EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bonneagar ríthábhachtach a chosaint

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán 2008/114/CE — maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Bunaítear inti próiseas de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) chun bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha (ECIanna)* a shainaithint agus a ainmniú, agus leagtar amach cur chuige inti maidir le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainaithint agus ainmniú ECIanna

  • Téann tíortha AE trí phróiseas um ECIanna féideartha a shainaithint, le cuidiú ón gCoimisiún Eorpach más gá. Agus ECIanna féideartha á sainaithint acu, ní mór dóibh úsáid a bhaint as:
    • critéir leathana amhail taismí féideartha, tionchair eacnamaíocha agus an tionchar ar an bpobal; agus
    • critéir earnála a bhaineann go sonrach leis an gcineál ECI.
  • Téann tíortha AE trí phróiseas comhoibríoch um ainmniú (e.g. plé le tíortha AE eile) le haghaidh ECIanna a d’fhéadfadh bheith lonnaithe ar a gcríoch.
  • Déanann tíortha AE athbhreithniú rialta ar shainaithint agus ar ainmniú na ECIanna.
  • Níl feidhm ag an treoir ach leis an earnáil fuinnimh agus an earnáil iompair amháin (féach Iarscríbhinn I den Treoir). Le himeacht ama, d’fhéadfaí earnálacha eile a chur lena raon feidhme.

Pleananna slándála oibreora

  • Cinntíonn tíortha AE go bhfuil plean slándála oibreora (OSP) i bhfeidhm do gach ECI.
  • Is é is cuspóir leis an bpróiseas OSI sócmhainní ríthábhachtacha an ECI agus na réitigh shlándála lena gcosaint a shainaithint.

Oifigigh idirchaidrimh slándála

  • Cinntíonn tíortha AE go bhfuil oifigeach idirchaidrimh slándála ainmnithe do gach ECI.
  • Is é an t-oifigeach an pointe teagmhála idir úinéir/oibreoir an ECI agus údarás na tíre AE lena mbaineann.

Tuairisciú

  • Déanann tíortha AE measúnaithe ar bhagairtí i dtaca leis na ECIanna laistigh de 1 bhliain amháin i ndiaidh ainmniú an bhonneagair ríthábhachtaigh.
  • Tuairiscíonn tíortha AE na sonraí ginearálta don Choimisiún maidir leis na cineálacha rioscaí, bagairtí agus leochaileachtaí gach 2 bhliain.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 12 Eanáir 2009. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 12 Eanáir 2011.

CÚLRA

  • Tá na húdaráis náisiúnta freagrach den chuid is mó as bonneagar ríthábhachtach a chosaint. Nuair a chuirtear isteach ar bhonneagar ríthábhachtach, áfach, braitear a thionchar thar na teorainneacha náisiúnta. Is é sin an fáth go bhfuil gá le gné AE chun na rioscaí sin a bhainistiú. In 2007, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le clár Eorpach um Chosaint an Phríomhbhonneagair (EPCIF). Is é is aidhm leis an gclár seo feabhas a chur ar chosaint na mbonneagar ríthábhachtacha i gcoinne bagairtí agus guaiseacha de chineál ar bith.
  • I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2008/114/CE, leag an Coimisiún, in 2013, cur chuige nua amach maidir leis an gclár Eorpach um chosaint an phríomhbhonneagair a chur chun feidhme. Is é is aidhm leis comhuirlisí agus comhchur chuige a fhorbairt in AE maidir le cosaint agus athléimneacht bonneagar ríthábhachtach, ina gcuirfear an t-idirspleáchas idir bonneagair ríthábhachtacha, an tionscal agus gníomhaithe stáit san áireamh ar bhealach níos fearr.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bonneagar ríthábhachtach: sócmhainní nó córais atá riachtanach chun feidhmeanna sóisialta bunúsacha, sláinte, sábháilteacht, slándáil agus folláine shóisialta na ndaoine a chothabháil. Is éard is bonneagar ríthábhachtach Eorpach (ECI) ann bonneagar ríthábhachtach i dtíortha AE a mbeadh tionchar suntasach aige ar dhá thír AE ar a laghad dá gcuirfí isteach air nó dá scriosfaí é (e.g. gléasraí cumhachta leictreachais nó píblínte tarchurtha ola).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lgh. 75-82)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Bonneagar Criticiúil a Chosaint sa comhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta (COIM(2004) 702 leagan deireanach, 20.10.2004)

An Páipéar Uaine maidir le clár Eorpach um chosaint an phríomhbhonneagair (COM(2005) 576 final, 17.11.2005)

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le clár Eorpach um Chosaint an Phríomhbhonneagair (COIM(2006) 786 final, 12.12.2006)

Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin maidir le cur chuige nua ar an gClár Eorpach um Chosaint an Phríomhbhonneagair: Príomhbhonneagair Eorpacha a dhéanamh níos sláine (SWD(2013) 318 final, 28.8.2013)

Nuashonraithe 14.11.2016

Top