Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Páipéar Bán maidir le spórt

 

ACHOIMRE AR:

Páipéar Bán maidir le Spórt (COM(2007) 391 críochnaitheach)

CAD IS AIDHM LEIS AN BPÁIPÉAR BÁN?

  • Bhí an páipéar bán seo ar cheann de phríomh-ionchur an Choimisiúin Eorpaighi dtéama an spóirt agus ról an spóirt i saol shaoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) ó lá go lá.
  • Aithníodh ann an tionchar atá ag an spórt ar bheartais eile de chuid AE.
  • Sainaithníodh ann freisin riachtanais agus saintréithe shaol an spóirt.
  • Cuireadh tuilleadh ionchas ar fáil leis maidir le spórt ar leibhéal AE, agus san am céanna dlí AE, prionsabal na coimhdeachta agus neamhspleáchas eagraíochtaí spóirt á urramú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

  • Seo a leanas príomhchuspóirí an pháipéir bháin:

    • treoirlínte straitéiseacha a leagan síos;
    • díospóireacht a spreagadh maidir le fadhbanna sainiúla;
    • próifíl níos airde a thabhairt don spórt i bpróiseas cinnteoireachta AE;
    • riachtanais agus saintréithe na hearnála a thabhairt chun suntais;
    • an leibhéal cuí rialtais a aithint i gcomhair gnímh amach anseo.
  • Go sonrach, d’fhéach an Coimisiún leis an bpáipéar bán a úsáid chun:

    • a áirithiú go léirítear an ghné spóirt go hiomlán i ngach réimse de bheartas AE;
    • soiléireacht dhlíthiúil a mhéadú maidir le feidhmiú acquis AE i leith spóirt agus cuidiú dá réir sin le rialachas spóirt a fheabhsú in AE.

Struchtúr

Tugadh aghaidh ar 3 théama sa pháipéar bán:

Plean gníomhaíochta

  • Mar aon leis an bpáipéar bán, ghlac an Chomhairle le plean oibre le haghaidh 2014-2017. Tá plean oibre nua AE i gcomhair spóirt faoi lán seoil a bheidh ar siúl ó mhí Iúil 2017 go Nollaig 2020.
  • Áirítear sa phlean oibre 2014-2017 raon beart sonrach a bhaineann le gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha spóirt, amhail sláinte, cuimsiú sóisialta, obair dheonach, oideachas nó caidrimh sheachtracha. Is iad seo a leanas na bearta:

    • treoirlínte maidir le gníomhaíocht choirp a fhorbairt agus líonra Eorpach a bhunú chun spórt a chur chun cinn mar ghníomhaíocht a chuireann feabhas ar an tsláinte;
    • troid i gcoinne dópála sa spórt ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal Eorpach;
    • lipéad Eorpach a bhronnadh ar scoileanna ina spreagtar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí coirp;
    • staidéar a sheoladh ar obair dheonach i spórt;
    • cuimsiú sóisialta agus comhtháthú trí spórt a fheabhsú, ag baint leasa as cláir agus acmhainní de chuid AE;
    • comhroinnt faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a chur chun cinn idir seirbhísí um fhorfheidhmiú an dlí agus eagraíochtaí spóirt d’fhonn ciníochas agus foréigean a chosc;
    • staidreamh a bhailiú a léiríonn tionchar eacnamaíoch an spóirt agus ar ar féidir beartas a bhunú;
    • maoiniú spóirt ar bhonn poiblí agus príobháideach a athbhreithniú;
    • tuilleadh oibre a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gníomhairí imreoirí agus an bhreisluach a bhainfeadh le gníomh féideartha AE sa réimse seo (a bhí mar ábhar ag teachtaireacht i 2011 ón gCoimisiún);
    • struchtúrú níos fearr ar phlé maidir le spórt ar leibhéal AE, go háirithe trí fhóram bliantúil maidir le spórt;
    • dlús a chur faoi chomhar idir-rialtasach ar shaincheisteanna spóirt;
    • cruthú coistí comhphlé sóisialta Eorpach in earnáil an spóirt a chur chun cinn, agus tacaíocht a thabhairt d’fhostóirí agus d’fhostaithe.

Faireachán

Déanann an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn tionscnamh trí chomhphlé struchtúrtha leis na heagraíochtaí go léir atá bainteach le spórt:

Comhpháirtíochtaí agus imeachtaí a chur chun cinn

Tugann an clár Erasmus+ deiseanna d’eagraíochtaí spóirt, d’údaráis phoiblí agus d’eagraíochtaí eile a rannchuidíonn le tosaíochtaí spóirt de chuid AE. Tacaíonn sé le tionscadail atá ceaptha chun comhpháirtíochtaí comhoibríocha, imeachtaí, cinnteoireacht fianaise-bhunaithe, agus comhphlé a chur chun cinn le heagraíochtaí spóirt. Díríonn an clár Erasmus+ ar spórt pobail agus lorgaítear na cuspóirí sonracha seo a leanas:

  • dul i ngleic le bagairtí d’ionracas an spóirt ina mbíonn níos mó ná tír amháin páirteach, amhail dópáil, cúbláil cluichí agus foréigean, chomh maith le héadulaingt agus idirdhealú de gach cineál;
  • dea-rialachas i spórt agus déghairmeacha lúthchleasaithe a chur chun cinn agus a thacú ;
  • gníomhaíochtaí deonacha a chur chun cinn sa spórt, mar aon le cuimsiú sóisialta, comhdheiseanna agus feasacht ar an tábhacht atá le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte trí rannpháirtíocht mhéadaithe i spórt do chách, agus rochtain chothrom air.

CÚLRA

  • Cuidíonn spórt, mar fheiniméan sóisialta agus eacnamaíoch, le cuspóirí straitéiseacha de chuid AE cosúil le dlúthpháirtíocht agus rathúnas a bhaint amach. Léiríonn sé coincheapa maidir le síocháin, caoinfhulaingt, comhthuiscint agus oideachas, atá ag teacht leis an idéal Eorpach.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Páipéar Bán — Páipéar Bán maidir le Spórt (COM(2007) 391 críochnaitheach, 11.7.2007)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin — AE agus Spórt: Cúlra agus Comhthéacs — Doiciméad a ghabhann leis an bPáipéar Bán maidir le Spórt (SEC(2007) 935 críochnaitheach, 11.7.2007)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Ghné Eorpach sa Spórt a Fhorbairt (COM(2011) 12 críochnaitheach, 18.1.2011)

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, cruinniú laistigh den Chomhairle, 21 Bealtaine 2014 maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh i gcomhair Spóirt (2014-2017) (IO C 183, 14.6.2014, lgh. 12-17)

Nuashonraithe 10.07.2017

Top