This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Straitéis AE don Réigiún Adriadach agus Iónach
Tá os cionn 70 milliún duine ina gcónaí sa Réigiún Adriadach agus Iónach. Féachtar i Straitéis an Aontais Eorpaigh (AE) don Réigiún Adriadach agus Iónach (EUSAIR), atá beartaithe, leas a bhaint as an gcomhar atá ann cheana idir a 8 dtír - 4 thír AE (an Chróit, an Ghréig, an Iodáil agus an tSlóivéin) agus 4 thír nach bhfuil in AE (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró agus an tSeirbia) - a bhfuil stair agus tíreolaíocht chomhroinnte acu.
GNÍOMH
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Adriadach agus Iónach (COM(2014) 357 final an 17.6.2014).
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID SEO?
PRÍOMHPHOINTÍ
Dúshláin choiteanna
Go stairiúil, bhí cúinsí deacra eacnamaíoch agus polaitiúla chomh maith le coinbhleacht le sárú ag an réigiún. Áirítear ar na dúshláin atá os a chomhair:
Plean gníomhaíochta
Tá plean gníomhaíochta ag gabháil leis an straitéis. Leathnaítear an toise muirí ann chun cúlchríoch an réigiúin a chur san áireamh agus tá sé deartha thart ar 4 cholún idirspleácha:
Fás Gorm: chun fás mara agus muirí a spreagadh trí fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, deiseanna post agus gnó sa gheilleagar gorm, lena n-áirítear iascach agus dobharshaothrú (i.e. iascaireacht iasc) a chur chun cinn.
An Réigiún a Nascadh: feabhas a chur ar nasc na líonraí iompair agus fuinnimh.
Cáilíocht chomhshaoil: comhar chun cur le stádas comhshaoil maith d’éiceachórais mhuirí agus chósta; truailliú mara a laghdú; séalú ithreach a mhaolú agus a chúiteamh (i.e. cailliúint acmhainní ithreach i ngeall ar chlúdach talún do thithíocht, do bhóithre agus d’obair thógála eile), truailliú aeir a laghdú agus cailliúint na bithéagsúlachta agus díghrádú éiceachóras a stopadh.
Turasóireacht inbhuanaithe: acmhainneacht an réigiúin i gcomhthéacs turasóireacht cháilíochta nuálach, inbhuanaithe, freagrach a fhorbairt trí tháirgí agus trí sheirbhísí turasóireachta a éagsúlú, agus dul i ngleic le séasúracht.
Maolú ar an athrú aeráide (ag laghdú na rioscaí um athrú aeráide do dhaoine agus do mhaoine) agus tá coigeartú, chomh maith le bainistíocht riosca tubaistí, cuimsithe laistigh de gach ceann de na colúin sin.
Lena chois sin, tá dhá ghné thrasghearrtha sainaitheanta:
CÚLRA
Ag baint leas as an taithí ó Straitéisí AE i gcomhair Réigiún Mhuir Bhailt agus i gcomhair Réigiún na Danóibe, ghlac an Coimisiún Eorpach an Chumarsáid seo, a bhfuil Plean Gníomhaíochta ag gabháil léi. Cuimsítear an Straitéis Mhuirí do Mhuir Aidriad agus do Mhuir Iónach arna glacadh ag an gCoimisiún an 30 Samhain 2012 sa Straitéis.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Mhuirí do Mhuir Aidriad agus do Mhuir Iónach (COM(2012) 713 final an 30.11.2012).
Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin: Plean Gníomhaíochta ag Gabháil leis an gCumarsáid doiciméid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Adriadach agus Iónach (SWD(2014) 190 final an 17.6.2014).
Nuashonraithe 30.06.2015