EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0559

Togra leasaithe do RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le meicníocht mheastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú

/* COIM/2011/0559 leagan deireanach - 2010/0312 (COD) */

52011PC0559

/* COIM/2011/0559 leagan deireanach - 2010/0312 (COD) */ Togra leasaithe do RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le meicníocht mheastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Rialachas Schengen – an limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a neartú

Maidir le comhthéacs agus bunús na leasuithe atá sa togra seo, agus chun míniú mionsonraithe a thabhairt ar an bhfeidhm atá beartaithe dóibh sa chleachtas, déantar tagairt don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún dar teideal ' Rialachas Schengen – an limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a neartú ', a ghlactar in éineacht leis an togra seo.

Athruithe reachtacha

An 16 Samhain 2010, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le meicníocht mheastóireachta a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú[1]. Neartaíonn an togra sin meicníocht mheastóireachta Schengen, go háirithe trí bharr feabhais a chur ar na bearta leantacha, trí iarraidh ar an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air plean gníomhaíochta a chur isteach chun na laigí a sonraíodh a réiteach agus chun tuairisc rialta a thabhairt ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta sin go dtí go mbeidh na laigí ar fad réitithe. I gcás ina mbeadh tionchar ag na heasnaimh thromchúiseacha ar leibhéal foriomlán slándála Ballstáit amháin nó níos mó, tá foráil déanta maidir leis an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi sin agus, dá bhrí sin, cuirtear piarbhrú ón leibhéal polaitiúil is airde ar an mBallstát a bhfuil teipthe air, na rialacha a chomhlíonadh.

Déanfar meastóireacht ar Bhallstát uair amháin ar a laghad le linn tréimhse cúig bliana; féadfar an phleanáil a oiriúnú i gcomhréir leis na riachtanais agus na cásanna a aithnítear a bheith ann sa chleachtas. Féadfar cuairteanna gan réamhfhógra a thabhairt freisin chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme cuí na mbeart tionlacain ar fad.

Chun foráil a dhéanamh maidir leis an gcreat dlíthiúil atá riachtanach chun freagairt don iarratas ón gComhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh 2011 córas meastóireachta Schengen a neartú tuilleadh, agus chun clásal coimirce a thabhairt isteach chun freagairt do chásanna fíorchriticiúla i gcás nach bhfuil Ballstát in ann a oibleagáidí faoi rialacha Schengen, mar atá mínithe go mion sa Teachtaireacht dá dtagraítear i bpointe 1.1, a chomhlíonadh, déanann an Coimisiún leasú anseo ar an togra trí fhoráil a dhéanamh maidir le tacaíocht bhreise ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Neartaítear leis sin an tacaíocht ó Frontex agus cruthaítear féidearthacht meicníochta Aontas-bhunaithe maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcás ina bhfuil faillí á déanamh go rialta ag Ballstát i leith a oibleagáide a chuidse den teorainn sheachtrach a rialú, agus a mhéid arbh amhlaidh go mbeadh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Má thugtar isteach an mheicníocht sin, is ionann sin agus a rá go mbeidh gá Cód Teoireanneacha Schengen, atá á chur i láthair an tráth céanna leis an togra seo, a mhodhnú.

Tá cur síos mionsonraithe déanta i dtogra an 16 Samhain 2010 atá luaite thuas ar an ngá meicníocht reatha mheastóireachta Schengen a mhodhnú. Cé go bhfuil an togra seo á chur in ionad an togra sin, níl aon athrú tagtha ar na cúiseanna le tuarascáil Shamhain 2010 a thionscnamh; dá bhrí sin, ní chuirfidh an Coimisiún an réasúnú mionsonraithe san áireamh arís sa togra athbhreithnithe seo. Toisc nár ghlac na reachtóirí leis an mbuntogra fós (níor ghlac Parlaimint na hEorpa le seasamh ar an togra ar an gcéad léamh fós i gcomhréir le hAirteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), áirítear an leasú i dtéacs iomlán an bhuntogra sin[2], nach bhfuil aon athrú déanta air seachas na hathruithe a bhaineann leis an tacaíocht atá le tabhairt do Bhallstáit agus an fhéidearthacht rialú teorann a thabhairt isteach ag teorainneacha inmheánacha (Airteagal 14 agus Airteagal 15 mar aon le tagairt do "faireachán" síos tríd an téacs) agus i ndáil le hoiriúnú áirithe ar na cumhachtaí cur chun feidhme atá tugtha don Choimisiún (Airteagail 5, 8, 13 agus 17). Tá gá leis na hathruithe sin toisc go ndearnadh modhnuithe ar na rialacha comhthreomhara ábhartha maidir le 'nós imeachta coiste' tar éis an buntogra a thíolacadh an chéad uair, le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[3]. Ina theannta sin, déantar tuilleadh modhnuithe ar an téacs, lena n-áirítear modhnuithe a bhaineann le ról Frontex (Airteagal 6), Europol (Airteagal 8) agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle (Airteagal 19)

2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Léirítear sna chéad phléití ar thogra meastóireachta Schengen sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa, agus i rún na Parlaiminte an 7 Iúil 2011[4], go dtugtar tacaíocht leathan pholaitiúil don tuairim go bhfuil gá uirlisí tionlacain a bheith ag gabháil le meicníocht feidhmithe ionas go bhféadfaí freagairt éifeachtach a thabhairt ar easnamh tromchúiseach sa chaoi a gcuireann Ballstáit an acquis i bhfeidhm.

