Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, Conradh CEGC

 

ACHOIMRE AR:

Conradh Pháras lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH?

  • Bunaítear leis an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) lenar dtugadh le chéile 6 thír (an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg) chun saorghluaiseacht ghuail agus chruach a eagrú agus chun rochtain ar fhoinsí táirgthe a chur ar fáil.
  • Gné thábhachtach ba ea Ard-Údarás Comhchoiteann a bhunú chun:
    • maoirseacht a dhéanamh ar an margadh;
    • monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha iomaíochta; agus
    • trédhearcacht praghsanna a áirithiú.
  • Ba é Conradh CEGC tionscnamh institiúidí AE mar a thuigimid iad inniu. Arna chruthú in 1951, i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, ba é an CEGC an chéad chéim i dtreo lánpháirtíocht na hEorpa.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Ba é b’aidhm leis an gconradh, faoi mar a shonraítear in Airteagal 2, rannchuidiú a thabhairt, tríd an gcómhargadh guail agus cruach, do leathnú eacnamaíoch, fostaíocht agus caighdeáin mhaireachtála níos fearr. Dá réir sin, bhí ar na hinstitiúidí soláthar eagraithe guail agus cruach a áirithiú don chómhargadh trí rochtain chothrom ar na foinsí táirgthe a áirithiú, trí bhunú na bpraghsanna is ísle agus trí fheabhas ar dhálaí oibre. Theastaigh fás ar an trádáil idirnáisiúnta agus nuachóiriú ar tháirgeadh maidir leis sin ar fad.

Agus cómhargadh á chruthú, tugadh isteach leis an gconradh saorghluaiseacht táirgí gan dleachtanna custaim nó gan cánacha. Cuireadh cosc leis ar bhearta nó ar chleachtais idirdhealaitheacha, ar fhóirdheontais, ar chabhair stáit nó ar mhuirir speisialta arna ngearradh ag stáit agus cleachtais shriantacha.

Struchtúr

Bhí an conradh roinnte ina 4 theideal:

  • 1.

    an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach;

  • 2.

    institiúidí an Chomhphobail;

  • 3.

    rialacha eacnamaíocha agus sóisialta; agus

  • 4.

    rialacha ginearálta.

Áiríodh leis chomh matih:

  • 2 phrótacal, prótacal amháin ar an gCúirt Bhreithiúnais agus an ceann eile ar chaidreamh an CEGC le Comhairle na Eorpa, agus
  • comhdháil ar rialacha idirthréimhseacha, inar déileáladh le cur chun feidhme an chonartha, an caidreamh le tíortha neamh-CEGC agus coimircí ginearálta.

Institiúidí

Bunaíodh leis an gconradh Ard-Údarás, Comhthionól, Comhairle Airí agus Cúirt Bhreithiúnais. Bhí pearsantacht dhlíthiúil ag an CEGC.

  • Ba é an tArd-Údarás, réamhtheachtaí an Choimisiúin Eorpaigh inniu, an feidhmeannach coláisteach neamhspleách ag a raibh an cúram na cuspóirí arna leagan síos sa chonradh a bhaint amach agus gníomhú ar mhaithe leis an CEGC. Bhí 9 mball ann (nach bhféadfadh an náisiúntacht chéanna bheith ag níos mó ná 2 bhall díobh) a cheaptaí ar feadh 6 bliana. Comhlacht fíor-fhornáisiúnta ba ea é ag a raibh cumhacht um chinneadh. Rinne sé maoirseacht ar an méid seo a leanas:
    • nuachóiriú agus feabhas ar tháirgeadh;
    • soláthar táirgí faoi na dálaí céanna;
    • forbairt comhbheartais easpórtála; agus
    • feabhas ar dhálaí oibre sna tionscail ghuail agus chruach.

Rinne an tArd-Údarás cinntí, rinne sé moltaí agus thug sé tuairimí. Chuidigh Coiste Comhairleach leis (réamhtheachtaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an lae inniu) ina raibh ionadaithe ar son táirgeoirí, oibrithe, tomhaltóirí agus déileálaithe.

