EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Státchabhair: Treoirlínte an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le cabhair réigiúnach don tréimhse 2014 go dtí 2020

Cuirfear i bhfeidhm i mí Iúil 2014 treoirlínte an AE maidir leis an chaoi ar féidir le Ballstáit an AE cabhair infheistíochta a thabhairt do chuideachtaí chun tacú le forbairt réigiún faoi mhíbhuntáiste san Eoraip idir 2014 agus 2020.

ACHT

Treoirlínte maidir le cabhair náisiúnta réigiúnach le haghaidh 2014-2020 IO C 209, 23.7.2013, lch. 1.

ACHOIMRE

Leagadh amach treoirlínte ag an Choimisiún Eorpach maidir leis an chaoi ar féidir le Ballstáit an AE cabhair infheistíochta a thabhairt do chuideachtaí chun tacú le forbairt réigiún faoi mhíbhuntáiste san Eoraip idir 2014 agus 2020.

Is é cuspóir na dtreoirlínte athbhreithnithe ná fás geilleagrach a spreagadh trí bhíthin infheistíochtaí i dtionscadail a chur chun cinn, tionscadail a chuireann fíorluach bhreise le forbairt réigiúnach, go háirithe sna réigiúin is mó faoi mhíbhuntáiste san Eoraip.

Go sonrach, leagtar amach sna treoirlínte maidir le cabhair réigiúnach na rialacha a chuirtear i bhfeidhm i mBallstáit an AE maidir le státchabhair a thabhairt do chuideachtaí chun tacú le hinfheistíochtaí in áiseanna nua táirgthe sna réigiúin faoi mhíbhuntáiste san Eoraip nó chun na háiseanna atá ann cheana a shíneadh nó a nuachóiriú.

Tá rialacha sna treoirlínte chomh maith maidir leis an bhunús ar ar féidir le Ballstáit an AE léarscáileanna um chabhair réigiúnach a dhréachtú chun limistéir gheografacha a aithint inar féidir le cuideachtaí státchabhair réigiúnach a fháil mar aon leis an leibhéal ar féidir leo státchabhair a fháil.

Áirítear lepríomhghnéithena dtreoirlínte nua :

  • Go méadófar go 47 % de dhaonra an AE sciar iomlán na réigiún inar féidir cabhair réigiúnach a thabhairt. I láthair na huaire, tá cónaí ar dhuine as gach ceathrar de mhuintir na hEorpa i réigiúin níos lú forbartha (réigiúin a bhfuil Olltáirgeacht Intíre (OTI) níos lú ná 75% de mheán an AE acu). Bhí cónaí ar thart ar dhuine as gach triúr de mhuintir na hEorpa i réigiúin níos lú forbartha nuair a glacadh le treoirlínte 2007-13. In ainneoin an laghdaithe seo ar éagothromaíochtaí réigiúnacha, cuireadh tionchair na géarchéime eacnamaíche san áireamh ag an Choimisiún, rud a mhéadaigh an cumhdach daonra.
  • Go nglactar sna treoirlínte le cur chuige níos beaichte maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí ag fiontair mhóra i limistéir níos forbartha a bhfuil cabhair faighte acu. Ní bheidh fiontair mhóra sna réimsí seo in ann cabhair a fháil ach amháin i leith infheistíochtaí lena mbaineanngníomhaíocht nua eacnamaíoch, i leith infheistíochtaí tosaigh ar mhaithe le héagsúlacht na bhforas atá ann cheana i dtáirgí nua nó i leith nuálaíocht próisis nua, toisc go bhfuil seans níos mó ann go gcuirfear na hinfheistíochtaí seo i bhfeidhm buíochas leis an fhóirdheontas. Sna réigiúin is boichte (réigiúin faoi bhun 75% d’OTI an AE), is féidir cabhair a cheadú fós faoi na treoirlínte le haghaidh chineálacha eile infheistíochtaí ag cuideachtaí móra chomh maith.
  • Go méadófar trédhearcacht agus freagracht: beidh ar Bhallstáit sonraí a fhoilsiú ar an Idirlíon faoin méid cabhrach réigiúnaí a thugtar amach agus faoi fhaighteoirí na cabhrach sin.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoirlínte maidir le cabhair náisiúnta réigiúnach le haghaidh 2014-20

1.7.2014

-

IO C 209, 23.7.2013. lch. 1

Nuashonrú is déanaí: 27.02.2014

Top