Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Geilleagar ísealcharbóin a chur ar bun faoi 2050

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COIM(2011) 112 leagan deiridh) — chun bogadh go geilleagar iomaíoch ísealcharbóin in 2050

CAD IS AIDHM LEIS TEACHTAIREACHT?

  • Cuirtear treochlár, a chumhdaíonn an tréimhse suas go dtí 2050, i láthair sa teachtaireacht agus leagtar amach ann na bealaí éagsúla inar féidir an sprioc maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) AE a bhaint amach.
  • Tá garspriocanna inti a thaispeánann an dul chun cinn a dhéanfaidh AE maidir le geilleagar ísealcharbóin a bhaint amach.
  • Leagtar amach inti freisin dúshláin beartais, riachtanais infheistíochta agus an cúram a bheidh ar earnálacha éagsúla.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tugtar le fios in anailís an Choimisiúin Eorpaigh gurb é an bealach is costéifeachtaí chun an sprioc fhoriomlán a bhaint amach ná astaíochtaí intíre a laghdú faoi 40 % agus 60 % faoi na blianta 2030 agus 2040, faoi seach, i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990.

Beidh ar gach earnáil cur leis an athrú chuig geilleagar ísealcharbóin. Leagtar amach i dTreochlár 2050 an méid a chuirfidh na hearnálacha éagsúla leis an athrú sin:

  • is féidir leis an earnáil chumhachtaastaíochtaí CO2 a dhíchur beagnach go hiomlán faoi 2050, go háirithe trí leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí inathnuaite ag úsáid teicneolaíochtaí reatha mar aon le hardteicneolaíochtaí;
  • d’fhéadfadh anearnáil iompair astaíochtaí a laghdú faoi bhreis is 60% trína bheith níos inbhuanaithe buíochas le héifeachtúlacht feithiclí níos fearr, le feithiclí leictreacha agus le fuinneamh níos glaine;
  • is féidir leis anearnáil foirgneamhastaíochtaí a laghdú faoi thimpeall is 90 % tríd an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú;
  • is féidir leis an earnáil tionscail a hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú faoi bhreis is 80 % trí phróisis níos éifeachtúla, tríd an éifeachtúlacht fuinnimh, trí athchúrsáil agus trí theicneolaíochtaí nua;
  • cé go dtuartar go dtiocfaidh trian d’astaíochtaí iomlána AE ón earnáil talmhaíochta faoi 2050, is féidir leis an earnáil astaíochtaí a laghdú faoi 42–49 % trí raon teicnící nua, lena n-áirítear aiste bia níos sláintiúla ina itear níos lú feoil.

Beidh mórinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach de dhíth le linn na daichead bliana seo chugainn chun na spriocanna sin a bhaint amach. Meastar sa teachtaireacht go bhféadfadh infheistíocht bhreise de thimpeall €270 billiún in aghaidh na bliana, nó 1.5 % den olltáirgeacht intíre AE, a bheith i gceist.

Ach bheadh an-chuid sochar ionchasach ag baint leis seo, de bhreis ar dhul i ngleic leis an athrú aeráide agus le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní. D’fhéadfadh pacáiste na mbeart:

  • meánchostais fuinnimh bhliantúla AE a laghdú faoi €175-320 billiún;
  • an méid a bhraitheann an Eoraip ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú;
  • athrú struchtúrtha ar gheilleagar na hEorpa a spreagadh, rud a chruthódh na céadta míle post;
  • caighdeán an aeir a fheabhsú ar mhaithe le sláinte na saoránach Eorpach.

CÚLRA

Chun an t-athrú aeráide domhanda a choinneáil faoi theocht 2oC — is é sin an sprioc arna leagadh amach go hidirnáisiúnta chun iarmhairtí tubaisteacha an téimh dhomhanda a chosc — tá sé mar chuspóir ag AE laghdú 80–95 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050 i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Treochlár um gheilleagar iomaíoch ísealcharbóin roimh 2050. (COIM(2011) 112 leagan deiridh, 8.3.2011)

Nuashonraithe 03.08.2016

Top