Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Náisiúnaigh neamh-AE — rialacha maidir le buanchónaí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2003/109/CE — stádas náisiúnaigh neamh-AE ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach inti na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le deonú — agus aistarraingt — stádas buanchonaí do shaoránaigh nach ón Aontas Eorpach iad (náisiúnaigh tríú tíortha*) a bhfuil cónaí orthu go dleathach i dtír de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) le 5 bliana ar a laghad.
  • Cinntítear léi a gcearta agus na limistéir ina dtugtar an caitheamh céanna a thugtar do shaoránaigh AE dóibh.
  • Mínítear inti go soiléir na coinníollacha atá i bhfeidhm más mian leo bogadh go dtí tír AE eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Chun stádas buanchónaí a bhaint amach, ní mór go raibh cónaí ar shaoránaigh neamh-AE ar bhonn dleathach agus leanúnach i dtír AE ar feadh 5 bliana.
  • Ceadaítear neamhláithreacht níos lú ná 6 mhí as a chéile agus nach mó ná 10 mí thar an tréimhse iomlán agus an 5 bliana á ríomh.
  • Ní mór do náisiúnaigh neamh-AE a chruthú go bhfuil acmhainní eacnamaíocha seasta agus rialta acu chun tacú leo féin agus lena dteaghlach agus árachas breoiteachta a bheith acu.
  • Ní mór d’údaráis náisiúnta cinneadh a thabhairt maidir le hiarratais, a bhfuil na doiciméid ábhartha leo, laistigh de 6 mhí óna bhfáil.
  • Féadfaidh údaráis diúltú stádas cónaí a thabhairt ar chúiseanna um beartas poiblí nó um shlándáil phoiblí, ach ní ar chúiseanna eacnamaíocha.
  • Tugtar cead cónaithe d’iarratasóirí rathúla a bheidh bailí ar feadh 5 bliana ar a laghad agus is féidir é a athnuachan go huathoibríoch.
  • D’fhéadfadh cónaitheoirí fadtéarmacha an stádas sin a chailleadh má:
    • fuair siad é trí chalaois;
    • eisíodh ordú díbeartha orthu toisc go bhfuil siad ina mbagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí; nó
    • d’fhág siad AE ar feadh 12 mhí i ndiaidh a chéile.
  • Tugtar an caitheamh céanna do chónaitheoirí fadtéarmacha is a thugtar do náisiúnaigh na tíre i réimsí amhail fostaíocht, oideachas, slándáil shóisialta, cánachas agus saoirse comhlachais. I gcásanna áirithe, áfach, féadfaidh tíortha AE srian a chur ar an gcaitheamh comhionann sin.
  • Féadfaidh cónaitheoirí fadtéarmacha bogadh le cónaí, le hoibriú nó le staidéar a dhéanamh i dtír AE eile ar feadh níos mó ná 3 mhí, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe. Féadfaidh a mbaill teaghlaigh a bheith ina dteannta.
  • Tá pointí teagmhála náisiúnta ann chun an fhaisnéis ábhartha a chur agus a fáil idir tíortha AE.
  • Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir le catagóirí áirithe de náisiúnaigh neamh-AE, amhail mic léinn nó iad siúd atá ag obair ar bhonn sealadach mar au pair nó mar oibrithe séasúracha.

Níl feidhm ag an reachtaíocht sa Ríocht Aontaithe (1), in Éirinn nó sa Danmhairg ag a bhfuil socruithe speisialta do bheartas inimirce agus tearmainn.

In 2011, leasaíodh an treoir chun saoránaigh neamh-AE a chuimsiú, amhail dídeanaithe nó daoine gan stát, dá soláthraítear cosaint idirnáisiúnta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 23 Eanáir 2004. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 23 Eanáir 2006.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Náisiúnach tríú tíre: duine ar bith nach saoránach de chuid thír AE iad.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lgh. 44-53)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar Threoir 2003/109/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lgh. 12-18)

Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coinníollacha ligean isteach agus cónaí náisiúnaigh tríú tír chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 21-57)

Nuashonraithe 04.05.2020



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top