Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1776

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1776 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1428 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

    ST/10400/2024/INIT

    IO L, 2024/1776, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1776/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1776/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1776

    24.6.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1776 ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Meitheamh 2024

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1428 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1428 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 1 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2).

    (2)

    An 17 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1428, lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 agus lenar tugadh isteach tuilleadh bearta sriantacha chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí — gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1428. De bhun Airteagal 1 den Rialachán sin, tá infheidhmeacht na mbeart sin maidir le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir glacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gComhairle.

    (3)

    Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 an 25 Meitheamh 2024 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1428,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Beidh feidhm ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 25 Meitheamh 2024 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1428.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Meitheamh 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)   IO L, 2024/1428, 17.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1428/oj.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1776/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top