EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Faireachas ar bheartais bhuiséadacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 — an faireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tugtar isteach leis gné choisctheach an chomhshocraithe cobhsaíochta agus fáis Is iad sin na bearta coisctheacha a ceapadh chun an disciplín buiséadach is gá le haghaidh oibriú réidh an Aontais Eorpaigh (AE) a chinntiú.
  • Ní hamháin go mbaineann sé leis na tíortha AE sin a bhfuil an t-airgeadra aonair glactha acu baineann siad chomh maith leo siúd nach bhfuil páirteach ann fós.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is é is aidhm leis an rialachán seo monatóireacht agus comhordú a dhéanamh ar bheartais bhuiséadacha thíortha AE, mar bheart coisctheach chun disciplín buiséadach a chinntiú laistigh de AE.
  • Chun é sin a dhéanamh, déantar foráil ann i leith Seimeastar Eorpach ag tús gach bliana chun cuidiú le tíortha AE beartais shláintiúla bhuiséadacha a chur i bhfeidhm. Cuireann tíortha AE cláir chobhsaíochta (le haghaidh tíortha sa limistéar euro) agus cláir um chóineasú (le haghaidh tíortha lasmuigh den limistéar euro) isteach chuig an gCoimisiún Eorpach ina nglacann siad cuspóirí buiséadacha meántéarmacha. Déanann an Coimisiún measúnú ar na cláir sin agus beidh siad ina n-ábhar de mholtaí sonracha na Comhairle do gach tír.

An Seimeastar Eorpach maidir le comhordú beartas eacnamaíoch

  • Tréimhse 6 mhí is ea an Seimeastar Eorpach ina ndéantar scrúdú ar bheartais bhuiséadacha thíortha AE.
  • Ag tús an tSeimeastair, sainaithníonn an Chomhairle na príomhdhúshláin eacnamaíocha do AE agus soláthraíonn sí treoirlínte beartas straitéiseach do thíortha AE a bheidh le leanúint.
  • Ina dhiaidh sin, agus ar bhonn na dtreoirlínte sin, ní mór do thíortha AE an méid seo a leanas a dhréachtú:
  • Ag deireadh an tSeimeastair Eorpaigh seo agus i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar na cláir, cuireann an Chomhairle moltaí chuig gach tír AE. Ar bhonn mheasúnú an Choimisiúin, tugann an Chomhairle a tuairim sula ndréachtaíonn tíortha AE a mbuiséid deiridh le haghaidh na bliana dár gcionn.

Cuspóirí buiséadacha meántéarmacha

  • Tá cuspóir meántéarmach easnaimh ag gach tír AE dá riocht buiséadeach, atá sainithe i dtéarmaí struchtúracha. Tá na cuspóirí éagsúla idir tíortha AE: tá siad níos doichte i gcás go bhfuil an leibhéal fiachais agus costais mheasta daonra atá ag dul in aois níos airde.
  • Maidir le tíortha AE a bhfuil an euro glactha acu agus iad siúd atá páirteach i meicníocht an ráta malairte (ERM II), tá an cuspóir socraithe idir -1% den OTI agus comhardú nó barrachas.
  • Féadfar na cuspóirí a athbhreithniú nuair a dhéantar mór-athchóiriú struchtúrach nó gach 3 bliana, nuair a fhoilsítear réamhaisnéisí lenar féidir costais mheasta na ndaonraí atá ag dul in aois a thabhairt cothrom le dáta.

Faireachas iltaobhach; cláir chobhsaíochta agus cláir um chóineasú

  • Feidhmíonn na cláir chobhsaíochta agus na cláir um chóineasú mar bhonn le haghaidh faireachas iltaobhach ag Comhairle AE. Leis an bhfaireachas seo, dá ndéantar foráil in Airteagal 121 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is féidir cosc a chur, ag an gcéim luath, ar easnaimh phoiblí iomarcacha agus comhordú beartas eacnamaíoch a chur chun cinn.
  • Ní mór do gach tír AE clár cobhsaíochta (le haghaidh tíortha sa limistéar euro) nó clár um chóineasú (le haghaidh tíortha lasmuigh den limistéar euro) a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach.
  • Ní foláir nó go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas sna cláir chobhsaíochta nó sna cláir um chóineasú:
    • an cuspóir buiséadach meántéarmach agus na coigeartuithe atá beartaithe chun an cuspóir a bhaint amach;
    • comhardú an rialtais mar chéatadán den OTI, an treocht dóchúil maidir le cóimheas fhiachas an rialtais, an fás atá beartaithe ar chaiteachas an rialtais agus fás ar ioncam an rialtais, ag cur san áireamh nár tháinig athrú ar an mbeartas, chomh maith le bearta ioncaim lánroghnacha cainníochtúla.
    • faisnéis maidir le costais mheasta na ndaonraí atá ag dul in aois agus costais fhéideartha eile (amhail ráthaíochtaí poiblí) a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar chuntais an rialtais;
    • faisnéis maidir le comhsheasmhacht na gclár leis na treoirlínte ginearálta maidir le beartas eacnamaíoch agus na cláir náisiúnta athchóirithe;
    • na príomhbhoinn tuisceana lena gcuirtear bonn is taca faoin ionchas eacnamaíoch, ar dócha go mbeidh tionchar acu ar bhaint amach na gclár cobhsaíochta agus na gclár um chóineasú (fás, fostaíocht, boilsciú agus athróga tábhachtacha eile);
    • measúnú agus anailís mhionsonraithe ar na bearta buiséadacha agus bearta beartas eacnamaíoch eile — a rinneadh nó atá beartaithe — a bhaineann le haidhmeanna an chláir a bhaint amach;
    • anailís ar conas a rachadh athruithe sna príomhbhoinn tuisceana eacnamaíocha i gcion ar riochtaí buiséadacha agus fiachais;
    • nuair is infheidhme, cúiseanna le himeacht ar bith ó na coigeartuithe beartaithe is gá chun an cuspóir buiséadach meántéarmach a bhaint amach.
  • Lena chois sin, ní mór a shonrú sna cláir um chóineasú an caidreamh idir na cuspóirí sin agus an praghas agus cobhsaíocht an ráta malairte, chomh maith le cuspóirí meántéarmacha an bheartais airgeadaíochta.

