Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Post a fháil mar oibrí séasúrach

Ghlac an tAontas Eorpach (AE) le dlí (treoir), a leagtar amach ann na coinníollacha le haghaidh saoránaigh neamh-AE ar mian leo post a fháil mar oibrithe séasúracha ar feadh tréimhsí gearra sna Ballstáit AE, go háirithe san earnáil talmhaíochta nó san earnáil turasóireachta. Áirítear sa dlí cearta lena chinntiú nach ndúshaothrófar na n-oibrithe sin agus iad ag obair in AE.

GNÍOMH

Treoir 2014/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus fanachta náisiúnach tríú tíortha chun críocha fostaíochta mar oibrithe séasúracha.

ACHOIMRE

Ag féachaint don daonra AE atá ag dul in aois agus do ráta breithe íseal, aithnítear i gClár Stócólm nach mór beartais sholúbtha a chur i bhfeidhm chun sreafaí imirce a bhainistiú, fiú sa chás gur féidir fás eacnamaíoch a spreagadh buíochas le hinimirce lucht oibre. Chuige sin, tháinig Ballstáit AE ar chomhaontú maidir le dlí um imirce shéasúrach.

Raon

Cuirtear an dlí i bhfeidhm maidir le hoibrithe neamh-AE, a bhfuil a bpríomháit chónaithe i dtír neamh-AE agus a théann isteach i mBallstát AE chun post sealadach a fháil.

Earnálacha

Ní mór do na Ballstáit AE uile liosta earnálacha a leagadh amach, a bhraitheann ar choinníollacha séasúracha (mar shampla turasóireacht sa samhradh agus barra áirithe a bhaint). Ní mór an liosta seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh.

Coinníollacha iontrála

Chun dul isteach san Aontas Eorpach chun obair ann, ní mór d’oibrithe a chinntiú go bhfuil conradh oibre acu nó tairiscint poist cheangailteach a shonraíonn an pá, na hamanna oibre agus na coinníollacha eile, mar chuid dá n-iarratais ar chead. Ní mór dóibh a thaispeáint freisin go bhfuil lóistíocht leormhaith acu.

Tréimhse fanachta

Ní mór do Bhallstáit AE uastréimhse fanachta idir 5 mhí agus 9 mí i dtréimhse 12 mhí a leagadh amach le haghaidh oibrithe séasúracha.

Nuair a shroicheann na hoibrithe AE, bíonn siad i dteideal a gconradh oibre a fhairsingiú nó a bpost a athrú, ar an choinníoll go gcloíonn siad leis na coinníollacha iontrála agus nach bhfuil feidhm le forais dhiúltaithe. Laistigh den uastréimhse fanachta cheadaithe, féadfaidh Ballstáit AE cead a thabhairt d’oibrithe a gconradh leis an fhostóir céanna a fhairsingiú níos mó ná uair amháin, agus conarthaí a bheith acu le breis is fostóir amháin.

Cóir chomhionann

Tá an ceart ag oibrithe séasúracha chun na córa comhionainne céanna is a fhaigheann náisiúnaigh na tíre aíochta, maidir leis na nithe seo a leanas: téarmaí fostaíochta, amhail an íosaois oibre, coinníollacha oibre (amhail pá agus dífhostú, uaireanta oibre, cead scoir agus saoirí), agus rialacháin sláinte agus sábháilteachta. Baineann an chóir chomhionann seo leis na nithe seo a leanas freisin: brainsí slándála sóisialaí (sochair maidir le breoiteacht, le heasláine agus le seanaois), oiliúint agus an chomhairle faoi obair shéasúrach arna soláthar ag oifigí fostaíochta agus ag seirbhísí poiblí eile. Ní bhaineann an chóir chomhionann le tithíocht phoiblí.

Ní gá do Bhallstáit AE cóir chomhionann a chur i bhfeidhm maidir le dífhostaíocht agus le sochair theaghlaigh, áfach, agus is féidir leo teorainn a chur le cóir chomhionainn maidir le sochair chánach, le hoideachas agus le gairmoiliúint.

Smachtbhannaí agus an mhí-úsáid a chosc

Ní mór do Bhallstáit AE bearta a chur i bhfeidhm chun mí-úsáidí féideartha a chosc agus ní mór dóibh smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcás mí-úsáide. Ní mór dóibh meicníochtaí a chur i bhfeidhm freisin chun déileáil le gearáin a dhéantar i gcoinne fostóirí.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2014/36/AE

29.3.2014

30.9.2016

IO L 94, 28.3.2014

30.06.2014

Top