Ina Theachtaireacht maidir le himirce[5], mhol an Coimisiún go bhféadfaí meicníocht a thabhairt isteach a cheadódh cinneadh ar leibhéal na hEorpa a shaineodh cé na Ballstáit a dhéanfadh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn eisceachtúil, agus cén fad a mhairfeadh an t-athbhunú sin. Níor cheart an mheicníocht a úsáid ach mar rogha dheireanach nuair a bheidh bearta eile (éigeandála) déanta chun cúrsaí a chobhsú, ag an gcuid sin den teorainn sheachtrach lena mbaineann, ar leibhéal na hEorpa, de mheon dlúthpháirtíochta, agus/nó ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na rialacha coiteanna níos fearr.

Chuir an Chomhairle um Cheartas agus Gnóthaí Baile fáilte roimh an tuairim sin an 12 Bealtaine 2011 agus chuir an Chomhairle Eorpach fáilte roimpi le linn chruinnithe an 23-24 Meitheamh 2011 agus, an tráth sin, d'iarr siad go dtabharfar isteach meicníocht "chun freagairt do chásanna eisceachtúla a chuireann feidhmiú foriomlán chomhar Schengen i mbaol, gan prionsabal na saorghluaiseachta daoine a chur i mbaol."

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Is forbairt é an togra seo ar an mbeartas maidir le teorainneacha seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(e) den Chonradh ar Feidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Déantar foráil in Airteagal 77 maidir le díothú rialaithe ag teorainneacha inmheánacha, is é sin ollchuspóir don sprioc limistéar saorghluaiseachta daoine laistigh den Aontas Eorpach a bhaint amach, mar atá leagtha síos in Airteagal 26 den CFAE. Ní mór bearta a bheith ag gabháil le díothú an rialaithe ag teorainneacha inmheánacha ar bearta sna réimsí seo a leanas iad: teorainneacha seachtracha, beartas víosa, Córas Faisnéise Schengen, cosaint sonraí, comhar póilíneachta, comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla. Má chuirtear na bearta sin i bhfeidhm go cuí, beifear in ann limistéar a choimeád gan rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha. Dá bhrí sin, fónann an mheastóireacht agus an faireachán ar chur i bhfeidhm cuí na mbeart sin don ollchuspóir beartais maidir leis an limistéar a choimeád saor ó rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha. Maidir le bearta atá dírithe ar thionchar diúltach easnamh tromchúiseach leanúnach sa chaoi a gcuireann Ballstát acquis Schengen chun feidhme a mhaolú , lena n-áirítear an fhéidearthacht dul i muinín rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil sealadach ag teorainneacha inmheánacha mar rogha dheireanach i gcás ina mbeadh na heasnaimh ina mbaol tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, fónann na bearta sin don ollchuspóir sin a bhaint amach freisin.

Tá an fhaisnéis ar fad is gá maidir leis na himpleachtaí buiséadacha ar áireamh sa togra maidir le meicníocht mheastóireachta Schengen a bhunú, togra a tíolacadh i mí na Samhna 2010. Níl aon athrú tagtha ar an bhfaisnéis sin.

2010/0312 (COD)

Togra leasaithe do

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le meicníocht mheastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(e) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí nNáisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ngnáth nós imeachta reachtach,

(1) Tá limistéar Schengen atá gan rialuithe ar theorainneacha inmheánacha rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ag brath ar na Ballstáit bearta tionlacain a chur i bhfeidhm go héifeachtach éifeachtúil sna réimsí seo a leanas: teorainneacha seachtracha, beartas maidir le víosaí, Córas Faisnéise Schengen, lena n-áirítear cosaint sonraí, comhar póilíneachta, comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla agus beartais drugaí.

(2) Le cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998[6], cuireadh Buanchoiste ar bun chun Schengen a mheas agus a chur chun feidhme. Tugadh sainordú don Bhuanchoiste ar an gcéad dul síos, a shuíomh ar comhlíonadh na réamhchoinníollacha uile maidir le rialuithe ar theorainneacha inmheánacha rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a bhaint le Stát is iarrthóir, agus ar an dara dul síos a áirithiú go bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm go cuí ag na Stáit sin a bhfuil an acquis ina iomláine á chur chun feidhme acu cheana.

