Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Lotnaidicídí sábháilte, éifeachtacha ar mhargadh AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 maidir le leasacháin

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tugtar le chéile in aon phíosa reachtaíochta amháin ann na rialacha ar fad de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil feidhm acu maidir le leasacháin — comhdhúile ceimiceacha a sholáthraíonn cothaithigh do phlandaí.
  • Áirithítear leis go ndéantar na ceanglais an-teicniúil sin a chur chun feidhme go haonfhoirmeach ar fud AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Níl feidhm ag an rialachán ach amháin i leith leasacháin mhianraí ina gcuimsítear cothaithigh plandaí amháin nó níos mó. Tá leasacháin eile faoi rialú reachtaíocht náisiúnta na dtíortha AE.
  • In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán, tugtar liosta de chineálacha leasacháin de réir a saintréithe ar leith. Má chomhlíonann leasachán an tuairisc cineáil sin, féadfar na litreacha “CE” a bheith air. Ansin féadfar an leasachán a dhíol agus a úsáid ar fud AE. Leis an tuairisc cineáil CE sin, rathaítear d'fheirmeoirí go bhfuil cion íosta cothaitheach sna leasacháin agus gur sábháilte iad a úsáid.
  • Ionas go ndéanfar tuairisc cineáil nua a liostáil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán, ní mór do mhonaróir leasacháin atá ag teacht leis an tuairisc cineáil sin iarraidh a thaisceadh le húdarás inniúil náisiúnta. Cuirtear an iarraidh sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, a théann i gcomhairle le tíortha eile AE agus a chinneann glacadh leis an iarratas nó diúltú dó ar bhonn comhairle ó choiste arna bhunú faoin rialachán.
  • Chun an stádas CE a bhaint amach, ní mór go soláthróidh leasachán cothaithigh go héifeachtach, nach ndéanfaidh sé dochar do shláinte an duine, sláinte ainmhithe ná sláinte plandaí, ná don chomhshaol, agus ní mór a léiriú gur cuireadh faoi réir na modhanna cuí samplála, anailíse agus tástála é.
  • Ní mór do mhonaróirí taifid a choimeád trínar féidir leasachán a rianú a fhad is a bheidh sé ar an margadh agus ar feadh tréimhse bhreise 2 bhliain ina dhiaidh sin.
  • Ní mór bunfhaisnéis áirithe, ar nós sonraí teagmhála an mhonaróra agus príomhairíonna an leasacháin, a bheith le feiceáil ar phacáistí, lipéid agus doiciméid a ghabhann leis.
  • Tá feidhm ag rialacha ar leith maidir le leasacháin phríomha* agus thánaisteacha* ina bhfuil cothaithigh neamhorgánacha, maidir le leasacháin neamhorgánacha* ina bhfuil micreachothaithigh* agus maidir le leasacháin níotráite amóiniam ina bhfuil cion ard nítrigine.
  • Tá cineálacha áirithe táirgí curtha leis i leith ábhair aolta (ábhair a dhéanann neodrú ar ithreacha aigéadacha) agus breiseáin leasachán agranamaíoch, mar aon le coscairí (amhail coscairí nítrigine — ábhair a chuireann moill ar an nitriú* nó a chuireann cosc air).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 11 Nollaig 2003 cé is moite d'Airteagal 8 agus Airteagal 26(3) a bhaineann le gnéithe inrianaitheachta agus atá i bhfeidhm ón 11 Meitheamh 2005.

CÚLRA

I mí an Mhárta 2016, ghlac an Coimisiún togra arb is cuspóir dó simpliú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana féin, feabhas a chur ar an gcaoi ina bhfeidhmíonn margadh leasachán AE agus na rialacha a shíneadh ionas go gclúdófar leo táirgí neamh-chomhchuibhithe, i.e. na leasacháin atá faoi rialú dhlíthe náisiúnta na dtíortha AE. D'fhonn ullmhú i gcomhair an tionscnaimh sin, rinne an Coimisiún roinnt staidéar i réimsí amhail comhábhair leasachán agus eolaíocht na mbithspreagthach plandaí.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cothaitheach príomha: ceann ina bhfuil na dúile nítrigin, fosfar agus potaisiam agus iadsan amháin.

Cothaitheach tánaisteach: ceann ina bhfuil na dúile cailciam, maignéisiam, sóidiam agus sulfar.

Leasachán neamhorgánach: leasachán ina bhfuil na cothaithigh dhearbhaithe i bhfoirm mianraí a fuarthas de bharr eastósctha nó de bharr próisis thionsclaíocha fhisiceacha agus/nó cheimiceacha.

Micreachothaithigh: ina bhfuil na dúile bórón, cóbalt, copar, iarann, mangainéis, molaibdéineam agus sinc, atá riachtanach maidir le fás plandaí, agus gur méideanna beaga díobh sin atá iontu i gcomparáid le méideanna na gcothaitheach príomha agus na gcothaitheach tánaisteach.

Nitriú: próiseas nádúrtha sa chomhshaol ina ndéanann baictéir speisialaithe amóinia san ithir a thiontú ina nítrítí agus ina níotráití.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 maidir le leasacháin (IO L 304, 21.11.2003, lgh. 1-194)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin

Nuashonraithe 12.09.2016

Top