Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ról na Tuarascála ar an Sásra Foláirimh

Is í an Tuarascáil ar an Sásra Foláirimh ná túsphointe thimthriall bliantúil an Nóis Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch, a bhfuil mar aidhm aige míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha san Aontas Eorpach (AE) a aimsiú.

GNÍOMH

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tuarascáil ar an Sásra Foláirimh 2015 (arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú) (COM(2014) 904 final an 28.11.2014).

ACHOIMRE

Is í an Tuarascáil ar an Sásra Foláirimh ná túsphointe thimthriall bliantúil an Nóis Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch, a bhfuil mar aidhm aige míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha san Aontas Eorpach (AE) a aimsiú.

CÉARD A DHÉANANN AN TUARASCÁIL?

Seoltar timthriall bliantúil an nóis imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch leis an tuarascáil. Féachtar leis an nós imeachta sin míchothromaíochtaí a aithint agus dul i ngleic leo, a chuireann bac ar fheidhmiú rianúil gheilleagair thíortha an AE agus gheilleagar foriomlán AE, agus a d’fhéadfadh feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i gcontúirt.

Foilsítear an Tuarascáil ar an Sásra Foláirimh, mar aon leis an Suirbhé Bliantúil Fáis, ag tús sheimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. Bunaithe ar léamh eacnamaíoch de scórchlár táscairí, aithnítear inti na tíortha AE a d’fhéadfadh míchothromaíochtaí cur isteach orthu, míchothromaíochtaí ar gá measúnú mionsonraithe a dhéanamh orthu chun iniúchadh níos cruinne a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leo agus ar an gcoigeartú a dhéantar ina leith.

Áirítear 11 phríomhtháscaire sa scórchlár, mar aon le sraith níos leithne de tháscairí tánaisteacha, a chumhdaíonn raon na míchothromaíochtaí go ginearálta. Áirítear leis seo míchothromaíochtaí seachtracha (táscairí cuntais reatha, táscairí fiachais eachtraigh, táscairí feidhmíochta maidir le honnmhairiúchán agus táscairí iomaíochais), míchothromaíochtaí inmheánacha (táscairí mhargadh tithíochta, táscairí fiachais phríobháidigh agus fiachais phoiblí agus táscairí a bhaineann leis an earnáil airgeadais) agus gnéithe coigeartaithe (an dífhostaíocht).

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas príomhthorthaí na Tuarascála ar an Sásra Foláirimh ó mhí na Samhna 2014:

  • is fadhb thromchúiseach iad míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha go fóill agus cuireann siad béim ar an riachtanas atá ann do bheartas cinnteach, uileghabhálach agus comhordaithe ar leibhéal an AE;
  • is mórchúis imní é go fóill iomaíochas a chosaint, go háirithe sna tíortha AE a bhfuil míchothromaíochtaí móra seachtracha acu;
  • is leochaileachtaí móra iad go fóill, ó thaobh an fháis, na fostaíochta agus na cobhsaíochta airgeadais de, ardleibhéil an fhiachais phoiblí agus phríobháidigh sna cuid is mó de thíortha AE, mar aon le dliteanais mhóra sheachtracha ina lán de na tíortha sin;
  • is mórchúis imní iad go fóill an dífhostaíocht agus táscairí eile sóisialta ina lán tíortha AE;
  • is príomhthosaíocht í an infheistíocht éifeachtach a chur chun cinn chun cumas fáis a chur ar bun arís.

Bunaithe ar léamh eacnamaíoch scórchlár an nóis imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch, shocraigh an Coimisiún:

  • go bhfuil údar lehathbhreithnithe mionsonraithei gcás sé thír AE déag : an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Ungáir, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an Fhionlainn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe (1);
  • i gcás na dtíortha a bhfuil cúnamh airgeadais á fháil acu (an Ghréig agus an Chipir), déantar monatóireacht ar a gcuid míchothromaíochtaí agus beart ceartaitheach i gcomhthéacs a gclár coigeartaithe eacnamaíoch;
  • ní gá anailís bhreise a dhéanamh ar na tíortha AE eile i gcomhthéacs an nóis imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch;
  • Foilsíodh na hathbhreithnithe mionsonraithe an 27 Feabhra 2015 agus comhtháthaíodh iad le Tuarascálacha Tíre an Choimisiúin.

Ní mór don Ghrúpa Euro (má bhaineann na conclúidí le tíortha limistéar an euro) agus do na hAirí AE um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais scrúdú a dhéanamh ar chonclúidí na Tuarascála ar an Sásra Foláirimh. Agus freagairtí na bpáirtithe sin á gcur san áireamh, déanann an Coimisiún anailís ar na tíortha AE lena mbaineann chun a fháil amach an bhfuil ann do mhíchothromaíochtaí nó míchothromaíochtaí iomarcacha. Cuirtear na torthaí san áireamh sna moltaí a eisítear le haghaidh gach tíre ar leith faoi sheimeastar Eorpach.

CÚLRA

Tháinig “ Pacáiste an rialachais eacnamaíoch ” i bhfeidhm i mí na Nollag 2011. Faoin bpacáiste sin, cuireadh faireachas níos ginearálta ar bheartais eacnamaíocha i bhfeidhm chun fadhbanna a aimsiú go réamhghníomhach a bhaineann go háirithe le bolgáin thithíochta in inmharthanacht eachtrach nó le hiomaíochas a chailleadh. Cuid den chleachtadh rialta monatóireachta a dhéantar faoin nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch is ea an Tuarascáil ar an Sásra Foláirimh.

Tuilleadh faisnéise:

Nuashonraithe 20.05.2015



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top