(3) Is gá meicníocht shonrach mheastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú toisc an gá atá le hardchaighdeáin aonchineálacha a áirithiú agus acquis Schengen á chur i bhfeidhm agus an gá atá le hardleibhéal muiníne frithpháirtí a chothú idir na Ballstáit sin ar cuid de limistéar gan rialuithe ar theorainneacha inmheánacha rialú ag teorainneacha inmheánacha iad. Ba cheart go gcuirfeadh meicníocht dá leithéid le dlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit sin.

(4) I gclár na Háige[7], iarradh ar an gCoimisiún a luaithe a bheadh díothú rialuithe ar theorainneacha inmheánacha curtha i gcrích, togra a chur isteach chun meicníocht mheastóireachta Schengen atá ann cheana a fhorlíonadh le meicníocht mhaoirseachta, rud a d'áiritheodh go mbeadh saineolaithe na mBallstát páirteach go hiomlán, cigireachtaí gan réamhfhógra san áireamh.

(5) Dar le Clár Stócólm[8] go leanfaidh an mheastóireacht ar limistéar Schengen de bheith ríthábhachtach agus gur cheart í a fheabhsú, dá bhrí sin, trí ról Frontex sa réimse sin a neartú.

(6) Ba cheart, dá bhrí sin, an mheicníocht mheastóireachta a cuireadh ar bun i 1998 a athbhreithniú maidir leis an dara cuid den sainordú a tugadh don Bhuanchoiste. Ba cheart an chéad chuid den sainordú leanúint de bheith i bhfeidhm mar atá leagtha síos i gCuid I de Chinneadh an 16 Meán Fómhair 1998.

(7) Léiríonn an taithí a fuarthas le linn meastóireachtaí roimhe seo gur gá meicníocht chomhleanúnach mheastóireachta agus faireacháin a choimeád a chumhdaíonn gach limistéar faoi acquis Schengen seachas na limistéir sin ina bhfuil meicníocht shonrach mheastóireachta cheana féin laistigh de dhlí an AE.

(8) Ba cheart dlúthbhaint a bheith ag na Ballstáit leis an bpróiseas meastóireachta agus faireacháin. Ba cheart na bearta chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh tríd an nós imeachta bainistíochta, dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún.

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[9]. I bhfianaise théarmaí Airteagal 2(2)(b)(iii) den Rialachán sin, beidh feidhm leis an nós imeachta scrúdúcháin.

(9) Ba cheart don mheicníocht mheastóireachta agus faireacháin rialacha trédhearcacha, éifeachtúla agus soiléire a chur ar bun maidir le modheolaíocht na meastóireachtaí, maidir le saineolaithe ardcháilithe a thabharfaidh cuairteanna ar an láthair, agus maidir leis na bearta leantacha a eascróidh as torthaí na meastóireachtaí. Ba cheart foráil a dhéanamh sa mhodheolaíocht, go háirithe, do chuairteanna ar an láthair gan réamhfhógra chun na cuairteanna ar an láthair le réamhfhógra a fhorlíonadh maidir le rialuithe ar theorainneacha agus maidir le víosaí go háirithe.

(10) Ba cheart a áireamh sa mheicníocht mheastóireachta agus faireacháin go bhfíorófaí an reachtaíocht ábhartha maidir le díothú rialuithe ar na teorainneacha inmheánacha agus maidir le díothú seiceálacha laistigh den chríoch náisiúnta. I bhfianaise chineál sonrach na bhforálacha sin nach bhfuil tionchar acu ar shábháilteacht inmheánach na mBallstát, ba cheart go gcuirfí na cuairteanna ábhartha ar an láthair de chúram ar an gCoimisiún go heisiach.

(11) Ba cheart go dtabharfaí aird ar leith sa mheastóireacht agus san fhaireachán ar chearta bunúsacha agus acquis Schengen á chur i bhfeidhm á chur i bhfeidhm .

(12) Ba cheart don mheastóireacht a ráthú go gcuireann na Ballstáit rialacha Schengen i bhfeidhm go héifeachtach i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus leis na bun-noirm. Dá bhrí sin, áirítear sa mheastóireacht an reachtaíocht ábhartha ar fad agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a chuireann le feidhmiú limistéir gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha.

( 12 13) Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh[10] (Frontex anseo feasta) tacú le cur chun feidhme na meicníochta, go háirithe i réimse na hanailíse riosca a bhaineann le teorainneacha seachtracha. Ba cheart don mheicníocht bheith in ann freisin, brath ar shaineolas na Gníomhaireachta chun cuairteanna ar an láthair a dhéanamh ar bhonn ad hoc .

