EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Oibrithe neamh-AE - foirmiúlachtaí cónaithe agus oibre níos éasca

Faoin treoir seo, cruthaítear cead aoniarratais cónaithe agus oibre do na hoibrithe arb as tíortha nach Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) iad. Sainítear sa treoir freisin raon ceart sonrach chun cóir chomhionann a chur ar fáil do na hoibrithe neamh-AE a chuimsítear faoin treoir seo.

ACHT

Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceada aoniarratais do náisiúnaigh thríú tíortha chun cónaí agus chun obair a dhéanamh i gcríoch Ballstáit agus maidir le comhshraith ceart d’oibrithe tríú tíortha atá ina gcónaí go dlíthiúil i mBallstát.

ACHOIMRE

Faoin treoir seo, cruthaítear cead aoniarratais cónaithe agus oibre do na hoibrithe arb as tíortha nach Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) iad. Sainítear sa treoir freisin raon ceart sonrach chun cóir chomhionann a chur ar fáil do na hoibrithe neamh-AE a chuimsítear faoin treoir seo.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Cruthaítear faoin treoir:

  • comhchead aoniarratais cónaithe agus oibre do na hoibrithe neamh-AE a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i dtír AE;
  • nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh an cheada seo;
  • sraith ceart (lena n-áirítear cóir chomhionann le náisiúnaigh na tíre sin) do na hoibrithe neamh-AE a chuimsítear faoin treoir.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cé lena mbaineann an treoir?

Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh neamh-AE a bhfuil cead acu obair a dhéanamh nó cónaí in AE, ar neamhchead don chúis ar tháinig siad isteach i dtús báire. Áirítear leo sin:

  • náisiúnaigh neamh-AE atá ag iarraidh dul isteach i dtír AE chun cónaí agus chun obair a dhéanamh ann;
  • náisiúnaigh neamh-AE ar cónaitheoirí iad cheana, a bhfuil rochtain acu ar an margadh saothair nó atá ag obair cheana féin i dtír AE.

Ní chuimsítear catagóirí áirithe de náisiúnaigh neamh-AE faoin treoir - amhail na náisiúnaigh neamh-AE a bronnadh an stádas “ cónaitheoir fadtéarmach AE ” orthu (cuimsítear na daoine sin faoi reachtaíocht AE eile).

Nós imeachta um iarratas aonair

Ní mór d’údaráis na dtíortha AE plé le gach iarratas a dhéantar ar an gcead aoniarratais cónaithe agus oibre seo (cibé an iarratas nua, leasaithe nó athnuaite é) mar nós imeachta um iarratas aonair. Ní mór dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an ndéanfaidh an náisiúnach neamh-AE nó an fostóir (nó an beirt acu) an t-iarratas.

Déantar cur síos ar fhormáid an cheada aoniarratais i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 lena mbunaítear cead aoniarratais cónaithe do náisiúnaigh neamh-AE.

An ceart chun córa comhionainne

Buíochas leis an gcead aoniarratais, cuirtear ar chumas tairbhithe neamh-AE leas a bhaint as sraith ceart, lena n-áirítear:

  • an ceart chun obair a dhéanamh, chun cónaí agus chun gluaiseacht faoi shaoirse i dtír AE ina eisítear an cead;
  • na cearta céanna is atá ag náisiúnaigh na tíre ina eisítear an cead, maidir leis na nithe seo a leanas: coinníollacha oibre (amhail pá agus dífhostú, sláinte agus sábháilteacht, uaireanta oibre agus saoire), oideachas agus oiliúint, aithint cáilíochtaí, gnéithe áirithe na slándála sóisialta, sochair chánach, rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí lena n-áirítear seirbhísí tithíochta agus comhairle dífhostaíochta.

Leagtar amach critéir shonracha sa treoir, bunaithe ar na tíortha AE ar féidir leo srian a chur le cóir chomhionann maidir le saincheisteanna áirithe (rochtain ar oideachas/oiliúint, sochair shlándála sóisialta amhail sochar teaghlaigh nó tithíochta).

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm ón 25 Nollaig 2013.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2011/98/AE

24.12.2011

25.12.2013

IO L 343, 23.12.2011, lgh. 1-9

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid chomhionann do cheadanna cónaithe le haghaidh náisiúnach tríú tíortha (IO L 157, 15.6.2002, lgh. 1-7).

Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lgh. 44-53).

Nuashonraithe 02.01.2015

Top