This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1436
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1436 of 24 May 2024 amending Implementing Regulation (EU) 2018/2019 as regards certain plants for planting of Ligustrum ovalifolium and Ligustrum vulgare originating in the United Kingdom, and Implementing Regulation (EU) 2020/1213 as regards the phytosanitary measures for the introduction of those plants for planting into the Union territory
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1436 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Ligustrum ovalifolium agus Ligustrum vulgare le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1436 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Ligustrum ovalifolium agus Ligustrum vulgare le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
C/2024/3350
IO L, 2024/1436, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1436/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1436 |
27.5.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1436 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Bealtaine 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Ligustrum ovalifolium agus Ligustrum vulgare le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, bunaítear liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo. |
(2) |
Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Áirítear an géineas Ligustrum L. ar an liosta sin. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach n-áirítear go fóill sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go n-áireofaí iad sa liosta sin tar éis measúnú riosca iomlán breise. |
(4) |
An 31 Márta 2023 chuir an Ríocht Aontaithe (5) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le plandaí Ligustrum ovalifolium agus Ligustrum vulgare le haghaidh plandú a onnmhairiú chuig an Aontas, plandaí nach plandaí beangaithe iad atá suas le 7 mbliana d’aois, a bhfuil trastomhas uasta 40 mm acu ag bonn an ghais agus atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (‘na plandaí ábhartha’). Cuireadh na sainchomhaid teicniúla ábhartha isteach leis an iarraidh sin. |
(5) |
An 1 Feabhra 2024 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí ábhartha (6). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci (daonraí Eopracha), Diaprepes abbreviatus agus Scirtothrips dorsalis mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe ar a dtugtar tuairisc sa sainchomhad agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin. |
(6) |
Ar bhonn na tuairime ón Údarás, maidir leis an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as tabhairt isteach na bplandaí ábhartha i gcríochan Aontais, meastar go bhfuil sé laghdaithe go leibhéal inghlactha. |
(7) |
Dá réir sin, níor cheart a mheas a thuilleadh gur plandaí a mbaineann ardriosca leo iad plandaí Ligustrum ovalifolium agus Ligustrum vulgare le haghaidh plandú, ar plandaí nach plandaí beangaithe iad atá suas le 7 bliana d’aois, a bhfuil trastomhas uasta 40 mm acu ag bonn an ghais agus atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a bhaint den liosta de na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir. |
(9) |
Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sna sainchomhaid, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a eascraíonn as na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a ghlacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais a áirithiú. |
(10) |
Liostaítear Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha) mar lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus liostaítear Scirtothrips dorsalis mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
(11) |
Ní áirítear Diaprepes abbreviatus sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais go fóill. Ní mór measúnú riosca lotnaide iomlán a chur ar fáil chun a chinneadh an bhfuil an lotnaid le liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an bhfuil na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, chomh maith leis na ceanglais shonracha ábhartha, le liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin mar thoradh air sin. |
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/2019-12-14.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2019/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 maidir leis na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1213/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(5) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87)) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha an Rialacháin seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
(6) EFSA PLH Panel (EFSA Panel on Plant Health) [Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí)], 2024. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Ligustrum ovalifolium and Ligustrum vulgare plants from the UK.. [Tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Ligustrum ovalifolium agus Ligustrum vulgare ón Ríocht Aontaithe.] https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8495.
IARSCRÍBHINN I
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, i dtábla phointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘ Ligustrum L., seachas plandaí Ligustrum delavayanum agus Ligustrum japonicum atá suas le 20 bliain d’aois le haghaidh plandú i ndamhna fáis, a bhfuil trastomhas uasta 18 cm acu ag bonn an ghais agus atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe’:
‘ Ligustrum L., seachas:
— |
plandaí Ligustrum delavayanum agus Ligustrum japonicum atá suas le 20 bliain d’aois le haghaidh plandú i ndamhna fáis, a bhfuil trastomhas uasta 18 cm acu ag bonn an ghais agus atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; agus |
— |
plandaí Ligustrum ovalifolium agus Ligustrum vulgare le haghaidh plandú, ar plandaí nach plandaí beangaithe iad atá suas le 7 bliana d’aois, a bhfuil trastomhas uasta 40 mm acu ag bonn an ghais agus atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’ |
IARSCRÍBHINN II
I dtábla na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh ‘ Ligustrum delavayanum agus Ligustrum japonicum, plandaí atá suas le 20 bliain d’aois le haghaidh plandú i ndamhna fáis agus a bhfuil trastomhas uasta 18 cm acu ag bonn an ghais.’ agus na hiontrála ‘ Malus sylvestris, plandaí atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú agus a bhfuil trastomhas uasta 40 mm acu ag bonn an ghais’:
Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile |
Cód CN |
Tríú tíortha tionscnaimh |
Bearta |
||||||||||||||
‘Ligustrum ovalifolium agus Ligustrum vulgare, plandaí nach plandaí beangaithe iad atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú agus a bhfuil trastomhas uasta 40 mm acu ag bonn an ghais. |
ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 48 |
an Ríocht Aontaithe |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1436/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)