhaontaithe atá i gcomhréir le reachtaíocht AE a fhaomhadh.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    • Sainítear in Iarscríbhinn 1 clúdach geografach an chomhaontaithe (“limistéar an chomhaontaithe”). Síneann sé sin ón Iorua go dtí an Afraic Theas agus ón Íoslainn go dtí an Úisbéiceastáin.
    • Ní mór do pháirtithe sa chomhaontú:
      • dianchosaint a thabhairt d’éin uisce imirceacha atá i mbaol (liostaítear na 255 speiceas atá clúdaithe in Iarscríbhinn 2);
      • a áirithiú go mbeidh aon idirghníomhú le héin uisce imirceacha bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil maidir lena n–éiceolaíocht agus go mbeidh sé inbhuanaithe;
      • cosaint, bainistíocht, athshlánú agus athchóiriú láithreán agus gnáthóg a shainaithint agus a spreagadh;
      • iarrachtaí a chomhordú lena áirithiú go ndéanfar líonra gnáthóg oiriúnach a choimeád nó a athchóiriú;
      • imscrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna mar gheall ar gníomhaíochta dhaonna agus beart feabhais a dhéanamh;
      • oibriú i gcomhar in éigeandálaí óna dteastaíonn freagairt idirnáisiúnta;
      • cosc a chur ar éin uisce andúchasacha a thabhairt isteach sa timpeallacht d’aon ghnó agus iarracht a dhéanamh a scaoileadh neamhbheartaithe a chosc;
      • taighde a thionscnamh agus tacú leis, lena n–áirítear cláir faireacháin, ar bhitheolaíocht agus éiceolaíocht na n–éan;
      • anailís a dhéanamh ar riachtanais oiliúna maidir le suirbhéanna, faireachán, fáinniú agus bainistíocht bogach;
      • cláir a fhorbairt agus a chothabháil chun feasacht agus tuiscint ar shaincheisteanna um chaomhnú a mhúscailt;
      • faisnéis agus torthaí taighde a chomhroinnt;
      • comhoibriú chun an comhaontú a chur chun feidhme.
    • Tá tábla in Iarscríbhinn 3 ina bhfuil stádas phobail na n-éan uisce imirceach, plean gníomhaíochta mionsonraithe agus treoirlínte caomhnaithe ina gcuimsítear:
      • caomhnú speiceas, lena n–áirítear bearta dlíthiúla de réir stádas an speicis;
      • caomhnú gnáthóg;
      • gníomhaíochtaí daonna a bhainistiú
      • taighde agus faireachán;
      • oideachas agus faisnéis;
      • cur chun feidhme.
    • Ní mór do pháirtithe sa chomhaontú:
      • údarás feidhmiúcháin náisiúnta agus pointe teagmhála a ainmniú;
      • ullmhú do ghnáthsheisiúin an chomhaontaithe;
      • cur leis an mbuiséad;
      • féadfaidh siad ranníocaíochtaí deonacha a thabhairt i gcomhair ciste um chaomhnú;
      • spreagtar iad chun oiliúint agus tacaíocht theicniúil agus airgeadais a sholáthar do shínitheoirí eile.
    • Leatar síos an méid seo leanas sa chomhaontú:
      • nós imeachta cinnteoireachta;
      • comhdhéanamh agus ról coiste theicniúil;
      • dualgais rúnaíochta;
      • caidreamh le comhlachtaí idirnáisiúnta reatha;
      • sásraí um réiteach díospóidí;
      • na ceithre leagan teanga oifigiúla (Araibis, Béarla, Fraincis agus Rúisis).

    DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

    Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an 1 Samhain 1999.

    CÚLRA

    • Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, 1979. Dá ngairtear Coinbhinsiún Bonn (féach an achoimre), spreagtar comhar idirnáisiúnta chun a aidhmeanna a bhaint amach leis.
    • Tá éin uisce imirceacha thar a bheith leochaileach. Taistealaíonn siad thar achair fhada agus tá siad spleách ar bhogaigh atá ag éirí níos lú agus atá díghrádaithe mar gheall ar gníomhaíocht dhaonna neamh–inbhuanaithe.
    • Tá 82 páirtí conarthach sa chomhaontú — 44 páirtí ón Eoráise, lena n–áirítear an tAontas Eorpach, agus 38 páirtí ón Afraic.

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    An Comhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha–Eoráiseacha a Chaomhnú (IO L 345, 8.12.2006, lgh. 26–72)

    Cinneadh 2006/871/CE ón gComhairle an 18 Iúil 2005 ar thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh an Chomhaontaithe maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú (IO L 345, 8.12.2006, lgh. 24–25)

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    An Coinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine (IO L 210, 19.7.1982, lgh. 11-22)

    Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1982 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine (IO L 210, 19.7.1982, lch. 10)

    Nuashonraithe 29.09.2021

    Barr