Tairiscintí táthcheangail cuideachtaí
ACHOIMRE AR:
Treoir 2004/25/CE maidir le tairiscintí táthcheangail
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Leagtar síos inti bearta chun dlíthe, rialacháin, rialacha riaracháin, cóid chleachtais, agus socruithe eile le haghaidh tairiscintí táthcheangail* i dtíortha AE a chomhordú.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní mór do rialtais AE comhlíonadh na bprionsabal seo a leanas a áirithiú:
-
Ní mór caitheamh go cothrom le gach sealbhóir urrús* de chuideachta is tairgí* den chineál céanna.
-
Ní mór am agus faisnéis leordhóthanach a bheith acu chun teacht ar chinneadh eolasach arna dhéanamh go cuí maidir leis an tairiscint.
-
Ní mór do bhord cuideachta is tairgí gníomhú ar mhaithe le leas na cuideachta ina hiomláine.
-
Ní cheadaítear iompar trína n-ardaítear nó trína laghdaítear praghas na n-urrús atá i gceist go saorga.
-
Ní fhéadfaidh tairgeoir tairiscint a fhógairt mura bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha aige.
-
Ní fhéadfar bac a chur le cuideachta is tairgí ina cuid gníomhaíochtaí ar feadh tréimhse níos faide ná mar is réasúnta.
-
Ní mór do thíortha AE údarás, nó údaráis, a shainiú chun maoirseacht a dhéanamh ar thairiscintí táthcheangail. Is iad a chinneann freisin an t-údarás breithiúnach nó eile a láimhseálfadh díospóidí nó neamhrialtachtaí ar bith i dtairiscint.
-
Is í an chuideachta is tairgí a chinneann an t-údarás maoirseachta náisiúnta a dhéanfaidh an tairiscint a mheas más rud é go dtrádáiltear a hurrúis i mbreis is tír amháin in AE.
-
Chun scairshealbhóirí mionlaigh a chosaint, ní mór d’aon duine a ghlacann seilbh ar chuideachta tairiscint a dhéanamh ar phraghas cothromasach do gach sealbhóir urrús chomh luath agus is féidir.
-
Is é an praghas cothromasach an praghas ab airde a d’íoc an tairgeoir as na hurrúis i rith tréimhse 6-12 mhí roimh an tairiscint. I gcásanna ar leith, féadfaidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta an praghas sin a choigeartú.
-
Ba cheart cinneadh maidir le seoladh tairisceana a fhógairt go poiblí chomh luath agus is féidir agus ba cheart trédhearcacht mhargaidh agus sláine urrúis na cuideachta is tairgí a áirithiú.
-
Is gá bunfhaisnéis a sholáthar sa doiciméad tairisceana amhail na téarmaí lena mbaineann agus féiniúlacht na cuideachta nó an duine atá ag seoladh an tionscnaimh agus na ndaoine atá ag gníomhú le chéile.
-
Is iad údaráis náisiúnta a chinneann an tréimhse atá ceadaithe chun tairiscint a ghlacadh. Idir 2 sheachtain agus 10 seachtaine a mhaireann an tréimhse sin.
-
Roimh ghabháil do ghníomhaíochtaí lena bhféadfaí bac a chur ar an tairiscint, ní mór do bhord na cuideachta is tairgí (faoi réir rogha an diúltaithe i dtír AE) údarú roimh ré a fháil ó chruinniú scairshealbhóirí ginearálta.
-
Ní mór ionadaithe na n-oibrithe a chur ar an eolas maidir le tairiscint táthcheangail ar bith.
-
Is ann do rialacha náisiúnta le haghaidh saincheisteanna amhail dul i léig nó leasú tairiscintí nó nochtadh an toraidh de tháthcheangal beartaithe.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá an treoir i bhfeidhm ón 20 Bealtaine 2004. Bhí an treoir le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 20 Bealtaine 2006.
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Tairiscint táthcheangail: tairiscint phoiblí chun na hurrúis ar fad nó cuid de na hurrúis atá ag cuideachta a fháil.
Urrúis: scaireanna iompróra lena dtugtar cearta vótála i gcuideachta don úinéir.
Cuideachta is tairgí: cuideachta atá faoi réir tairisceana.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lgh. 12-23)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/25/CE a chorprú isteach sa téacs bunaidh. Is chun críche faisnéise amháin an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonraithe 16.11.2016