  • Bhí an Comhthionól, réamhtheachtaí Pharlaimint na hEorpa, comhdhéanta de 78 mball, arbh ionadaithe iad ar son a bparlaimintí náisiúnta. Bhí 18 duine ann an tír don Ghearmáin, don Fhrainc agus don Iodáil, deichniúr don Bheilg agus deichniúr don Ísiltír agus ceathrar do Lucsamburg. Leis an gconradh sannadh cumhacht maoirseachta don Chomhthionól.
  • Bhí an Chomhairle, réamhtheachtaí Comhairle an Aontais Eorpaigh inniu, comhdhéanta de 6 ball de na rialtais náisiúnta. Thionóltaí gach tír CECG Uachtarán na Comhairle ar a seal ar feadh tréimhse 3 mhí. Ba é a ról gníomhaíochtaí an Ard-Údaráis agus beartas ginearálta eacnamaíocha na rialtas a chomhchuibhiú. B’éigean cead a fháil uaidh le haghaidh cinntí tábhachtacha arna ndéanamh ag an Ard-Údarás.
  • Bhí an Chúirt Bhreithiúnais, réamhtheachtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, comhdhéanta de 7 breithiúna a ainmníodh ar feadh 6 bliana le comhaontú comhchoiteann idir rialtais thíortha CECG. Áirithíodh leis go raibh an conradh á léirmhíniú agus á chur chun feidhme i gceart.

Sainchúraimí

  • Ag féachaint chun a spriocanna a bhaint amach, rinne an CEGC an méid seo a leanas:
    • faisnéis a bhailiú ó chuideachtaí agus ó chumainn ghuail agus chruach;
    • chuaigh sé i gcomhairle leis na páirtithe éagsúla (cuideachtaí guail agus cruach, oibrithe, etc);
    • bhí cumhachtaí aige chun seiceálacha a dhéanamh chun an fhaisnéis ar tugadh dó a sheiceáil.
  • I gcás nach ndearna cuideachtaí guail agus cruach de réir na gcumhachtaí sin, d’fhéad an tArd-Údarás fíneálacha a ghearradh (1 % den láimhdeachas bliantúil ar a mhéad) agus íocaíochtaí pionóis a ghearradh (5 % den meánláimhdeachas laethúil le haghaidh mhoill gach lae).
  • Ar bhonn na faisnéise a bhailigh sé, d’ullmhaigh an tArd-Údarás réamhaisnéisí chun gníomhaíochtaí na ndaoine lenar bhain a threorú agus chun an dóigh a ngníomhódh an CEGC a chinneadh. Chun an fhaisnéis a fuarthas ó chuideachtaí agus ó chumainn a chomhlánú, rinne an CEGC a staidéar féin ar threochtaí praghais agus ar iompar an mhargaidh.

Gníomhaíochtaí um maoiniú

  • Bhí buiséad an CEGC maoinithe le tobhaigh ar tháirgeadh guail agus cruach agus le hiasachtaí conarthachta. Bhí sé beartaithe go gcumhdódh na tobhaigh caiteachas riaracháin, cabhair neamh-inaisíoctha i leith athoiliúint a chur ar oibrithe, agus taighde teicniúil agus eacnamaíoch (a raibh gá lena spreagadh). Níorbh fhéadfaí airgead a fuarthas ó iasachtú a úsáid ach amháin chun iasachtaí a dheonú.
  • Sa réimse infheistíochta, chomh maith le deontais a dheonú, d’fhéad an CECG iasachtaí arna gcur ar chonradh ag cuideachtaí le tríú páirtithe a ráthú. Bhí an chumhacht ag an CEGC chomh maith treoir a sholáthar maidir le hinfheistíochtaí nach raibh á maoiniú aige.

Táirgeadh

Bhí ról cúnta, indíreach ag an CEGC den chuid ba mhó trí chomhar leis na rialtais agus idirghabháil i dtaca le praghsanna agus beartas tráchtála. Mar sin féin, i gcás meatha ar bith ar an éileamh nó ganntanais ar bith, d’fhéad sé beart díreach a dhéanamh trí chuótaí a fhorchur chun táirgeadh a theorannú ar bhealach eagraithe, nó maidir le ganntanais, trí chláir um tháirgeadh a dhréachtú inar leagadh síos tosaíochtaí úsáide, rud a chinnfeadh an dóigh ba cheart acmhainní a leithdháileadh agus leibhéil easpórtála a shocrú.

Socrú praghsanna agus iomaíocht

  • Cuireadh cosc leis an gconradh ar chleachtais lenar cruthaíodh dochar de réir an phraghais, ar chleachtais iomaíocha éagóracha, agus ar chleachtais idirdhealaitheacha a bhain le cur i bhfeidhm coinníollacha a bhí éagsúil ó idirbhearta inchomparáide. Bhí feidhm ag na rialacha sin maidir le hiompar chomh maith.
  • Lena chois sin, i gcúinsí áirithe, amhail gábh soiléir, d’fhéad an tArd-Údarás praghsanna uasta nó íosta a shocrú laistigh den CEGC nó i ndáil leis an margadh easpórtála.
  • Lena áirithiú go ndéanfaí saor-iomaíocht a urramú, b’éigean an tArd-Údarás a chur ar an eolas faoi ghníomh ar bith a rinne tíortha CEGC ar dóigh go gcuirfeadh sé i ndainséir í. Anuas air sin, dhéileáladh sa chonradh leis na 3 chás lena bhféadfaí iomaíocht a shaobhadh.
    • comhaontuithe,
    • comhchruinnithe agus
    • mí-úsáid as seasamh ceannasach.

