EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32004D0126
Comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an AE agus Maracó
Comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an AE agus Maracó
ACHOIMRE AR:
Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Mharacó
CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?
Leis an gcomhaontú bunaítear creat foirmiúil le haghaidh comhair, ina ndírítear ar ghníomhaíochtaí sna réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh, a fhorbairt agus a éascú.
Lena cinneadh, d’fhaomh an Chomhairle tabhairt i gcrích an chomhaontaithe thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcomhaontú bunaithe ar shraith prionsabal:
Comhar
Cumhdaítear faoin gcomhaontú raon gníomhaíochtaí comhoibríocha indíreacha idir eintitis dhlíthiúla* a bunaíodh i Maracó agus san Aontas Eorpach trí rannpháirtíocht eintiteas dlíthiúil Mharacó i gCreatchlár an Aontais Eorpaigh um Thaighde agus Nuálaíocht agus rannpháirtíocht chómhalartach eintiteas dlíthiúil arna mbunú san Aontas Eorpach i gcláir nó i dtionscadail taighde Mharacó faoi réir téarmaí agus coinníollacha arna mbunú ag nó dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II den chomhaontú.
Féadfaidh comhar a bheith ar na foirmeacha agus na modhanna seo a leanas freisin:
DÁTA THEACHT I BHFEIDHM
Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 14 Márta 2005 ar feadh tréimhse éiginnte. Féadfaidh aon cheann de na páirtithe an comhaontú a fhoirceannadh am ar bith le fógra scríofa 6 mhí.
CÚLRA
Tá an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus Maracó á rialú go príomha ag an gComhaontú Eora-Meánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha (an tAontas Eorpach anois) agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (féach achoimre anseo).
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi chomhar Taighde agus Nuálaíochta (T&N) le Maracó, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉID
Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Mharacó (IO L 37, 10.2.2004, lgh. 9-15)
Cinneadh 2004/126/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2003 maidir leis an gComhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Mharacó a thabhairt chun críche (IO L 37, 10.2.2004, lch. 8)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Comhaontú Eora-Meánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den chuid eile — Prótacal 1 maidir leis na socruithe a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh Maracó a allmhairiú isteach sa Chomhphobal — Prótacal 2 maidir leis na socruithe a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí iascaigh de thionscnamh Mharacó a allmhairiú isteach sa Chomhphobal — Prótacal 3 maidir leis na socruithe a bhfuil feidhm acu maidir le hallmhairí isteach i Maracó táirgí talmhaíochta de thionscnamh an Chomhphobail — Prótacal 4 maidir le táirgí tionscnaimh agus modhanna comhair riaracháin a shainiú — Prótacal 5 maidir le cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí custaim idir na húdaráis riaracháin — An tAcht Deiridh — Dearbhuithe Comhpháirteacha — Comhaontuithe i bhfoirm Malartú Litreacha — Dearbhú ón gComhphobal — Dearbhuithe ó Mharacó (IO L 70, 18.3.2000, lgh. 2-204)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú a chorprú sa bhundoiciméad. Is de luach doiciméadach amháin é an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonraithe 25.10.2019