EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Deimhniúchán tiománaithe traenach a oibríonn gluaisteoirí agus traenacha

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2007/59/CE maidir le deimhniúchán tiománaithe traenach a oibríonn gluaisteoirí agus traenacha ar chóras iarnróid AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir le tiománaithe traenach a oibríonn gluaisteoirí agus traenacha ar chóras iarnróid AE a dheimhniú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Nuair a bheidh an treoir á cur i bhfeidhm acu, féadfaidh tíortha AE tiománaithe traenach a oibríonn go heisiach orthu seo a leanas a chur as an áireamh:

  • mearchórais iarnród cathrach, tramanna agus córais iarnróid éadroim eile;
  • líonraí atá scartha amach ón gcuid eile den chóras iarnróid atá beartaithe le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus lastais áitiúla, uirbigh agus bruachbhailte amháin;
  • bonneagar iarnróid faoi úinéireacht phríobháideach;
  • codanna de rian iarnróid atá dúnta go sealadach do ghnáth-thrácht.

Deimhniúchán tiománaithe

Ní mór do thiománaithe a bheith i ndea-shláinte agus na cáilíochtaí riachtanacha a bheith acu. Ní mór dóibh na doiciméid seo a leanas a bheith acu freisin:

  • ceadúnas lena dheimhnítear go gcomhlíonann tiománaí íoscheanglais maidir le dea-shláinte mhíochaine agus shíceolaíoch, bunoideachas agus scileanna gairmiúla ginearálta;
  • deimhniú comhlántach comhchuibhithe ina dtugtar le fios an bonneagar (na hiarnróid) agus an rothstoc (na cineálacha traenach) a bhfuil an tiománaí údaraithe ina leith.

Ceadúnas agus deimhniú a fháil

  • Ní mór d’iarratasóirí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
    • caithfidh siad a bheith 20 bliain d’aois ar a laghad, cé go bhféadfaidh tíortha AE ceadúnais a eisiúint a bheidh teoranta dá gcríoch féin ar thiománaithe ó bheidh siad 18 mbliana déag d’aois;
    • bunoiliúint a bheith faighte acu agus na ceanglais mhíochaine atá leagtha síos sa treoir a chomhlíonadh;
    • fianaise de dhea-shláinte fhisiceach a chur ar fáil trí scrúdú leighis a dhéanamh arna thabhairt ag dochtúir leighis atá aitheanta ag an údarás inniúil;
    • dea-shláinte shíceolaíoch a léiriú trí scrúdú leighis a dhéanamh arna thabhairt ag síceolaí atá aitheanta ag an údarás inniúil;
    • fianaise a thabhairt dá gcumas gairmiúil agus, más infheidhme, dá gcumas teanga.
  • Ní mór don údarás inniúil an ceadúnas a eisiúint taobh istigh de 1 mhí ó fhaigheann sé na doiciméid riachtanacha. Beidh an ceadúnas bailí ar feadh 10 mbliana.
  • Eisíonn fostóirí tiománaithe traenach i.e. gnóthais iarnróid nó bainisteoirí bonneagair na deimhnithe comhlántacha.

Cén ról atá ag na húdaráis náisiúnta inniúla?

Tá roinnt cúraimí ar an údarás atá ceaptha ag tír AE chun ceadúnas an tiománaí traenach a eisiúint lena n-áirítear:

  • ceadúnais a eisiúint agus a thabhairt chun dáta, ceadúnais ionaid a sholáthar agus ceadúnais a chur ar fionraí agus a tharraingt siar más gá;
  • scrúduithe agus seiceálacha tréimhsiúla a áirithiú;
  • a áirithiú go bhfoilseofar clár de dhaoine agus de chomhlachtaí creidiúnaithe nó aitheanta (dochtúirí leighis, traenálaithe, scrúdaitheoirí, etc.) agus é a thabhairt cothrom le dáta;
  • clár de cheadúnais atá eisithe, modhnaithe, curtha ar fionraí, curtha ar ceal nó dearbhaithe mar chinn atá curtha amú nó scriosta, nó imithe in éag a choimeád agus a thabhairt chun dáta;
  • maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas maidir le tiománaithe a dheimhniú agus na seiceálacha riachtanacha a dhéanamh ar bord traenacha a thaistealaíonn laistigh den AE.

Ní mór do chuideachtaí iarnróid:

  • clár a choimeád de gach deimhniú comhlántach comhchuibhithe atá eisithe, imithe in éag, modhnaithe, curtha ar fionraí, curtha ar ceal nó atá dearbhaithe mar chinn atá curtha amú nó scriosta;
  • córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar a gcuid tiománaithe agus gníomh láithreach a ghlacadh má tá aon amhras faoi dhea-shláinte tiománaí chun an post a dhéanamh.

Faoin 29 Deireadh Fómhair 2018, ní mór do gach tiománaí ceadúnais agus deimhnithe a bheith acu a chloíonn leis an treoir seo.

Leasuithe ar Threoir 2007/59/CE

Leasaíodh an treoir roinnt uaireanta:

  • le Treoir 2014/82/AE lena n–áiríodh mionathruithe ar na ceanglais maidir le ceadúnas agus deimhniú a eisiúint d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go huilíoch iad i ngach tír AE;
  • le Treoir (AE) 2016/882 agus le Rialachán (AE) 2019/554 lena leasaíodh Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an treoir maidir le ceanglais teanga le haghaidh tiománaithe traenach;
  • Rialachán (AE) 2020/698 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise phaindéim COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair. Sínítear an srianta ama a leagadh amach i dTreoir 2007/59/CE le 6 mhí leis an rialachán seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón Dé Máirt 4 Nollaig 2007 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin Déardaoin 3 Nollaig 2009.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lgh. 51-78)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2007/59/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 10-24)

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/89/AE ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2014 maidir le treoirthionscadal chun na hoibleagáidí um chomhar riaracháin atá leagtha amach i dTreoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IO L 45, 15.2.2014, lgh. 36-39)

Cinneadh 2011/765/AE ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 maidir le critéir chun aitheantas a thabhairt d’ionaid oiliúna a bhfuil baint acu le hoiliúint a chur ar thiománaithe traenach, critéir chun aitheantas a thabhairt do scrúdaitheoirí tiománaithe traenach agus critéir chun scrúduithe a eagrú de réir Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 314, 29.11.2011, lgh. 36-40)

Moladh 2011/766/AE ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 maidir leis an nós imeachta chun aitheantas a thabhairt d’ionaid oiliúna agus do scrúdaitheoirí tiománaithe traenach de réir Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 314, 29.11.2011, lgh. 41-46)

Rialachán (AE) Uimh. 36/2010 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2009 maidir le samhlacha Comhphobail le haghaidh ceadúnas tiomána traenach, deimhnithe comhlántacha, cóipeanna deimhnithe de dheimhnithe comhlántacha agus foirmeacha iarratais le haghaidh ceadúnas tiomána traenach, faoi Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 13, 19.1.2010, lgh. 1-27)

Féach leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2010/17/CE ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2009 maidir le paraiméadair bhunúsacha a ghlacadh le haghaidh ceadúnas tiomána traenach agus deimhnithe comhlántacha dá bhforáiltear faoi Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 8, 13.1.2010, lgh. 17-31)

Nuashonraithe 22.07.2020

Top