AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.3.2024
COM(2024) 96 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 - Aibreán 2028, an Comhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 - Aibreán 2028, an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua agus an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn
CEANGALTÁN I
COMHAONTÚ
IDIR AN tAONTAS EORPACH, AN ÍOSLAINN,
PRIONSACHT LICHTINSTÉIN AGUS RÍOCHT NA hIORUA
MAIDIR LE SÁSRA AIRGEADAIS LEE LE hAGHAIDH NA TRÉIMHSE BEALTAINE 2021 – AIBREÁN 2028
TÁ AN tAONTAS EORPACH,
AN ÍOSLAINN,
PRIONSACHT LICHTINSTÉIN,
RÍOCHT NA hIORUA,
DE BHRÍ gur chomhaontaigh na Páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) go bhfuil gá le laghdú a dhéanamh ar na héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir na réigiúin d’fhonn neartú leantach agus cothrom an chaidrimh trádála agus eacnamaíoch eatarthu a chur chun cinn,
DE BHRÍ, chun cur leis an gcuspóir sin, gur bhunaigh Stáit CSTE Sásra Airgeadais i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch,
DE BHRÍ gur leagadh amach i bPrótacal 38a agus san Aguisín a ghabhann le Prótacal 38a a ghabhann le Comhaontú LEE na forálacha lena rialaítear Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse 2004‑2009,
DE BHRÍ gur leagadh amach i bPrótacal 38b a ghabhann le Comhaontú LEE agus san Aguisín a ghabhann le Prótacal 38b a ghabahnn le Comhaontú LEE na forálacha lena rialaítear Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse 2009‑2014,
DE BHRÍ gur leagadh amach i bPrótacal 38c a a ghabhann le Comhaontú LEE na forálacha lena rialaítear Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse 2014‑2021,
DE BHRÍ go bhfuil gá i gcónaí le héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a mhaolú, agus gur cheart dá bhrí sin sásra nua le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais Stáit LEE CSTE a bhunú le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021‑Aibreán 2028,
TAR ÉIS CINNEADH A DHÉANAMH AN COMHAONTÚ A LEANAS A THABHAIRT I gCRÍCH:
AIRTEAGAL 1
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs Airteagal 117 de Chomhaontú LEE:
‘Leagtar amach i bPrótacal 38, Prótacal 38a, san Aguisín a ghabhann le Prótacal 38a, Prótacal 38b, san Aguisín a ghabhann le Prótacal 38b, Prótacal 38c agus Prótacal 38d na forálacha lena rialaítear na Sásraí Airgeadais.’.
AIRTEAGAL 2
Cuirfear isteach Prótacal 38d nua tar éis Phrótacal 38c a ghabhann le Comhaontú LEE. Foráiltear do théacs Phrótacal 38d san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 3
Déanfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin nó formheasa le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Tiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis thaisceadh na hionstraime daingniúcháin nó formheasa deiridh.
Go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón gcéad lá den chéad mhí tar éis thaisceadh an fhógra deiridh chuige sin.
AIRTEAGAL 4
Dréachtaíodh an Comhaontú seo i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa tSeicis, sa Danmhairgis, san Ollainnis, sa Bhéarla, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, sa Ghaeilge, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, san Ungáiris, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis, sa tSualainnis san Íoslainnis agus san Ioruais, agus na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin den bharántúlacht chéanna, taiscfear é le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sí sin cóip dhílis dheimhnithe chuig gach ceann de na Páirtithe sa Chomhaontú seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an ....... ......
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann na hÍoslainne
Thar ceann Phrionsacht Lichtinstéin
Thar ceann Ríocht na hIorua
IARSCRÍBHINN
PRÓTACAL 38d
maidir le Sásra Airgeadais LEE (2021‑2028)
Airteagal 1
(1)Cuspóirí
Rannchuideoidh an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua (‘Stáit CSTE’) le héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a laghdú agus lena gcaidreamh leis na Stáit is Tairbhithe a neartú, trí ranníocaíochtaí airgeadais laistigh de na tosaíochtaí téamacha a liostaítear in Airteagal 3.
(2)Luachanna coiteanna agus prionsabail choiteanna
Tá Sásra Airgeadais LEE (2021‑2028) bunaithe ar luachanna coiteanna agus ar phrionsabail an mheasa ar dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.