(14) Ba cheart go mbeadh sé indéanta déileáil le heasnaimh thromchúiseacha i gcur chun feidhme an acquis leis an meicníocht mheastóireachta agus faireacháin trína áirithiú go ndéanfadh an Coimisiún tacaíocht chuí a sholáthar le cúnamh teicniúil ó Frontex, Europol nó ó Ghníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Mar rogha dheireanach, agus sa mhéid arbh amhlaidh a bheadh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú a mhéad is gá agus don fhad is gá chun torthaí diúltacha na n-easnamh a mhaolú.

( 13 15) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an taithí is gá ag na saineolaithe a chuirfear ar fáil do na cuairteanna ar an láthair agus go mbeidh oiliúint shonrach faighte acu chuige sin. Ba cheart do na comhlachtaí iomchuí (e.g. Frontex) an oiliúint iomchuí a chur ar fáil agus ba cheart cistí a chur ar fáil do na Ballstáit le haghaidh tionscnamh a bheidh dírithe ar oiliúint shonrach i réimse na meastóireachta ar acquis Schengen trí na hionstraimí airgeadais atá ann cheana agus trí na hionstraimí sin a fhorbairt.

( 14 16) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm dá bhrí sin. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, faoi Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart don Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, a chinneadh laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an dáta a nglacfar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

( 15 17) Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen[11]. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

( 16 18) Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen[12]. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

( 17 19) Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen dá bhforáiltear leis an gComhaontú a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt[13].

( 18 20) Maidir leis an Eilvéis, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an gComhaontú a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt[14].

( 19 21) Maidir le Lichtinstéin, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an bPrótacal a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt[15].

( 20 23) Maidir leis an gCipir, is gníomh é an Rialachán seo lena gcuirtear le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, dá bhforáiltear le hAirteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003.

( 21 24) Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is gníomh é an Rialachán seo lena gcuirtear le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, dá bhforáiltear le hAirteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005.

( 22 25) Mar sin féin, ba cheart do shaineolaithe ón gCipir, ón mBulgáir agus ón Rómáin bheith páirteach sa mheastóireacht ar gach cuid de acquis Schengen.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo meicníocht mheastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú sna Ballstáit a bhfuil feidhm ag acquis Schengen ina iomláine maidir leo.

Maidir le saineolaithe ó Bhallstáit nach gcuireann an acquis i bhfeidhm ina iomláine fós, i gcomhréir leis an Ionstraim ábhartha Aontachais, beidh siad páirteach mar sin féin i meastóireacht agus i bhfaireachán ar gach cuid den acquis .

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo,

Ciallaíonn ' acquis Schengen', forálacha acquis Schengen, mar atá comhtháite i gcreat an Aontais Eorpaigh ag an bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar aon leis na gníomhartha a chuireann leis nó atá bainteach leis ar bhealach eile.

Airteagal 3

Freagrachtaí

1. Beidh an Coimisiún freagrach as an meicníocht mheastóireachta agus faireacháin seo a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le tacaíocht ó chomhlachtaí Eorpacha, mar atá sonraithe sa Rialachán seo.

2. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun go mbeidh sé de chumas aige na cúraimí arna dtabhairt dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích. Comhoibreoidh na Ballstáit freisin leis an gCoimisiún le linn na gcéimeanna seo a leanas de na meastóireachtaí: ullmhúchán, cuairt ar an láthair, tuairisciú agus bearta leantacha.

Airteagal 4

Meastóireachtaí

Féadfaidh ceistneoirí nó cuairteanna ar an láthair a bheith mar chuid de na meastóireachtaí. Féadfar iad araon a fhorlíonadh le cuir i láthair a dhéanfaidh an Ballstát a mbeidh meastóireacht déanta air maidir leis an limistéar a chumhdaítear leis an meastóireacht. Féadfar cuairteanna ar an láthair agus ceistneoirí a úsáid go neamhspleách nó i dteannta a chéile maidir le Ballstáit shonracha agus/nó maidir le limistéir shonracha. Féadfaidh cuairteanna ar an láthair a bheith fógartha nó a bheith gan réamhfhógra.

Airteagal 5

Clár ilbhliantúil

1. Déanfaidh an Coimisiún clár meastóireachta ilbhliantúil a bhunú, a chumhdóidh tréimhse cúig bliana, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), tráth nach déanaí ná sé mhí roimh thús na chéad tréimhse eile cúig bliana. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 17(2).

2. Beidh sa chlár ilbhliantúil liosta na mBallstát a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu gach bliain. Déanfar meastóireacht ar gach Ballstát uair amháin ar a laghad le linn gach tréimhse cúig bliana. Is ar riosca anailíse a bhunófar ord na mBallstát a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu, agus cuirfear san áireamh brú imirceach, slándáil inmheánach, an t-am a d'imigh thart ó rinneadh an mheastóireacht roimhe sin agus an chothromaíocht idir na codanna éagsúla de acquis Schengen a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu.

