Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02014R0747-20210521

    Bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin

    Bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin

     

    ACHOIMRE AR:

    Cinneadh 2014/450/CBES — maidir le bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin

    Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 — maidir le bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin

    CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

    • Leis an gcinneadh agus an rialachán déantar sraith de bhearta de chuid na Náisiún Aontaithe a thrasuí d’fhonn comhar idir náisiúnaigh AE agus áitritheoirí AE agus an tSúdáin a chosc, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí míleata.
    • Aisghairtear Cinneadh 2011/423/CBES agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/40/CBES leis an gcinneadh. Ar mhaithe le soiléire, tá na smachtbhannaí a chuirtear i bhfeidhm ar an tSúdáin le Cinneadh 2011/423/CBES ar leithligh ó na cinn ina ndéileáiltear leis an tSúdáin Theas agus tá siad comhtháthaithe i dtéacs dlíthiúil amháin.
    • Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 131/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 1184/2005 a aisghairm leis an rialachán agus ní dhéileáiltear ach leis an tSúdáin ann.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Toirmeasctar náisiúnaigh AE nó náisiúnaigh ó thíortha agus ó chríocha thar lear na nithe seo a leanas a chur ar fáil don tSúdáin nó d’aon duine nó d’aon chomhlacht lena n–úsáid sa tSúdáin:

    • soláthar, díolachán, aistriú nó onnmhairiú díreach nó indíreach arm nó trealaimh mhíleata de gach cineál, lena n–áirítear
      • airm agus armlón
      • feithiclí agus trealamh míleata
      • trealamh paraimíleata agus páirteanna spártha;
    • soláthar agus cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata agus le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid arm agus trealaimh mhíleata ghaolmhara;
    • maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a sholáthar, lena n–áirítear, go sonrach
      • deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin
      • árachas agus athárachais maidir le díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm agus trealaimh mhíleata lena mbaineann
      • cúnamh teicniúil lena mbaineann, seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile.

    Ceanglaítear leis an gcinneadh go ndéanfar athbhreithniú ar na bearta seo go tráthrialta, gach 12 mhí ar a laghad.

    Bearta sriantacha

    Cuirtear toirmeasc taistil agus reo sócmhainní i bhfeidhm leis an gcinneadh ar dhaoine a meastar fúthu:

    • go gcuireann siad bac ar an bpróiseas síochána;
    • gur bagairt iad don chobhsaíocht in Darfur agus sa réigiún sin;
    • go sáraíonn siad an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta nó an dlí faoi chearta an duine nó go ndéanann siad ainghníomhartha eile;
    • go sáraíonn siad an trádbhac arm agus/nó go bhfuil siad freagrach as eitiltí míleata i réigiún Darfur agus thar an réigiún sin.

    Leagtar amach san iarscríbhinn leis an gcinneadh agus in Iarscríbhinn I den rialachán liosta de na daoine nach mór do Bhallstáit AE cosc a chur orthu teacht isteach ina gcríocha nó taisteal trína gcríocha agus na daoine aonair, na cuideachtaí, na heintitis nó comhlachtaí a ndéanfar a gcistí agus a n–acmhainní eacnamaíocha a reo.

    Ní mór aon duine a liostálann Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó an Coiste Smachtbhannaí a chur san áireamh sna hiarscríbhinní.

    Féadfaidh an Chomhairle na hiarscríbhinní a leasú.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm ag an gcinneadh agus ag an rialachán ón 11 Iúil 2014.

    CÚLRA

    Is é Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach atá mar bhonn dlí faoi na smachtbhannaí faoin gcinneadh, agus is é Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá mar bhonn dlí faoi na smachtbhannaí faoin rialachán.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Cinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle an 10 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2011/423/CBES (IO L 203, 11.7.2014, lgh. 106-112)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2014/450/CBES a ionchorprú sa téacs bunaidh. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle an 10 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin, agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 131/2004 agus Rialachán (AE) Uimh. 1184/2005 (IO L 203, 11.7.2014, lgh. 1-12)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus forálacha sainiúla maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha sainiúla maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Alt 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean-Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33)

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (iar-Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144)

    Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé–úsáide a rialú (athmhúnlú) (IO L 134, 29.5.2009, lgh. 1-269)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 05.10.2020

    Barr