Beidh gach clár agus gníomhaíocht a chistítear le Sásra Airgeadais LEE comhsheasmhach le hurramú na luachanna agus na bprionsabal sin agus ní thabharfar aon tacaíocht leo d’oibríochtaí trína bhféadfaí faillí a dhéanamh ina leith sin. Comhlíonfaidh a gcur chun feidhme na cearta bunúsacha agus na hoibleagáidí bunúsacha atá cumhdaithe in ionstraimí agus caighdeáin ábhartha.
Airteagal 2
Gealltanais
Is é EUR 1 705 mhilliún a bheidh i méid na ranníocaíochta airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 1. Cuirfear ranníocaíocht airgeadais bhreise de EUR 100 milliún ar fáil freisin le haghaidh tionscadail a bhaineann le dúshláin a bhí ann mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin. Cuirfear na ranníocaíochtaí sin ar fáil lena ngealladh i dtráinsí bliantúla de EUR 257,86 milliún le linn na tréimhse ón 1 Bealtaine 2021 go dtí an 30 Aibreán 2028, an dá dháta sin san áireamh.
Is é a bheidh sa mhéid iomlán leithdháiltí tír‑shonracha mar a shonraítear in Airteagal 6 mar aon leis na cistí a shonraítear in Airteagal 7.
Airteagal 3
(1)Tosaíochtaí téamacha
Cuirfear na leithdháiltí tír‑shonracha ar fáil chun na tosaíochtaí téamacha foriomlána seo a leanas a chur chun cinn;
(a)An t‑aistriú glas Eorpach
(b)An daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine
(c)Cuimsiú sóisialta agus athléimneacht
Laistigh de na tosaíochtaí téamacha sin, leagtar amach réimsí cláir san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo. Rachfar i gcomhairle leis na Stáit is Tairbhithe maidir lena bhfuil sna réimsí cláir sin.
(2)Riachtanais na Stát is Tairbhithe
Déanfar na limistéir chláir a roghnú, a dhíriú agus a oiriúnú chun freagairt do na riachtanais éagsúla i ngach Stát is Tairbhí, agus méid an chláir agus méid na ranníocaíochta á gcur san áireamh. Chun na críche sin, leagtar amach in Airteagal 9 mír 5 an nós imeachta atá le leanúint.
Airteagal 4
(1)Meabhráin Tuisceana
Chun comhchruinniú a bhaint amach agus chun cur chun feidhme éifeachtúil a áirithiú, i gcomhréir leis na cuspóirí foriomlána dá dtagraítear in Airteagal 1, agus beartais an Aontais agus moltaí tírshonracha á gcur san áireamh, chomh maith le Comhaontuithe Comhpháirtíochta arna dtabhairt i gcrích idir na Ballstáit agus an Coimisiún Eorpach, déanfaidh Stáit CSTE Meabhrán Tuisceana a chaibidliú le gach Stát is Tairbhí i gcomhréir le hAirteagal 9 mír 5.
(2)Comhairliúcháin leis an gCoimisiún Eorpach
Déanfar comhairliúcháin leis an gCoimisiún Eorpach ar an leibhéal straitéiseach agus reáchtálfar iad le linn na caibidlíochta maidir leis na Meabhráin Tuisceana d’fhonn comhlántacht agus sineirgí le Beartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn.
Airteagal 5
(1)Cómhaoiniú
Maidir le cláir faoi leithdháiltí tírshonracha a mbeidh an fhreagracht ar na Stáit is Tairbhithe as a gcur chun feidhme, ní rachaidh an ranníocaíocht ó CSTE thar 85 % de chostas an chláir, mura gcinnfidh Stáit CSTE a mhalairt.
(2)Státchabhair
Comhlíonfar na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair.
(3)Dliteanas
Tá freagracht Stáit CSTE as na tionscadail teoranta do chistí a chur ar fáil de réir an phlean chomhaontaithe. Dá réir sin, ní ghabhfaidh Stáit CSTE aon dliteanas orthu féin i leith tríú páirtithe.
Airteagal 6
Leithdháiltí tír‑shonracha
Cuirfear na leithdháiltí tír‑shonracha ar fáil do na Stáit is Tairbhithe seo a leanas: An Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ghréig, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin, i gcomhréir leis an dáileadh seo a leanas:
Stát is Tairbhí
|
Cistí (EUR)
|
An Bhulgáir
|
132 807 931
|
An Chróit
|
68 018 840
|
An Chipir
|
9 014 276
|
Poblacht na Seice
|
115 163 505
|
An Eastóin
|
36 750 087
|
An Ghréig
|
159 320 451
|
An Ungáir
|
129 868 485
|
An Laitvia
|
56 013 268
|
An Liotuáin
|
60 274 987
|
Málta
|
5 710 418
|
An Pholainn
|
472 614 415
|
An Phortaingéil
|
126 276 741
|
An Rómáin
|
304 642 069
|
An tSlóvaic
|
66 843 694
|
An tSlóivéin
|
25 580 833
|
Áirítear ar na méideanna arna gcur i láthair na leithdháiltí tír‑shonracha atá le cur ar fáil do gach Stát is Tairbhí i gcomhréir le hAirteagal 9 mír 5, agus an sciar den chiste don tsochaí shibhialta dá dtagraítear in Airteagal 7 a rachaidh chun tairbhe do gach Stát is Tairbhí.