3. Féadfar an clár bliantúil a oiriúnú, más gá, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 6

Anailís riosca

1. Tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh Frontex anailís riosca faoi bhráid an Choimisiúin ina gcuirfear brú imirceach san áireamh agus ina mbeidh moltaí maidir le tosaíochtaí do mheastóireachtaí na bliana ina dhiaidh sin. Tagróidh na moltaí do chodanna sonracha de na teorainneacha seachtracha agus do phointí sonracha trasnaithe teorann a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu faoi chlár ilbhliantúil na bliana ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an anailís riosca sin ar fáil do na Ballstáit.

2. Déanfaidh Frontex, faoin spriocdháta céanna atá luaite i mír 1, anailís riosca ar leithligh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina mbeidh moltaí maidir le tosaíochtaí do mheastóireachtaí a bheidh le cur chun feidhme i bhfoirm cuairteanna gan réamhfhógra ar an láthair an bhliain ina dhiaidh sin. D'fhéadfadh na moltaí sin bheith bainteach le réigiún ar bith nó le limistéar sonrach agus beidh iontu liosta de dheich gcuid shonracha de na teorainneacha seachtracha agus deich gcinn de phointí sonracha trasnaithe teorann ar a laghad. Féadfaidh an Coimisiún, am ar bith, iarraidh ar Frontex anailís riosca a chur faoina bhráid ina ndéanfaí moltaí maidir le meastóireachtaí agus a chuirfí chun feidhme i bhfoirm cuairteanna ar an láthair gan réamhfhógra.

Airteagal 7

Ceistneoir

1. Cuirfidh an Coimisiún ceistneoir caighdeánach chuig gach ceann de na Ballstáit a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu an bhliain ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná an 15 Lúnasa an bhliain roimh bhliain na meastóireachta. Cumhdóidh na ceistneoirí caighdeánacha an reachtaíocht ábhartha agus na meáin eagrúcháin agus theicniúla a bheidh ar fáil do chur chun feidhme acquis Schengen agus na sonraí staidrimh do gach réimse meastóireachta.

2. Cuirfidh na Ballstáit a bhfreagraí ar an gceistneoir ar fáil don Choimisiún laistigh de shé seachtaine tar éis dó é a sheoladh chucu. Cuirfidh an Coimisiún na freagraí ar fáil do na Ballstáit eile.

Airteagal 8

Clár bliantúil

1. Agus an anailís riosca arna soláthar ag Frontex i gcomhréir le hAirteagal 6 á cur san áireamh, mar aon leis na freagraí ar an gceistneoir dá dtagraítear in Airteagal 7 agus, nuair is iomchuí, Europol nó foinsí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún clár meastóireachta bliantúil tráth nach déanaí ná an 30 Samhain an bhliain roimhe sin. Féadfar foráil a dhéanamh sa chlár do mheastóireacht ar:

- an acquis , nó codanna den acqui s, á chur i bhfeidhm ag Ballstát amháin, mar atá sonraithe sa chlár ilbhliantúil;

agus, ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha:

- codanna sonracha den acquis á gcur i bhfeidhm i roinnt Ballstát (meastóireachtaí téamacha);

- an acquis á chur i bhfeidhm ag grúpa Ballstát (meastóireachtaí réigiúnacha).

2. Sa chéad chuid den chlár, arna glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), liostófar na Ballstáit a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu an bhliain ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an gclár ilbhliantúil. Liostófar sa roinn sin na limistéir a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu agus na cuairteanna ar an láthair. Glacfaidh an Coimisiún an roinn seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 17(2).

3. Tarraingeoidh an Coimisiún suas dara cuid an chláir agus liostófar inti na cuairteanna ar an láthair gan réamhfhógra a bheidh le cur i gcrích an bhliain ina dhiaidh sin. Measfar gur faoi rún a bheidh an chuid sin agus ní chuirfear in iúl do na Ballstáit é.

4. Féadfar an clár bliantúil a oiriúnú, más gá, i gcomhréir le mír 2 agus mír 3.

Airteagal 9

Liosta saineolaithe

1. Ullmhóidh an Coimisiún liosta saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit a bheidh páirteach i gcuairteanna ar an láthair. Cuirfear an liosta chuig na Ballstáit.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl na réimsí saineolais atá ag gach saineolaí maidir leis na réimsí atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú a luaithe is féidir.

3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl cé na saineolaithe a fhéadfar a chur ar fáil do na cuairteanna ar an láthair gan réamhfhógra i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 10(5).

4. Beidh na cáilíochtaí iomchuí ag na saineolaithe, lena n-áirítear sáreolas teoiriciúil agus taithí phraiticiúil sna réimsí a chumhdaítear leis an meicníocht mheastóireachta, chomh maith le heolas fónta ar phrionsabail mheastóireachta, nósanna imeachta meastóireachta agus teicnící meastóireachta, agus beidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i dteanga choiteann.

