EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Borradh a chur faoi fhiontraíocht FBManna Eorpacha — Clár COSME

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 — clár um iomaíochas fiontar agus fiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014-20) a bhunú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis clár de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) ina bhféachtar le borradh a chur faoin tacaíocht d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mheánmhéide (FBManna) trí fheabhas a chur ar na dálaí faoina dtagann rath ar an bhfiontraíocht.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is iad FBManna is mó a chuireann leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an bhfostaíocht san AE. Faoin gclár le haghaidh iomaíochais fiontar agus fiontar beag agus meánmhéide (COSME), tá sé níos éasca anois do FBManna a bheith iomaíoch i gcónaí leis an rochtain ar mhaoiniú agus ar na margaí, trí shimpliú na rialála agus trí chur chun cinn na fiontraíochta.
  • Beidh COSME ina bhealach díreach cumarsáide idir FBManna Eorpacha agus an Coimisiún Eorpach.

Coinníollacha gnó níos fearr

  • Tacóidh COSME le gníomhaíochtaí tacaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar an rochtain ar mhaoiniú do FBManna ón gcéim thionscnaimh go dtí an chéim fháis. Áirítear ar ionstraimí airgeadais comhionannas agus saoráidí ráthaíochta iasachta. I roinnt cásanna, féadfar iad sin a úsáid in éineacht le hionstraimí náisiúnta airgeadais le haghaidh beartas réigiúnach agus clár Fís 2020 um thaighde agus um nuálaíocht.
  • Leis an gclár chomh maith tabharfar rochtain níos fearr ar na margaí laistigh agus lasmuigh den AE. Soláthrófar faisnéis sa chlár ar réimsí amhail:
    • na deiseanna gnó atá ar fáil;
    • bacainní ar iontráil sa mhargadh i gceantair lasmuigh den AE;
    • comhairle maidir le cleachtais dhlíthiúla agus chustaim.
  • Chomh maith leis sin, cuirfear seirbhísí tacaíochta ar fáil maidir le cearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear cúnamh maidir le comhar trasteorann gnó, le haistriú teicneolaíochta agus taighde agus forbartha agus le comhpháirtíochtaí nuálaíochta.

Iomaíochas a chur chun cinn

  • Chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht gnóthas a chothú, dírítear sa chlár ar fheabhas a chur ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na mbeartas reatha a bhaineann le FMBanna. Cuirfear comhar trasteorann chun cinn chomh maith agus tacófar le forbairt táirgí agus seirbhísí agus teicneolaíochtaí.
  • Tabharfar spreagadh chomh maith do FBManna oibriú ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus freagracht shóisialta chorparáideacha léiriú.

Cultúr na fiontraíochta

  • Díreofar sa chlár chomh maith ar an bhfiontraíocht a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm leis cultúr fiontraíochta a chruthú in AE trí réidh a fháil le bacainní a chuireann cosc ar ghnóthais bheaga fás, lena n-áirítear na hualaigh rialála atá curtha ar FBManna cheana a athrú.
  • Tabharfar aird go háirithe sa chlár ar bhanfhiontraithe óga, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile, amhail daoine scothaosta agus fiontraithe a bhaineann le pobail atá faoi bhuntáiste sóisialta.

Maoiniú

Baineann buiséad EUR 2.3 billiún thar thréimhse 7 mbliana leis an mbuiséad, agus reáchtálfar é ó 2014 go 2020. Beidh sé á bhainistiú ag an nGhíomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 23 Nollaig 2013.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár le haghaidh iomaíochais fiontar agus fiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014-20) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 33–49)

Féach leagan comhdhlύite

Nuashonraithe 01.03.2018

Top