EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Infheisteoirí a chosaint nuair a theipeann ar ghnólacht infheistíochta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 97/9/CE maidir le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi infheisteoirí a chosaint nuair a theipeann ar ghnólacht infheistíochta.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ceanglaítear sa treoir ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) scéim nó scéimeanna cúitimh infheisteoirí a bhunú*. Ní mór do gach gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta a bheith bainteach i scéim dá leithéid (féadfar institiúidí creidmheasa a dhíolmhú ar an gcoinníoll go bhfuil siad bainteach i scéim cheana ina ráthaítear cosaint atá comhionann leis an gcosaint a sholáthraítear faoi scéim chúitimh agus go gcomhlíonann siad coinníollacha sonracha).
  • Oibríonn an scéim chúitimh sna cásanna seo a leanas:
    • nuair atá sé cinntithe ag na húdaráis inniúla go ndealraíonn sé dóibh, idir an dá linn, nach bhfuil gnólacht infheistíochta ábalta a n-oibleagáidí a thagann as éilimh infheisteoirí a chomhlíonadh agus nach bhfuil ionchas luath ar bith ann go mbeidh siad ábalta amhlaidh a dhéanamh; nó
    • nuair atá rialú déanta ag údarás breithiúnach lena bhfuil an éifeacht ábaltacht infheisteoirí chun éilimh a dhéanamh i gcoinne gnólacht infheistíochta a chur ar fionraí.
  • Ní mór cumhdach a chur ar fáil d’éilimh a thagann as neamhábaltacht gnólacht infheistíochta chun:
    • airgead atá ag dul d’infheisteoirí nó ar airgead de chuid infheisteoirí é agus atá á choinneáil thar a gceann i dtaca le gnó infheistíochta a aisíoc; nó
    • ionstraimí ar bith de chuid infheisteoirí atá á gcoinneáil, á riar nó á mbainistiú thar a gceann i dtaca le gnó infheistíochta a thabhairt ar ais dóibh.
  • Sa chás gur institiúid creidmheasa is ea gnólacht infheistíochta chomh maith, cinneann an tír thionscnaimh AE cén treoir ar cheart feidhm a bheith aici maidir le héilimh ar airgead: an treoir thuasluaite nó an treoir lena rialaítear scéimeanna ráthaíochta taiscí. Níl éileamh ar bith maidir le méid aonair incháilithe i leith cúitimh faoin dá threoir.
  • Leagtar amach sa treoir íosleibhéal AE um chúiteamh in aghaidh an infheisteora de EUR 20 000, agus ag an am céanna tugtar údarú do thíortha AE léi leibhéal níos airde cúitimh a thabhairt más mian leo. Mar sin féin, féadfaidh tíortha AE catagóirí áirithe infheisteoirí a eisiamh ó chumhdach na scéime nó d’fhéadfaí leibhéal níos ísle cumhdaigh a thabhair dóibh. Fágtar socruithe maidir le scéimeanna a eagrú agus a mhaoiniú faoi lánrogha thíortha AE.
  • Tá nósanna imeachta ann nach mór cloí leo sa chás go dteipeann ar ghnólacht infheistíochta cloí leis na hoibleagáidí nach mór dóibh a chomhlíonadh mar bhall de scéim (pionóis suas le heisiamh).
  • Féadfaidh brainsí gnólachtaí infheistíochta ballraíocht a ghlacadh i scéimeanna cúitimh i dtíortha aíochta más mian leo.
  • Tá feidhm ag an gcumhdach maidir le héileamh comhlán infheisteora, beag beann ar líon na gcuntas, ar an airgeadra nó ar an suíomh in AE. I gcás gnólacht comhinfheistíochta, roinntear éilimh go cothrom idir na hinfheisteoirí.
  • Féadfar tréimhse a shocrú sa scéim chúitimh ina gcaithfidh infheisteoirí a n-éilimh a chur isteach. Má bhíonn an tréimhse sin éagtha ní féidir í a ghairm leis an scéim chun cumhdach d’infheisteoir a dhiúltú, áfach. Ní mór éileamh infheisteora a íoc laistigh de 3 mhí ar a mhéad ó bhunú incháilitheacht agus mhéid an éilimh.
  • Leagtar oibleagáidí síos maidir le faisnéis nach mór a chur ar fáil d’infheisteoirí.
  • Glac an Coimisiún Eorpach togra chun an treoir a leasú i mí Iúil 2010. Rinneadh é sin i bhfianaise forbairtí ó theacht i bhfeidhm na treorach agus ón ngéarchéim airgeadais a thosaigh in 2008. Cuireadh bonn taca faoin leasú beartaithe le measúnú a rinneadh in 2009. Leis an togra dhéanfaí:
    • an teorainn a ardú go EUR 50 000;
    • moilleanna íoca a laghdú;
    • a cheangal go mbeadh scéimeanna réamh-mhaoinithe ag íosmhéid comhchoiteann agus a gcumhdach a shíneadh go heintitis shonracha tríú páirtí.
  • Aistarraingíodh an togra i Márta 2015 i ngeall ar easpa dul chun cinn sna caibidlíochtaí idir comhreachtóirí (Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 26 Márta 1997. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 26 Meán Fómhair 1998.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

scéim chúitimh infheisteoirí: scéim chun infheisteoirí a úsáideann seirbhísí infheistíochta a chosaint. Cuirtear cúiteamh ar fáil dóibh inti sa chás nach bhfuil gnólacht infheistíochta ábalta sócmhainní dá gcuid a thabhairt ar ais.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lgh. 22-31)

Nuashonraithe 06.10.2016

Top