5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh a saineolaithe ainmnithe na ceanglais atá sonraithe sa mhír roimhe seo, tríd an oiliúint a fuair na saineolaithe a chur in iúl, mar shampla. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na saineolaithe oiliúint leanúnach chun go leanfaidís de bheith ag comhlíonadh na gceanglas sin.

Airteagal 10

Na foirne a bheidh freagrach as cuairteanna ar an láthair

1. Foirne a cheapfaidh an Coimisiún a thabharfaidh cuairteanna ar an láthair. Saineolaithe a roghnófar ón liosta saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 9 agus oifigighionadaithe ón gCoimisiún a bheidh sna baill foirne. Déanfaidh an Coimisiún iarracht cothromaíocht gheografach agus inniúlacht na saineolaithe atá ar gach foireann a áirithiú. Ní fhéadfaidh saineolaithe ó na Ballstáit páirt a ghlacadh i gcuairt ar an láthair sa Bhallstát ina bhfuil siad fostaithe.

2. FéadfaidhIarrfaidh an Coimisiún iarraidh ar Frontex, agus nuair is iomchuí, ar Europol, Eurojust nó ar chomhlachtaí ábhartha Eorpacha eile ionadaí a ainmniú chun páirt a ghlacadh mar bhreathnóir le linn cuairte a bhaineann le limistéar arna chumhdach lena sainordú.

3. Ní fhéadfaidh níos mó ná ochtar saineolaí (na breathnóirí san áireamh) a bheith páirteach sna cuairteanna meastóireachta i gcás cuairteanna ar an láthair a dtugtar réamhfhógra ina leith, agus ní fhéadfaidh níos mó ná seisear a bheith páirteach i gcás cuairteanna ar an láthair gan réamhfhógra.

4. I gcás cuairteanna le réamhfhógra, cuirfidh an Coimisiún fógra chuig na Ballstáit ar ceapadh a saineolaithe i gcomhréir le mír 1 tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine roimh dháta sceidealaithe na cuairte ar an láthair. Deimhneoidh na Ballstáit, laistigh de sheachtain, an mbeidh na saineolaithe ar fáil.

5. I gcás cuairteanna gan réamhfhógra, cuirfidh an Coimisiún fógra chuig na Ballstáit ar ceapadh a saineolaithe i gcomhréir le mír 1 tráth nach déanaí ná seachtain amháin roimh dháta sceidealaithe na cuairte ar an láthair. Deimhneoidh na Ballstáit, laistigh de 48 uair a chloig, an mbeidh na saineolaithe ar fáil.

6. Is iad na príomh-shaineolaithe a bheidh ann i gcás cuairteanna ar an láthair, oifigeachionadaí ón gCoimisiún agus saineolaí ó Bhallstát arna gceapadh ag baill na foirne saineolaithe, i gcomhairle le chéile, roimh an gcuairt ar an láthair.

Airteagal 11

Cuairteanna ar an láthair

1. Déanfaidh foirne na cuairte ar an láthair na gníomhaíochtaí ullmhúcháin go léir is gá d'fhonn éifeachtúlacht, cruinneas agus comhsheasmhacht na gcuairteanna ar an láthair a áirithiú.

2. Tabharfar fógra don Bhallstát lena mbaineann:

- ar a laghad dhá mhí roimh dháta sceidealaithe na cuairte ar an láthair le réamhfhógra;

- ar a laghad 48 uair a chloig roimh dháta sceidealaithe na cuairte ar an láthair gan réamhfhógra.

3. Beidh cárta aitheantais ag gach ball d'fhoireann na cuairte ar an láthair lena n-údarófar dóibh cuairteanna ar an láthair a dhéanamh thar ceann an Aontais Eorpaigh.

4. Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhféadfaidh an fhoireann saineolaithe dul i dteagmháil go díreach leis na daoine ábhartha. Áiritheoidh an Ballstát go mbeidh rochtain ag an bhfoireann ar na limistéir ar fad, ar na háitribh ar fad agus ar na doiciméid ar fad a mbeidh gá leo don mheastóireacht. Áiritheoidh an Ballstát go bhféadfaidh an fhoireann a sainordú a fheidhmiú chun na gníomhaíochtaí a fhíorú sna limistéir a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu.

5. Cabhróidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhealach ar bith atá laistigh dá chumhachtaí dlíthiúla, leis an bhfoireann chun a cúram a chur i gcrích.

6. I gcás cuairteanna ar an láthair le réamhfhógra, déanfaidh an Coimisiún ainmneacha shaineolaithe na foirne a chur ar fáil roimh ré do na Ballstáit ábhartha. Ainmneoidh an Ballstát lena mbaineann pointe teagmhála chun na socruithe praiticiúla a dhéanamh maidir leis an gcuairt ar an láthair.

7. Beidh sé de chúram ar na Ballstáit na socruithe taistil agus cóiríochta a dhéanamh dá gcuid saineolaithe. Cúiteoidh an Coimisiún na costais taistil agus chóiríochta do na saineolaithe a bheidh páirteach sna cuairteanna.