Airteagal 7
Laistigh de Shásra Airgeadais LEE, cuirfear dhá chiste ar fáil. Cuirfidh siad le cuspóirí Shásra Airgeadais LEE (2021‑2028) a bhaint amach mar a shainmhínítear in Airteagal 1, agus leis na tosaíochtaí téamacha dá dtagraítear in Airteagal 3. Is féidir le Stáit CSTE páirt a ghlacadh mar chomhpháirtithe sna cistí.
Ciste don tsochaí shibhialta
Cuirfear 10 % den mhéid iomlán i leataobh le haghaidh ciste don tsochaí shibhialta. Leagtar amach an eochair leithdháilte do na Stáit is Tairbhithe in Airteagal 6.
Leithdháilfear 5 % den chiste ar thionscnaimh thrasnáisiúnta.
Ciste le haghaidh forbairt acmhainne agus comhar le heagraíochtaí agus institiúidí idirnáisiúnta
Cuirfear 2 % den mhéid iomlán i leataobh le haghaidh ciste forbartha acmhainne agus comhar le heagraíochtaí agus institiúidí idirnáisiúnta, inter alia, Comhairle na hEorpa, ECFE agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA). Cuirfidh an ciste seo na tosaíochtaí téamacha chun cinn sna Stáit is Tairbhithe.
Airteagal 8
(1)Comhordú a dhéanamh le Sásra Airgeadais na hIorua
Déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Phrótacal seo a chomhordú go dlúth leis an ranníocaíocht dhéthaobhach ón Iorua dá bhforáiltear le Sásra Airgeadais na hIorua. Go háirithe, áiritheoidh Stáit CSTE go mbeidh nósanna imeachta agus módúlachtaí an chur chun feidhme mar an gcéanna go bunúsach don dá shásra airgeadais.
(2)Comhordú le beartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh
Cuirfear aon athrú ábhartha ar bheartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh san áireamh, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 9
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le cur chun feidhme Shásra Airgeadais LEE:
(1)Comhar
Déanfar cuspóirí Shásra Airgeadais LEE dá dtagraítear in Airteagal 1 a shaothrú faoi chuimsiú dlúthchomhar idir na Stáit is Tairbhithe agus Stáit CSTE, agus na luachanna agus na prionsabail á n‑urramú agus na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 1 mír 2 á gcomhlíonadh.
(2)Prionsabail chur chun feidhme
Déanfar an leibhéal is airde trédhearcachta, cuntasachta agus costas‑éifeachtúlachta a chur i bhfeidhm i ngach céim den chur chun feidhme, mar aon le hurraim do phrionsabail an dea‑rialachais, na comhpháirtíochta agus an rialachais il‑leibhéil, don fhorbairt inbhuanaithe, don chomhionannas inscne agus don neamh‑idirdhealú.
(3)Bainistíocht na gcistí
Oibreoidh Stáit CSTE na dá chiste a leagtar amach in Airteagal 7, agus beidh siad freagrach as a gcur chun feidhme, lena n‑áirítear bainistíocht agus rialú a dhéanamh orthu.
(4)Coiste an tSásra Airgeadais
Bunóidh Stáit CSTE coiste le bainistíocht fhoriomlán a dhéanamh ar Shásra Airgeadais LEE. Forálacha breise maidir le Sásra Airgeadais LEE a chur chun feidhme, lena n‑áirítear bearta simpliúcháin arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht agus éifeachtacht a áirithiú i gcur chun feidhme, eiseoidh Stáit CSTE iad tar éis comhairliúcháin leis na Stáit is Tairbhithe, comhairliúcháin a bhféadfaidh an Coimisiún Eorpach cúnamh a thabhairt ina leith. Féachfaidh Stáit CSTE leis na forálacha sin a eisiúint sula síneofar na Meabhráin Tuisceana.