Scrúdú ar na cláir chobhsaíochta agus na cláir um chóineasú

  • Ar bhonn measúnuithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus ag an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, déanfaidh an Chomhairle scrúdú ar na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha a chuirfidh na tíortha i láthair ina gcláir. Déanfaidh sé seiceáil faoi leith ar:
    • cibé an bhfuil an cuspóir bunaithe ar bhoinn tuisceana eacnamaíocha réadúla;
    • cibé an leor an beart a rinneadh nó atá beartaithe chun an cuspóir a bhaint amach;
    • cibé an dtaispeántar i measúnú ar na coigeartuithe atá beartaithe go bhfuil an tír lena mbaineann ag féachaint le feabhas a chur ar a comhardú buiséid (arna coigeartú go timthriallach) bliain ar bhliain;
    • cibé an bhfuil an fás bliantúil ar chaiteachas an rialtais ag an tír lena mbaineann ró-ard, i.e. nach sáraíonn sé an bonnráta sa mheántéarma.
  • Agus a measúnuithe á ndéanamh aici, ní mór don Chomhairle cur chun feidhme na mór-athchóirithe struchtúracha, go háirithe athchóirithe ar phinsin a chur san áireamh.
  • Déanfaidh an Chomhairle scrúdú ar an gclár laistigh de 3 mhí óna chur isteach. Ar mholadh ón gCoimisiún agus i ndiaidh dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, tugann an Chomhairle tuairim maidir leis an gclár. I gcás go measann sí gur cheart cuspóirí agus ábhar cláir a neartú, féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an tír lena mbaineann é a choigeartú.

Easnamh iomarcach a sheachaint: an sásra luathrabhaidh

  • Mar chuid den fhaireachas iltaobhach, déanann an Chomhairle monatóireacht ar chur chun feidhme na gclár cobhsaíochta agus na gclár um chóineasú ar bhonn na faisnéise a chuireann tíortha AE ar fáil agus measúnuithe a dhéanann an Coimisiún agus an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.
  • Mar sin, má shainaithníonn an Coimisiún difríocht shuntasach ón gcuspóir buiséadach meántéarmach nó ó na coigeartuithe atá beartaithe a lena mbainfí amach an cuspóir sin, tabharfaidh sé moltaí don tír lena mbaineann chun easnamh iomarcach (sásra luathrabhaidh, Airteagal 121 (4) den Chonradh ar Fheidhmiú AE) a chosc.
  • Lena chois sin, féadfar moltaí a ghlacfar sa Chomhairle a dhéanamh poiblí.

Treoir ón gCoimisiún Eorpach

  • In 2015, soiléiríodh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an dóigh a bhfuil sé beartaithe aige na rialacha maidir leis an gcomhshocrú cobhsaíochta agus fáis a chur i bhfeidhm chun neartú a dhéanamh ar an nasc idir athchóirithe struchtúracha, infheistíocht agus freagracht fhioscach d’fhonn cruthú post agus fás a spreagadh in AE.
  • Tá 3 phríomhchuspóir sa treoir:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Iúil 1998.

CÚLRA

  • Faoi rialacha an chomhshocraithe cobhsaíochta agus fáis, ní mór do thíortha AE beartais bhuiséadacha sláintiúla a chur i bhfeidhm chun easnaimh iomarcacha rialtais a bhféadfaí cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais AE a chur i gcontúirt leo a sheachaint.
  • In 2011, bhí an comhshocrú cobhsaíochta agus fáis ina ábhar in athchóirithe fairsinge. Tá na bearta úra a glacadh ina gcéim thábhachtach maidir le disciplín buiséadach a chinntiú, cobhsaíocht gheilleagar AE a chur chun cinn agus géarchéim eile a chosc.
  • Áirítear sa chomhshocrú cobhsaíochta agus fáis anois sé ghníomh reachtacha (ar a dtugtar “an 6-Phaca”) a tháinig i bhfeidhm an 13 Nollaig 2011 agus dhá ghníomh eile (an “2-Phaca”) a tháinig i bhfeidhm an 30 Bealtaine 2013:
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lgh. 1–5)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 1–7)

Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 8–11)

Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 25–32)

Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011 ón gComhairle an 8 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le cur i bhfeidhm nós imeachta um easnamh iomarcach a ghéarú agus a shoiléiriú (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 33–40)

Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir leis na ceanglais do chreata buiséadacha thíortha AE (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 41–47).

Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lgh. 1–10)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú IO L 140, 27.5.2013, lgh. 11–23)

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta —Ag baint an leas is fearr as solúbthacht laistigh de na rialacha reatha maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (COM(2015) 12 final, 13.1.2015)

Nuashonraithe 18.04.2017

Top