Airteagal 12

Saorghluaiseacht daoine ag teorainneacha inmheánacha a fhíorú

D'ainneoin Airteagal 10, is oifigighionadaithe ón gCoimisiún amháin a bheidh ar fhoirne na gcuairteanna ar an láthair gan réamhfhógra, ar foirne iad a fhíoróidh nach bhfuil rialuithe ar theorainneacha inmheánacha .

Airteagal 13

Tuarascálacha meastóireachta

1. Tarraingeofar tuarascáil suas tar éis gach meastóireachta. Ar thorthaí na cuairte ar an láthair agus ar an gceistneoir, de réir mar is ábhartha, a bhunófar an tuarascáil mheastóireachta.

1. Más ar an gceistneoir nó ar an gcuairt gan réamhfhógra amháin atá an mheastóireacht bunaithe, is é an Coimisiún a tharraingeoidh suas an tuarascáil;

2. I gcás cuairteanna ar an láthair le réamhfhógra, is í an fhoireann a tharraingeoidh suas an tuarascáil le linn na cuairte. Is ar oifigeachionadaí an Choimisiúin a bheidh an fhreagracht iomlán as an tuarascáil a dhréachtú agus as a sláine agus a cáilíocht a áirithiú. I gcás easaontú, déanfaidh an fhoireann gach iarracht teacht ar chomhréiteach. Féadfar ábhar na n-easaontuithe a áireamh sa tuarascáil.

2. Déanfar anailís sa tuarascáil ar na gnéithe cáilíochtúla, cainníochtúla, oibríochtúla, agus ar na gnéithe riaracháin agus eagraíochtúla, de réir mar is iomchuí, agus liostófar inti aon easnamh nó laige a shuífear le linn na meastóireachta. Beidh moltaí sa tuarascáil maidir le gníomhaíocht feabhais agus maidir le spriocdhátaí chun iad a chur chun feidhme.

3. Aicmeofar gach toradh sa tuarascáil faoi cheann acu seo a leanas:

3. comhlíontach;

4. comhlíontach ach gá le feabhas;

5. neamhchomhlíontach.

4. Cuirfidh an Coimisiún an dréacht-tuarascáil chuig an mBallstát lena mbaineann laistigh de shé seachtaine ón gcuairt ar an láthair nó ón am a fhaightear na freagraí ar an gceistneoir, de réir mar is iomchuí. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a bharúlacha ar an tuarascáil a chur ar fáil laistigh de choicís.

5. Cuirfidh saineolaí an Choimisiúin an Coimisiún an dréacht-tuarascáil agus an freagra ón mBallstát faoi bhráid an choiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 15 17. Iarrfar ar na Ballstáit a mbarúlacha a thabhairt ar na freagraí ar an gceistneoir, ar an dréacht-tuarascáil agus ar bharúlacha an Bhallstáit lena mbaineann

Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tuarascáil mheastóireachta agus na moltaí a phléann le haicmiú na dtorthaí dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 17(2).

Laistigh de mhí amháin tar éis an tuarascáil a ghlacadh, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann plean gníomhaíochta ar fáil don Choimisiún chun aon laige arna haithint a réiteach.

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhfoireann saineolaithe, cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú ar leordhóthanacht an phlean gníomhaíochta faoi bhráid an choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 15 17, laistigh de mhí amháin tar éis an plean gníomhaíochta a fháil ón mBallstát. Iarrfar ar na Ballstáit a mbarúlacha a thabhairt ar an bplean gníomhaíochta.

6. Tuairisceoidh an Ballstát lena mbaineann don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta laistigh de shé mhí tar éis an tuarascáil mheastóireachta a fháil, agus leanfaidh sé d'amhlaidh a dhéanamh gach trí mhí go dtí go mbeidh an plean gníomhaíochta curtha chun feidhme ina iomláine. I bhfianaise a thromchúisí atá na laigí a sainaithníodh agus ar na bearta a rinneadh chun iad a réiteach, féadfaidh an Coimisiún cuairteanna le réamhfhógra a sceidealú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2) chun cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta a fhíorúdéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le cuairteanna le réamhfhógra chun cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta a fhíorú.. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 17(2). Féadfaidh an Coimisiún cuairteanna ar an láthair gan réamhfhógra a sceidealú freisin.

Cuirfidh an Coimisiún an coiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 15 17 ar an eolas, ar bhonn rialta, faoi chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta.

7. Má léirítear, le linn cuairte ar an láthair, easnamh tromchúiseach a mheastar tionchar suntasach a bheith aige ar leibhéal sabháilteachta ginearálta Ballstáit amháin nó níos mó, cuirfidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin méid sin a luaithe is féidir.

