Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ionad Cibearchoireacht na hEorpa ag Europol

Tá méadú ag teacht ar spleáchas na sochaithe Eorpacha ar ghréasáin leictreonacha agus ar chórais faisnéise. Le forbairt ar an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), tháinig gníomhaíocht choiriúil chun cinn a dhéanann bagairt ar shaoránaigh, ar ghnóthais, ar rialtais agus ar bhonneagair chriticiúla. Chun cuidiú leis an ghníomhaíocht seo a chomhrac, bhunaigh an tAontas Eorpach (AE) Ionad Cibearchoireacht na hEorpa (EC3) mar chuid de Europol sa bhliain 2013.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: Ag dul i ngleic le coireacht san aois dhigiteach: Ionad Cibearchoireachta na hEorpa a Chur ar Bun (COM(2012) 140 final an 28 Márta 2012).

ACHOIMRE

Tagraíonn an cibearchoireacht do ghníomhartha coiriúla a dhéantar ar líne ag úsáid ríomhairí agus gréasán cumarsáide (mar shampla an tIdirlíon). Tá comhordú agus comhar de dhíth idir ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí de bharr nádúr gan teorainn na cibearchoireachta: tá ról ríthábhachtach ag Ionad Cibearchoireacht na hEorpa (EC3), atá bunaithe san Ísiltír agus ar cuid de Europol é, maidir le cur isteach ar oibríochtaí na meithleacha coiriúla atá freagrach as an chibearchoireacht.

Príomhchúram

Díríonn EC3 ar chibearchoireacht:

a dhéanann meithleacha coireachta eagraithe, go háirithe cibearchoireacht is cúis le brabúis mhóra neamhcheadaithe amhail calaois ar líne;

a dhéanann an-díobháil do na híospartaigh, amhail teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne; agus

a chuireann isteach ar an bhonneagar criticiúil agus ar chórais faisnéise in AE (lena n-áirítear ionsaithe diúltaithe seirbhíse a cheaptar lena chinntiú nach féidir láithreáin Ghréasáin áirithe a úsáid).

Feidhmeanna:

1.

Lárionad faisnéise Eorpach don chibearchoireacht: chun faisnéise faoi chibearchoireacht a bhailiú ó raon leathan foinsí, chun treochtaí agus bagairtí a aithint agus chun faisnéis a fheabhsú.

2.

Saineolas a roinnt chun tacú le Ballstát AE i ndáil le forbairt acmhainní: bunaithe go príomha ar oiliúint na bpóilíní agus na mbreithiúna.

3.

Tacaíocht oibríochtúil do Bhallstáit: spreagadh a thabhairt do Chomhfhoirne Imscrúdaithe trasteorann a chur ar bun chun dul i ngleic le ceisteanna sainiúla cibearchoireachta agus chun faisnéis oibríochtúil a mhalartú in imscrúduithe leanúnacha. Chomh maith leis sin, soláthrófar stóráil, saineolas criptiúcháin (teachtaireachtaí nó sonraí a ionchódú chun rochtain neamhúdaraithe a chosc) agus uirlisí agus saoráidí eile ar líne.

4.

Comhghuth na n-imscrúdaitheoirí Eorpacha cibearchoireachta thar raon fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna: i gcaibidlí leis an tionscal TFC agus le cuideachtaí eile na hearnála príobháidí agus leis an phobal taighde, le cumainn úsáideoirí agus le meithleacha saoránach.

ACHT GAOLMHAR

Ionad Cibearchoireachta na hEorpa: Tuarascáil don Chéad Bhliain, Feabhra 2014.

Nuashonrú is déanaí: 18.06.2014

Top