Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tacaíocht do FBManna ina ndéantar taighde (Eurostars- 2)

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Uimh. 553/2014/AE - Rannpháirtíocht AE i gclár taighde agus forbartha atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ina ndéantar taighde agus forbairt

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Bunaítear leis Eurostars-2, comhchlár a dearadh chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ina ndéantar taighde agus forbairt (T & F) ar mian leo hoibriú le chéile ar bhonn trasnáisiúnta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá Eurostars-2, a thagann i ndiaidh Eurostars-1, cómhaoinithe ag clár Deiseanna Nua 2020 an Aontais Eorpaigh (AE) agus buiséid náisiúnta os cionn 30 tír pháirteach agus tír chomhpháirtíochta Eurostars-2. Is iad na tíortha comhpháirtíochta baill EUREKA nó tíortha a bhaineann le Eureka. Tá AE páirteach sa chomhchlár seo ar bhonn Airteagal 185 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Comhpháirtíocht Phoiblí-Phoiblí).

Cuspóirí

  • Is é is aidhm le Eurostars-2 cur le cláir T & F náisiúnta a ailíniú agus a shioncronú tuilleadh. Tá sé seo á dhéanamh chun comhtháthú eolaíoch, bainistíochta agus airgeadais níos láidre maidir le T & F ar fud na hEorpa a bhaint amach.
  • Féachtar ann le tacaíocht a thabhairt do FBManna (féach thíos) chun a ndéine eolais agus taighde a mhéadú – agus a gcumas nuálach dá réir sin – chun a ngníomhaíochtaí gnó a leathnú isteach i margaí níos mó, agus go minic margaí idirnáisiúnta. Cuireann sé sin le hiomaíochas, fás agus cruthú post.

Sainiú

Sainítear “FBM ina ndéantar taighde agus forbairt”, mar FBM a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

  • déanann sé 10 % ar a laghad dá láimhdeachas a athinfheistiú i ngníomhaíochtaí T & F;
  • tugann sé 10 % ar a laghad dá choibhéisí lánaimseartha (nó don líon céanna uaireanta oibre a oibríonn foireann pháirtaimseartha) do ghníomhaíochtaí T & F;
  • tá 5 choibhéis lánaimseartha ar a laghad (do FBManna ina bhfuil níos lú ná 100 coibhéis lánaimseartha) nó 10 gcoibhéis lánaimseartha (do FBManna ina bhfuil níos mó ná 100 coibhéis lánaimseartha) ann do ghníomhaíochtaí T & F.

Rannpháirtíocht agus maoiniú

  • Tá rannpháirtíocht aonán dlíthiúil faoi thionscadail Eurostars-2 de réir rialacha Deiseanna Nua 2020 maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh (Rialachán (AE) Uimh.1290/2013) agus an maolú sainithe atá sa Chinneadh Eurostars-2 seo. Is féidir le haonáin dhlíthiúla eile amhail ollscoileanna agus institiúidí taighde páirt a ghlacadh i dtionscadail Eurostars-2 chomh maith.
  • Níl aonáin dhlíthiúla ó thíortha comhpháirtíochta Eurostars-2 cáilithe i gcomhair ranníocaíocht airgeadais an AE. Baineann rialacha maoinithe na gclár náisiúnta rannpháirteacha le deontais Eurostars-2 a thugann Comhlachtaí Náisiúnta Maoinithe (CNManna) do thairbhithe deiridh. Tá mionsonraí déanta ar thuilleadh rialacha maidir le hincháilitheacht um rannpháirtíocht agus maoiniú i bpleananna oibre bliantúla Eurostars-2.

Tionscadail

  • Tá tionscadail Eurostars-2 “ó bhun aníos”, trasnáisiúnta agus dírítear iontu ar thorthaí ag a bhfuil acmhainneacht margaidh, .i. táthar ag súil go dtabharfar torthaí na dtionscadal isteach ar an margadh i ndiaidh 2 bhliain ón ngníomhaíocht a bheith déanta.

Cur i bhfeidhm

  • Tá ESE, Rúnaíocht Eureka, sannta ag na tíortha rannpháirteacha chun Eurostars-2 a chur i bhfeidhm. Déanann ESE comhaontuithe déthaobhacha le CNManna ina leagtar amach freagrachtaí na gcomhpháirtithe i ndáil le rialacha, cuspóirí agus socruithe cur i bhfeidhm Eurostars-2.
  • Eagraíonn ESE na glaonna ar thograí, an piar-athbhreithniú, (measúnú oibre ag duine amháin nó níos mó d’inniúlacht chomhchosúil do tháirgeoirí na hoibre (piaraí)) an roghnúchán agus monatóireacht na dtionscadal, chomh maith le leithdháileadh ranníocaíocht AE.

Buiséad

  • Tá EUR 287 milliún á thabhairt ag AE do thionscadail Eurostars-2 thar an tréimhse 2014-2024. Tá an ranníocaíocht seo coibhéiseach le trian ar ar a laghad den ranníocaíocht a chuir buiséid náisiúnta na dtíortha rannpháirteacha ar fáil.
  • Tagann cuid den mhaoiniú ó eagraíochtaí rannpháirteacha chomh maith.
  • Tá ranníocaíocht airgeadais AE faoi réir ceangaltas foirmiúil ó na stáit rannpháirteacha. Tá an tacaíocht airgeadais i bhfoirm deontas do thionscadail a roghnaítear.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 27 Meitheamh 2014.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

AN PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Uimh. 553/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le rannpháirtíocht an Aontais i gClár Taighde agus Forbartha arna dhéanamh i roinnt tíortha AE i gcomhar lena chéile agus atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ina ndéantar taighde agus forbairt. (IO L 169, 7.6.2014, lgh. 1–13)

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Deiseanna Nua 2020 - an Creat-chlár um Thaighde agus Nuálaíochta (2014-20) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 104–173).

Rinneadh leasuithe agus ceartúchain chomhleanúnacha ar Rialachán (Euratom) Uimh. 1291/2013 a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh i “nDeiseanna Nua 2020 - an Creat-chlár um Thaighde agus Nuálaíochta (2014–2020)” agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 81–103)

Nuashonraithe 03.08.2016

Top