(5)Caibidlíocht ar Mheabhráin Tuisceana
Déanfaidh Stáit CSTE Meabhrán Tuisceana a chaibidliú le gach Stát is Tairbhí i dtaca leis an leithdháileadh tírshonrach faoi seach, agus déanfaidh siad na cistí a eisiamh dá dtagraítear in Airteagal 7 agus i mír 3 den airteagal seo. Leagfar amach sa Mheabhrán Tuisceana na cláir, dáileadh na gcistí idir réimsí cláir, na struchtúir bhainistíochta agus rialaithe agus na coinníollacha is infheidhme.
(6)Cur chun feidhme
(a)Ar bhonn na Meabhrán Tuisceana, cuirfidh na Stáit is Tairbhithe tograí le haghaidh cláir shonracha faoi bhráid Stáit CSTE agus déanfaidh na Stáit sin na tograí a mheas agus a fhormheas agus comhaontuithe deontais a thabhairt i gcrích, lena ngabhfaidh coinníollacha ábhartha, measúnú riosca agus maolaithe, leis na Stáit is Tairbhithe le haghaidh gach cláir.
(b)Is iad na Stáit is Tairbhithe a bheidh freagrach as na cláir chomhaontaithe a chur chun feidhme agus déanfaidh siad foráil maidir le córas iomchuí bainistíochta agus rialaithe chun cur chun feidhme agus bainistíocht fhónta a áirithiú.
(c)Féadfaidh Stáit CSTE rialuithe a dhéanamh de réir a gceanglas inmheánach. Soláthróidh na Stáit is Tairbhithe gach cúnamh, faisnéis agus doiciméadú is gá chuige sin.
(d)Chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí, féadfaidh Stáit CSTE, tar éis measúnú a dhéanamh, tar éis dóibh éisteacht a thabhairt don Stát is Tairbhí, bearta iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh, lena n‑áirítear íocaíochtaí a chur ar fionraí agus cistí a ghnóthú.
(e)Cuirfear comhpháirtíochtaí i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, in ullmhú, i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht na ranníocaíochta airgeadais chun rannpháirtíocht leathan a áirithiú. Féadfar a áireamh ar na comhpháirtithe, inter alia, iad siúd ar na leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, chomh maith leis an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta sna Stáit is Tairbhithe agus i Stáit CSTE.
(f)Féadfar aon tionscadal faoi na cláir sna Stáit is Tairbhithe a chur chun feidhme i gcomhar idir, inter alia, eintitis atá bunaithe sna Stáit is Tairbhithe agus i Stáit CSTE, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le soláthar poiblí.
(7)Costais bhainistíochta
Cumhdófar costais bhainistíochta Stáit CSTE leis an méid iomlán dá dtagraítear in Airteagal 2, agus sonrófar iad sna forálacha maidir leis an gcur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Cumhdófar costais bhainistíochta le haghaidh na gCistí dá dtagraítear in Airteagal 7 leis an méid a leithdháiltear ar na Cistí.
(8)Tuairisciú
Tabharfaidh Stáit CSTE tuairisc ar a rannchuidiú le cuspóirí Shásra Airgeadais LEE.
Airteagal 10
Athbhreithniú
Ag deireadh na tréimhse mar a shainmhínítear in Airteagal 2 agus gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí faoi Chomhaontú LEE, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha, i bhfianaise Airteagal 115 de Chomhaontú LEE, athbhreithniú ar an ngá le haghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LE PRÓTACAL 38d
An t‑aistriú glas
Gnó glas agus nuálaíocht ghlas
Taighde agus nuálaíocht
Oideachas, oiliúint agus fostaíocht don aos óg
Cultúr
Forbairt áitiúil, dea‑rialachas agus cuimsiú
Cuimsiú agus cumhachtú na Romach
An tsláinte phoiblí
Cosc agus ullmhacht maidir le tubaistí
Earnáil an cheartais lena n‑áirítear foréigean baile agus foréigean inscnebhunaithe, rochtain ar cheartas, seirbhísí ceartúcháin, coireacht thromchúiseach agus eagraithe
Tearmann, imirce agus lánpháirtíocht
Comhar institiúideach agus forbairt acmhainne
Bainfidh na stáit is tairbhithe tairbhe freisin as tionscadail a chistítear leis an méid seo a leanas:
Ciste don tsochaí shibhialta
Ciste le haghaidh forbairt acmhainne agus comhar le heagraíochtaí agus institiúidí idirnáisiúnta comhpháirtíochta
Déanfar an comhionannas inscne agus an digiteáil a phríomhshruthú agus beidh siad mar chuid de gach limistéar cláir ábhartha.