Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32006D0515

    An coinbhinsiún ar éagsúlacht léirithe cultúir a chosaint agus a chur chun cinn

    An coinbhinsiún ar éagsúlacht léirithe cultúir a chosaint agus a chur chun cinn

     

    ACHOIMRE AR:

    Cinneadh 2006/515/CE maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin ar éagsúlacht léirithe cultúir a chosaint agus a chur chun cinn

    Tá an coinbhinsiún cuimsithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh.

    CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

    Leis an gcinneadh faomhtar Coinbhinsiún UNESCO ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur chun Cinn thar ceann an Aontais Eorpaigh (AE).

    Tá sé d’aidhm leis an gcoinbhinsiún seo tacú le beartais agus bearta náisiúnta tríd an méid seo a leanas:

    • córas rialachais eolach, trédhearcach agus rannpháirtíoch a chruthú don chultúr;
    • sreabhadh earraí agus seirbhísí cultúrtha agus soghluaiseacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha a spreagadh;
    • beartais forbartha inbhuanaithe agus cláir chúnaimh inmheánacha ina gcomhtháthaítear an cultúr go straitéiseach a chur chun cinn;
    • saoirse ealaíonta agus cearta sóisialta agus eacnamaíocha ealaíontóirí a chur chun cinn.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Cuspóirí an Choinbhinsiúin

    • Éagsúlacht léirithe cultúir a chosaint agus a chur chun cinn.
    • Na dálaí is gá a chruthú ionas go mbeidh cultúir faoi bhláth agus go n-idirghníomhóidh siad ar bhealach a rachaidh chun tairbhe an uile chomhpháirtí.
    • Plé a spreagadh idir cultúir agus malartuithe cultúrtha níos leithne sa domhan, bunaithe ar mheas agus ar chultúr na síochána.
    • Idirchultúrthacht i.e. léirithe cultúir comhroinnte a chothú trí phlé agus meas frithpháirteach, ag forbairt caidreamh cultúrtha agus ag cothú caidreamh idir daoine.
    • Meas a chur chun cinn ar éagsúlacht léirithe cúltúir agus feasacht a mhúscailt faoin luach a bhaineann léi ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
    • An tábhacht a bhaineann leis an nasc idir cultúr agus forbairt i ngach áit a athdhearbhú, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus chun tacú le gníomhaíochtaí náisiúnta nó idirnáisiúnta leis an bhfíorluach a bhaineann leis an nasc sin a aithint.
    • Cineál uathúil gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí cultúrtha a aithint mar ardáin aitheantais, luachanna agus brí.
    • Cearta ceannasacha na dtíortha a athdhearbhú chun beartais agus bearta lena gcosnaítear éagsúlacht léirithe cultúir agus lena gcuirtear éagsúlacht léirithe cultúir chun cinn a chur i bhfeidhm.
    • Comhar idirnáisiúnta agus dlúthpháirtíocht a neartú i spiorad comhpháirtíochta, dírithe go háirithe ar chumas tíortha atá i mbéal forbartha éagsúlacht léirithe cultúir a chosaint agus a chur chun cinn.

    Prionsabail threoracha

    • Ní bhféadfar éagsúlacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn ach amháin má dhearbhaítear cearta an duine agus saoirsí bunúsacha.
    • Tá an ceart ceannasach ag tíortha bearta agus beartais a ghlacadh chun éagsúlacht léirithe cultúir a chosaint agus a chur chun cinn ina gcríoch féin.
    • Tríd an éagsúlacht léirithe cultúir a chosaint agus a chur chun cinn glactar leis an dínit chéanna agus an meas céanna a aithint le haghaidh gach cultúr, lena n–áirítear cultúir daoine ar de ghrúpaí mionlaigh nó de phobail dúchasacha iad.
    • Leis an gcomhar agus an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta, ba cheart go gcuirfí ar chumas tíortha, go háirithe tíortha atá i mbéal forbartha, a modh léirithe cultúir a chruthú agus a neartú.
    • Tá na gnéithe cultúrtha a bhaineann le forbairt chomh tábhachtach céanna leis na gnéithe eacnamaíocha a bhaineann léi, agus tá ceart bunúsach ag daoine aonair agus ag pobail a bheith rannpháirteach sna gnéithe sin agus leas a bhaint astu.
    • Is bua láidir í an éagsúlacht chultúrtha le haghaidh daoine agus sochaithe agus is riachtanas ríthábhachtach í le haghaidh forbartha inbhuanaithe a rachaidh chun tairbhe na nglúnta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
    • Is gnéithe tábhachtacha iad rochtain chothrom ar raon fairsing agus éagsúil léirithe cultúir ó gach cearn den domhan, agus rochtain ar mhodh léirithe agus scaipthe chun éagsúlacht chultúrtha a fheabhsú agus comhthuiscint a spreagadh.
    • Nuair a ghlacann tíortha bearta chun tacú le héagsúlacht léirithe cultúir, ba cheart dóibh féachaint le hoscailteacht i leith cultúr eile an domhain a chur chun cinn agus a áirithiú go bhfuil na bearta sin i gcomhréir le cuspóirí an choinbhinsiúin.