Airteagal 14

Bearta ag na teorainneacha seachtracha agus tacaíocht ó Frontex

1. I gcás ina sonraítear sa tuarascáil mheastóireachta easnaimh thromchúiseacha i rialú ag teorainneacha seachtracha nó i nósanna imeachta i ndáil le haischur, agus d'fhonn comhlíonadh na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 13(5) a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh iarraidh ar an mBallstát a bhfuil meastóireacht déanta air, roinnt beart sonrach a dhéanamh. Féadfar ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a áireamh ina measc:

- tús a chur le himlonnú Foirne Eorpacha Gardaí Teorann i gcomhréir le forálacha Rialachán Frontex;

- cinntí straitéiseacha maidir le measúnú riosca agus pleananna le haghaidh imlonnú trealaimh a chur faoi bhráid Frontex chun faomhadh a fháil;

- pointe trasnaithe sonrach teorann a dhúnadh ar feadh tréimhse teoranta go dtí go réitítear na laigí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 17(2).

2. Cuirfidh an Coimisiún an coiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 17 ar an eolas go rialta maidir leis an dul chun i ndáil le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1 agus maidir lena thionchar ar na heasnaimh a sonraíodh.

Airteagal 15

Easnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha nó le nósanna i ndáil le haischur

1. In ainneoin na tréimhse sé mhí atá ann chun tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(6), má bhíonn sé de thátal ar an tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 13(5) go bhfuil drochfhaillí á déanamh ag an mBallstát a bhfuil meastóireacht déanta air maidir lena oibleagáid rialú a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha nó nósanna imeachta i ndáil le haischur a chur i bhfeidhm, tabharfaidh an Ballstát a bhfuil meastóireacht déanta air tuairisc ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta laistigh de thrí mhí tar éis an tuarascáil mheastóireachta a fháil.

2. Má fhaigheann an Coimisiún amach, tar éis na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil aon athrú ar an scéal, beidh feidhm ag Airteagal 23, Airteagal 23a agus Airteagal 26 de Chód Teorainneacha Schengen.

Airteagal 14 16

Faisnéis íogair

Measfaidh na foirne gur faoi rún a bheidh aon fhaisnéis a gheobhaidh siad agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas. Na tuarascálacha a tharraingeofar suas tar éis cuairteanna ar an láthair, aicmeofar mar tuarascálacha srianta iad. Cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, cén chuid den tuarascáil a fhéadfar a phoibliú.

Airteagal 15

Coiste

1. Beidh coiste ionadaithe ó na Ballstáit, faoi chathaoirleacht ionadaí ón gCoimisiún, de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 4, 7 agus 8 de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 17

Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 1618

Forálacha eatramhacha

1. Sé mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, bunófar an chéad chlár ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 5 agus an chéad chlár bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 8. Aon bhliain amháin tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm is ea dáta tionscnaimh an dá chlár.

2. Déanfar an chéad anailís riosca atá le soláthar ag Frontex i gcomhréir le hAirteagal 6, a chur ar fáil don Choimisiún tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

3. Ainmneoidh na Ballstáit a saineolaithe i gcomhréir le hAirteagal 9 tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

Airteagal 1719

Faisnéis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na moltaí atá glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13(5).

Airteagal 1820

Tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na meastóireachtaí arna gcur i gcrích de bhun an Rialacháin seo. Poibleofar an tuarascáil agus beidh faisnéis ann faoin méid seo a leanas:

- na meastóireachtaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin, agus

- na conclúidí ó gach meastóireacht agus an dul chun cinn atá déanta i leith na gníomhaíochta feabhais.

Airteagal 1921

Aisghairm

Aon bhliain amháin tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, aisghairfear Cuid II den Chinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste maidir le meastóireacht agus maidir le cur chun feidhme Schengen (SCH/Com-ex (98) 26 def.), buanchoiste dar teideal 'an Coiste Cur chun Feidhme do na Stáit a bhfuil an coinbhinsiún á chur i bhfeidhm acu cheana'.

Airteagal 2022

Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh meastóireachtaí Schengen, dá dtagraítear sna hIonstraimí Aontachais a tugadh i gcrích tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 2123

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] COIM (2010) 624, 16.11.2010.

[2] Tá cló trom curtha ar na leasuithe agus líne fúthu.

[3] IO L 55 28.2.2011, lch. 13.

[4] P7_TA(2011)0336

[5] COIM (2011)248, 4.5.2011.

[6] IO L 239, 22.9.2000, lch. 138.

[7] IO C 53, 3.3.2005, lch. 1 (pointe 1.7.1).

[8] Doiciméad 17024/09 ón gComhairle, a ghlac an Chomhairle Eorpach an 10/11 Nollaig 2009.

[9] IO L 55 28.2.2011, lch. 13.

[10] Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

[11] IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

[12] IO L 64, 07.03.2002, lch. 20.

[13] IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[14] IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

[15] IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

Top