EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02013R0228-20211207

Tacaíocht ón Aontas d’fheirmeoirí sna réigiúin is forimeallaí

Tacaíocht ón Aontas d’fheirmeoirí sna réigiúin is forimeallaí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Féachtar leis le socruithe speisialta a thabhairt isteach chun na réigiúin is forimeallaí den Aontas Eorpach (AE) a chúiteamh as na deacrachtaí a bhíonn acu mar gheall ar a suíomh iargúlta, a dtalamh agus a n–aeráid, mar aon lena spleáchas eacnamaíoch ar líon beag táirgí.
  • Tugtar scéim POSEI ar na socruithe sin — clár lena ndéileáltar go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánachas.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Tá 3 sprioc leisan rialachán.

  • 1.

    Ráthaíocht a thabhairt maidir le soláthar do na réigiúin seo de tháirgí atá riachtanach le caitheamh nó le próiseáil ag an duine, chomh maith le hionchuir talmhaíochta, ar chostas a chúitíonn dá leithlisiú.

  • 2.

    Todhchaí fhadtéarmach agus forbairt earnáil an bheostoic agus earnáil an éagsúlaithe barr a áirithiú, lena n–áirítear táirgeadh, próiseáil agus díol táirgí áitiúla.

  • 3.

    Iomaíochas na ngníomhaíochtaí talmhaíochta traidisiúnta a chothabháil agus a neartú níos mó.

Limistéir incháilithe

Tá na réimsí atá incháilithe do mhaoiniú POSEI sainithe in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

  • An Spáinn: na hOileáin Chanáracha.
  • An Fhrainc: Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, Réunion, agus Mayotte.
  • An Phortaingéil: na hAsóir agus Maidéara.

Bainistiú agus buiséid na gclár POSEI

Déanann gach Ballstát de AE cinneadh maidir leis an leibhéal geografach is iomchuí chun an clár/na cláir a bhunú.

Gach bliain, bíonn na méideanna seo a leanas ar fáil do na trí Bhallstát, mar atá leagtha síos in Airteagal 30(2) agus (3) den rialachán.

  • Na hOileáin Chanáracha. €268.42 milliún (ar a mbeidh uasmhéid €72.7 milliún i gcomhair socruithe sonracha soláthair).
  • Na ranna Francacha thar lear. €278.41 milliún (ar a mbeidh uasmhéid €26.9 milliún i gcomhair socruithe sonracha soláthair).
  • Na hAsóir agus Maidéara. €106.21 milliún (ar a mbeidh uasmhéid €21.2 milliún i gcomhair socruithe sonracha soláthair).

Socruithe sonracha soláthair

  • Má aontaítear leo seo, déantar iad a dheonú ar an gcoinníoll go gcuirtear tionchar an bhuntáiste eacnamaíochta ar aghaidh chuig an úsáideoir deiridh. D’fhonn leanúnachas agus forbairt na táirgeachta áitiúla talmhaíochta a áirithiú san fhadtéarma, ní mór nach mbeidh an buntáiste ar leibhéal a dhéanfadh dochar do tháirgeadh áitiúil na dtáirgí sin. Ba cheart go mbeadh an chabhair comhréireach leis an gcostas breise a thabhaítear de bharr staid gheografach ar leith an réigiúin is forimeallaí.
  • Cuirtear tacaíocht chun feidhme trí cheadúnais allmhairiúcháin, trí dheimhnithe díolúine agus trí dheimhnithe cabhrach arna n–eisiúint d’oibreoirí cláraithe. Féadfaidh oibreoir ar bith atá bunaithe in AE iarratas a dhéanamh le bheith sa chlár faoi choinníollacha áirithe.

Bearta chun tacú le táirgí talmhaíochta áitiúla

  • Féadfaidh an clár bearta a áireamh chun cuidiú le táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, a phróiseáil nó a dhíol sna réigiúin is forimeallaí .
  • Féadfaidh gach beart gníomhaíochtaí éagsúla a áireamh. Do gach gníomh, ní mór don chlár sainmhíniú a thabhairt, ar a laghad, ar na tairbhithe, na coinníollacha incháilitheachta agus an t-aonad den mhéid cúnaimh atá leithdháilte ar an ngníomh sin.

Seiceálacha agus pionóis

  • Déantar táirgí atá faoi réir socruithe sonracha soláthair a sheiceáil i gcás ina dtagann siad isteach sna réigiúin is forimeallaí agus i gcás ina ndéantar iad a onnmhairiú nó a sheoladh. Mura gcloítear leis na rialacha, féadfaidh na húdaráis an buntáiste a bronnadh ar oibreoirí (i.e. feirmeoirí agus comhlachtaí ar leo feirmeacha) a aisghabháil agus a gclárúchán a chur ar fionraí/a aisghairm go sealadach.
  • Déantar bearta chun tacú le táirgí talmhaíochta áitiúla a fhíorú trí sheiceálacha riaracháin agus ar an bpointe. Má dhéantar íocaíocht éagórach, beidh dualgas ar an tairbhí an tsuim atá i gceist a aisíoc.

Bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí

Le Rialachán (AE) 2016/2031, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, ceanglaítear go maoineofar ón Aontas na cláir rialaithe lotnaidí sna réigiúin is forimeallaí, go gcuirfear chun feidhme é i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, a aisghaireadh ina dhiaidh sin agus ar cuireadh Rialachán (AE) 2021/690 lena mbunaítear clár an mhargaidh aonair ina ionad (féach an achoimre).

Gníomh tarmligthe

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 179/2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 228/2013 maidir le:

  • clár na n–oibreoirí;
  • an méid cabhrach chun táirgí a mhargú lasmuigh den réigiún;
  • an lógó;
  • an díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí do bhó–ainmhithe áirithe;
  • maoiniú ar bhearta áirithe a bhaineann le bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas.

Gníomhartha cur chun feidhme

Ghlac an Coimisiún Eorpach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 180/2014, lena leagtar síos rialacha chun Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 a chur i bhfeidhm. Tá naoi n–iarscríbhinn agus rialacha mionsonraithe ann ina gclúdaítear na nithe seo a leanas:

  • socruithe sonracha soláthair (mar shampla, réamh–mheastacháin soláthair, soláthar trí allmhairí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, soláthar ón Aontas, onnmhairiú agus seoladh, bainistiú, rialuithe agus faireachán);
  • bearta chun tacú le táirgí áitiúla talmhaíochta (i ndáil le hiarratais, seiceálacha, laghduithe agus eisiaimh agus íocaíochtaí neamhdhlite);
  • bearta tionlacain (lógó, táirgí ainmhithe, tobac a allmhairiú isteach sna hOileáin Chanáracha).

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2086 agus (AE) 2021/238, ceadaítear maoluithe áirithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, chun paindéim COVID-19 a chur san áireamh.

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 228/2013 a aisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 247/2006.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 21 Márta 2013.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lgh. 23–40).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 180/2014 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 63, 4.3.2014, lgh. 13-52).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 179/2014 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clár na n–oibreoirí, an méid cabhrach chun táirgí a mhargú lasmuigh den réigiún, an lógó, an díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí do bhó–ainmhithe áirithe agus maoiniú ar bhearta áirithe a bhaineann le bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 63, 4.3.2014, lgh. 3-12).

Nuashonraithe 07.12.2021

Barr