Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Oideachas na luathóige: an chruthaitheacht, an nuálaíocht agus cumas digiteach a chothú

 

ACHOIMRE AR:

Conclúidí ón gComhairle — oideachas na luathóige agus an bunoideachas

CAD IS AIDHM LEIS NA CONCLÚIDÍ?

Leagtar amach iontu na tairbhí féideartha do dhaoine óga a bhaineann le cruthú, nuálaíocht agus úsáid uirlisí agus gléasanna digiteacha a chothú in oideachas na luathóige agus soláthraítear moltaí iontu maidir leis an dóigh lena mbaint amach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tríd an gcruthaitheacht, an nuálaíocht agus cumas digiteach a spreagadh in aois linbh is féidir tairbhí pearsanta agus eacnamaíocha a bhaint amach in aois an duine fhásta.

Áirítear iad seo a leanas ar na tairbhí féideartha:

  • bonn láidir a chur ar fáil do bhreisfhoghlaim, ardleibhéal eolais a fhorbairt agus feabhas a chur ar chumas linbh scileanna smaointeoireachta cruthaithí agus criticiúla a fhorbairt,
  • a chinntiú go mbeidh na scileanna ag an gcéad ghlúin eile le táirgí agus seirbhísí úra a bheidh ríthábhachtach don rath eacnamaíoch a nuáil agus a ghiniúint,
  • a chinntiú gur féidir le AE freastal ar an éileamh atá ag méadú ar úsáideoirí cumasacha na teicneolaíochta digití agus ar shaineolaithe sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide*.

Ról na cruthaitheachta agus na nuálaíochta

Tugtar an méid seo a leanas chun suntais sna conclúidí:

  • ról múinteoirí agus ról ghairmithe Eorpacha oideachas agus chúram na luathóige (ECEC) maidir le cuidiú le daoine bheith ina n-aosaigh chruthaitheacha agus nuálacha,
  • go bhfuil sé tábhachtach don fhorbairt agus don fhoghlaim cluichí a imirt agus uirlisí digiteacha a úsáid in aois linbh,
  • gur féidir le húsáid chuí uirlisí digiteacha gníomhaíochtaí an tseomra ranga a fheabhsú agus spreagadh, tuiscint agus foghlaim a fheabhsú,
  • nach mór a mhúineadh do leanaí conas teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go sábháilte agus go freagrach agus conas ciall a bhaint as faisnéis dá leithéid, í a úsáid, a chomhroinnt, a chruthú agus a léirmheas.

Cad is féidir le tíortha AE a dhéanamh?

Iarrtar ar thíortha AE, i measc nithe eile, iad seo a leanas a dhéanamh:

  • comhlachtaí teagaisc agus oiliúna a spreagadh chun soláthar a dhéanamh d’uirlisí foghlama úra ina gcláir agus modhanna teagaisc a oiriúnú chun an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a chur chun cinn,
  • údaráis oideachais a spreagadh chun scoileanna agus saoráidí eile oideachas na luathóige a fheistiú ionas gur féidir leo an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a chothú,
  • forbairt agus úsáid uirlisí digiteacha a spreagadh chun críche teagaisc agus mar chur chuige ginearálta maidir leis an bhfoghlaim,
  • cumarsáid agus comhoibriú a spreagadh idir scoileanna agus múinteoirí ar leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta.

Gníomh ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta

Iarrtar ar an gCoimisiún agus ar thíortha AE:

  • leas a bhaint as acmhainní Eorpacha amhail an clár Erasmus+ agus Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa chun tacú le bearta agus tionscnamh a bhfuil sé d’aidhm leo an chruthaitheacht, an nuálaíocht agus cumais dhigiteacha a chur chun cinn
  • modhanna agus cleachtais éifeachtúla a shainaithint do mhúinteoirí agus do ghairmithe ECEC chun cuidiú le leanaí cumais chruthaitheacha agus nuálacha agus cumas digiteach a fhorbairt

Agus cad ba cheart don Choimisiún a dhéanamh?

Conclúidí ón gComhairle, Deireadh Fómhair 2015

I nDeireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle sraith eile conclúidí. Baineann siad sin le luathfhágáil scoile a laghdú agus rath ar scoil a chur chun cinn.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide: gléas nó feidhmchlár cumarsáide ar bith mar aon le seirbhísí agus feidhmchláir a bhaineann leo

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conclúidí ón gComhairle i ról oideachas na luathóige agus an bhunoideachais maidir leis an gcruthaitheacht, an nuálaíocht agus cumas digiteach a chothú (IO C 172, 27.5.2015, lgh. 17–21)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Conclúidí ón gComhairle maidir le luathfhágáil scoile a laghdú agus rath ar scoil a chur chun cinn (IO C 417, 15.12.2015, lgh. 36-40)

Nuashonraithe 30.11.2016

Top