    Sainmhínithe sa choinbhinsiún

    • Ciallaíonn éagsúlacht chultúrtha na bealaí éagsúla ina gcuirtear cultúir ghrúpaí agus shochaithe in iúl. Cuirtear na léirithe sin ar aghaidh laistigh de ghrúpaí agus sochaithe agus i measc grúpaí agus sochaithe, agus áirithítear leo ealaín a chruthú agus taitneamh a bhaint as an ealaín.
    • Ciallaíonn inneachar cultúir brí shiombalach, an ghné ealaíonta agus na luachanna cultúrtha a thagann as féiniúlachtaí cultúrtha nó a léiríonn féiniúlachtaí cultúrtha.
    • Is éard is léirithe cultúir ann ná na léirithe atá mar thoradh ar chruthaitheacht daoine aonair, grúpaí agus sochaithe, agus a bhfuil inneachar cultúir iontu.
    • Is éard is gníomhaíochtaí, earraí agus seirbhísí cultúrtha ann ná na gníomhaíochtaí, earraí agus seirbhísí ina gcuimsítear léirithe cultúir nó ina gcuirtear léirithe cultúir in iúl, beag beann ar an luach tráchtála a d’fhéadfadh a bheith leo.
    • Ciallaíonn tionscnaimh cultúrtha tionscnaimh ina dtáirgtear agus ina leithdháiltear earraí nó seirbhísí cultúrtha.
    • Baineann beartais agus bearta cultúir le cultúr ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta, réigiúnach nó idirnáisiúnta. D’fhéadfaidís a bheith dírithe ar chultúr nó a bheith deartha chun tionchar díreach a bheith acu ar léirithe cultúir daoine aonair, grúpaí nó sochaithe.

    Cearta agus oibleagáidí páirtithe sa choinbhinsiún

    • Bearta lena gcuirtear léirithe cultúir chun cinn, agus béim ar leith ar chúinsí speisialta agus riachtanais na mban agus grúpaí sóisialta éagsúla, lena n–áirítear daoine ar de ghrúpaí nó phobail dúchasacha iad.
    • Bearta lena gcosnaítear léirithe cultúir, lena n–áirítear i gcásanna ina bhfuil léirithe cultúir i mbaol do dhíothaithe, ina bhfuil siad faoi bhagairt shuntasach nó go bhfuil géarghá ann lena gcosaint ar bhonn práinne seachas sin.
    • Comhroinnt faisnéise agus trédhearcacht, lena n–áirítear tuarascálacha a chur faoi bhráid UNESCO gach 4 bliana agus pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú.
    • Oideachas agus feasacht an phobail, lena n–áirítear cláir oideachais, oiliúna agus malartuithe a bhunú.
    • Ról na sochaí sibhialta in éagsúlacht léirithe cultúir a chosaint agus a chur chun cinn.
    • Comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn chun na dálaí atá fabhrach d’éagsúlacht léirithe cultúir, lena n–áirítear i gcásanna ina bhfuil sí faoi bhagairt shuntasach, a chruthú.
    • Cultúr agus forbairt inbhuanaithe a chuimsiú ar gach leibhéal.
    • Tacú le comhar le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus le laghdú bochtaineachta, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, chun teacht chun cinn earnála cultúrtha dinimiciúla a chothú.
    • Comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach agus eagraíochtaí neamhbhrabúis agus laistigh díobh;
    • Cóir fhabhrach do thíortha atá i mbéal forbartha.
    • Ciste Idirnáisiúnta don Éagsúlacht Chultúrtha a chruthú.
    • Faisnéis a mhalartú, a anailísiú, agus a scaipeadh.

    Comhlachtaí rialaithe an choinbhinsiúin

    • Tagann Comhdháil na bPáirtithe, lánchruinniú agus comhlacht uachtarach an choinbhinsiúin le chéile i ngnáthsheisiún gach 2 bhliain.
    • Tagann an Coiste Idir–rialtasach um Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur chun Cinn le chéile go bliantúil. Tá ionadaithe ó na tíortha atá ina bpáirtithe sa choinbhinsiún air, a cheapann Comhdháil na bPáirtithe iad ar feadh téarma a mhaireann 4 bliana.
    • Cuireann rúnaíocht UNESCO cúnamh riaracháin ar fáil.

    DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

    Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 18 Márta 2007.

    CÚLRA

    Féach chomh maith:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Cinneadh 2006/515/CE ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 i ndáil le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Unesco ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn (IO L 201, 25.7.2006, lgh. 15–30).

    Nuashonraithe 30.11.2021

    Barr