D’fhéad an tArd-Údarás comhaontuithe nó comhpháirtíochtaí idir gnóthais a chur ar ceal i gcás go gcuirfí cosc nó srian ar an ngnáth-iomaíocht nó go ndéanfaí í a shaobhadh.

Gnéithe oibrithe

  • Cé go raibh pánna oibrithe fós laistigh de dhlínse thíortha CECG, d’fhéad an tArd-Údarás idirghabháil a dhéanamh, faoi choinníollacha áirithe, i gcás pánna a bhí thar a bheith íseal agus laghduithe ar phá.
  • D’fhead an tArd-Údarás cabhair airgeadais a dheonú i leith clár chun éifeachtaí diúltacha féideartha an chur chun cinn sa teicneolaíocht ar an lucht oibre a fhritháireamh (cúíteamh, liúntais agus athoiliúint ghairmiúil).
  • Maidir le gluaiseacht na n-oibrithe oilte, b’éigean do thíortha CECG réidh a fháil le baic ar an bhfostaíocht ar bhonn náisiúntachta. Maidir leis na catagóirí eile oibrithe, agus i gcás ganntanas den chineál sin saothair, iarradh ar an tíortha na coigeartuithe ba ghá a dhéanamh ar na rialacha imirce ionas go bhféadfaí oibrithe ó thíortha eile a fhostú.

Beartas tráchtála

  • Déileáladh sa chonradh chomh maith le beartas tráchtála an CEGC i dtreo thíortha neamh-CECG. Cé go raibh cumhachtaí na rialtas náisiúnta fós i bhfeidhm, bhí líon cumhachtaí ag an CEGC amhail rátaí uasta agus íosta a shocrú le haghaidh dleachtanna custaim agus maoirseacht a dhéanamh ar dheonú ceadúnas iompórtála agus easpórtála. Bhí an ceart ag an CECG go gcoinneofaí ar an eolas é faoi chomhaontuithe tráchtála a bhain le gual agus cruach.
  • D’fhéad an tArd-Údarás idirghabháil a dhéanamh chomh maith i gcás dumpála, i.e. úsáid as gual agus cruach ag gnólachtaí lasmuigh de dhlínse an CECG trí bhealaí iomaíocha a thiocfadh salach ar an gconradh agus méaduithe suntasacha ar iompórtálacha a d’fhéadfadh bagairt thromchúiseach a chur ar tháirgeadh an CECG.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?

Bhí an conradh i bhfeidhm ó 1952, bhí sé bailí ar feadh 50 bliain agus d’éag sé in 2002. Osclaíodh an cómhargadh a bunaíodh leis an gconradh an 10 Feabhra 1953 le haghaidh guail, amhiarainn agus draimh agus an 1 Bealtaine 1953 le haghaidh cruach.

CÚLRA

  • Sular éag sé, rinneadh an conradh a leasú roinnt uaireanta leis na conarthaí seo a leanas:
  • Nuair a d’éag Conradh CEGC, rinneadh rialacha maidir leis na hearnálacha guail agus cruach a chomhtháthú sna conartha arna mbunú ag an gComhphobal Eorpach, Conradh na Róimhe.
  • Tá prótacal maidir leis na hiarmhairtí airgeadais a bhain le héag Chonradh CEGC agus maidir leis an gciste taighde le haghaidh guail agus cruach ceangailte le Conradh Nice. Déantar foráil sa phrótacal i leith aistriú shócmhainní agus dhliteanais uile an CECG chuig an gComhphobal Eorpach agus maidir le húsáid ghlanlauch na sócmhainní agus na ndliteanas sin le haghaidh taighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach.
  • I roinnt cinntí a rinneadh i Feabhra 2003 cuimsítear na bearta riachtanacha maidir le cur chun feidhme airteagail an phrótacail, na treoirlínte airgeadais agus na hairteagail a bhaineann leis an gciste taighde le haghaidh guail agus cruach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach

Nuashonraithe 11.12.2017



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top